Tá stair agus nimh idir La Rochelle agus Cúige Laighean

Is é an cluiche idir na Laighnigh agus La Rochelle i gCorn na gCuradh coimhlint mhór an deireadh seachtaine ach tá cluiche tábhachtach freisin ag Connachta i gCorn an Dúshláin

Tá stair agus nimh idir La Rochelle agus Cúige Laighean

Ag tús an deireadh seachtaine seo caite bhí na ceithre chúige fós sa dá chomórtas Eorpach, Corn na gCuradh agus Corn an Dúshláin, ach faoi thráthnóna an Domhnaigh ní raibh ach trí chúige, Laighin, Connachta agus Ulaidh, fós san iomaíocht.

In ainneoin tréan-iarrachta, theip ar na Muimhnigh agus iad as baile i Northampton babhtaí leathcheannais an deireadh seachtaine seo a bhaint amach sa gcomórtas sinsearach, Corn na gCuradh. An URC arís, an t-aon seans ar chraobh atá fágtha ag curaidh an chomórtais.

Malairt scéil a bhí ag na Laighnigh, agus iadsan ag aimsiú bua go breá compordach (36-22) i gcoinne na Leicester Tigers, bua a chinntigh go mbeadh cluiche ceathrú ceannais baile acu i gcoinne La Rochelle amárach.

Bhuel, níl a fhios agam an féidir nó ar cheart an focal ‘namhaid’ a úsáid i gcomhthéacs cluiche, ach más féidir is cinnte go bhfuil namhaid mhór amháin ag Cúige Laighean i gcomórtas Chorn na gCuradh, sin La Rochelle na Fraince agus iad faoi chúram Ronan O’Gara, dar ndóigh. Faoi dhó a chas na foirne seo ar a chéile sa chluiche ceannais sa dá shéasúr atá caite (2022 agus 2023) agus faoi dhó a thug La Rochelle an chraobh leo.

Mar a tharlaíonn is sa mbabhta ceathrú ceannais atá na foirne seo ag casadh ar a chéile den dara huair i gcomórtas na bliana seo. Creideann go leor go mbeidh leathghreim ar an gcraobh ag pé foireann a thugann an lá leo sa gcoimhlint i Staid Aviva amárach. Tá stair agus b’fhéidir nimh idir na foirne seo, rud a chuireann go mór leis an tsuim atá á cur sa gcluiche seo ar fud an domhain. Ní iontas ar bith é nach bhfuil fáil ar thicéad le cúpla lá!

Is cinnte gur buntáiste ar leith do Chúige Laighean a bheith ag imirt sa mbaile. Mar sin féin, is fiú a mheabhrú gur i Staid Aviva a imríodh an cluiche ceannais anuraidh agus ba iad na cuairteoirí a d’ardaigh an corn (27-26).

Tá mise cinnte go mbeidh bua i dtrí Chorn na gCuradh le cúl a chéile mar sprioc ag La Rochelle. Sin éacht nach bhfuil bainte amach ag aon fhoireann fós. Ach tá mé cinnte freisin go mbeidh an cluiche réamhbhabhta a d’imir na foirne seo i gcoinne a chéile i mí na Nollag seo caite go mór ar intinn Ronan O’Gara mar go bhfuair Cúige Laighean an ceann is fearr (16- 9) ar La Rochelle agus iadsan ag imirt sa mbaile. Ba é an bua sin sa mbáisteach, sa bhFrainc, an chéad uair as ceithre hiarracht ar éirigh le fir Leo Cullen na Francaigh seo a cheansú. Is cinnte go mbeidh an bua sin mar spreagadh agus mar ábhar dóchais ag foireann Átha Cliath.

Ní raibh Cúige Laighean thar mholadh beirte agus iad ag cur na Leicester Tigers ó dhoras an Satharn seo caite. Bhí neart le ceartú acu i rith na seachtaine. B’ionann an cás ag La Rochelle agus iad i gcoinne na Stormers in Cape Town.

Má dhéantar anailís ar imirt La Rochelle, agus ar na cluichí idir iad féin agus Cúige Laighean go háirithe, is léir gur sa bhfiche nóiméad deiridh a thagann údarás La Rochelle chun cinn. Sa tréimhse sin den chluiche a thagann mórtas, aclaíocht, agus níos mó ná tada eile, fisiciúlacht na bhFrancach chun suntais. Má éiríonn le Cúige Laighean an fód a sheasamh ag an tráth sin níl cúis ar bith nach mbeadh siad ag imirt sna babhtaí leathcheannais.

Tá mé cinnte faoi rud amháin: tá bunábhar iontach againn le haghaidh sárchluiche rugbaí.

Dála an scéil, má bhíonn an bua ag Cúige Laighean is i bPáirc an Chrócaigh a bheas an cluiche leathcheannais sin á imirt.

Cé go raibh mise ag tabhairt seans do Chúige Chonnacht agus Cúige Uladh agus iadsan ag imirt i ndeisceart na Fraince sa gcomórtas sóisearach an tseachtain seo caite, bhí imní orm mar gurbh as baile a bhí siad.

Bhí bua nach raibh mórán ag súil leis ag na hUltaigh ar Montpellier (40-17). Déanta na fírinne, is mó baint a bhí ag an gcaoi ar thit Montpellier as a chéile sa dara leath leis an toradh sin ná aon ghaisce a rinne na hUltaigh. Ach is cuma leis na hUltaigh. Is iadsan atá ag imirt sa gcluiche ceathrú ceannais amárach i gcoinne Clermont na Fraince sa gcathair sin. Beidh Cúige Uladh ag súil le cur le dea-thoradh an deireadh seachtaine seo caite, rud nach mbeidh ró-éasca.

Bhuel, níl aon dabht ann ach go ndearna na Connachtaigh aiséirí agus éacht agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Pau. Is ar an Iodáil atá a dtriall amárach le tabhairt faoi Benetton sa mbabhta ceathrú ceannais de Chorn an Dúshláin. Beidh gá le tuilleadh den sprid agus an fhéinmhuinín sin a tháinig chun solais i bPau. Cuimhnigh gur chaill Cúige Chonnacht (18-14) i Treviso i gcoinne Benetton i mBabhta 13 den URC coicís ó shin.

Fág freagra ar 'Tá stair agus nimh idir La Rochelle agus Cúige Laighean'