Ard-dúshlán roimh na Muimhnigh in Pretoria

Ní bhíonn tada éasca ag baint ariamh le turas dhá chluiche URC ar an Afraic Theas

Ard-dúshlán roimh na Muimhnigh in Pretoria

Pictiúr: INPHO/Steve Haag Sports/Christiaan Kotze

Ní dóigh go raibh de rogha ag Leo Cullen ach an chuid is mó dá chéad rogha imreoirí a fhágáil sa mbaile chun réiteach ceart a dhéanamh do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt i bPáirc an Chrócaigh faoi cheann coicíse.

Fágann sin deis iontach eile ag ógánaigh an chúige aird a tharraingt orthu féin ach ag an am céanna is fiú a mheabhrú nach mbíonn tada éasca ag baint ariamh le turas dhá chluiche URC ar an Afraic Theas. Tá na Muimhnigh i mbád den chineál  ceannann céanna agus iadsan iad féin ag taisteal go dtí an limistéar sin, ach níl aon chluichí Eorpacha ag cur as dóibhsean.

Is iad na hUltaigh, foireann eile a fuair bata agus bóthar as na comórtais Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite nuair a chaill siad go dona i gcoinne Clermont (53-14) i gCorn an Dúshláin is túisce atá ag dul chun páirce i mBabhta 14 den URC anocht. Tá an t-ádh dearg ar Chúige Uladh gur acu atá buntáiste an bhaile agus gur i gcoinne Caerdydd, foireann atá sa dara háit déag ar an tábla, gan ach trí bhua cláraithe acu as trí chluiche dhéag. Is deacair tada eile seachas bua baile a thuar, in ainneoin Cúige Uladh a bheith in ísle brí faoi láthair.

Tabharfaidh Cúige Laighean, foireann atá ar bharr an tábla, faoi na Lions i Johannesburg amárach. Tá bearna deich n-áit agus scór pointí idir na foirne seo ach ní féidir comparáid a dhéanamh idir an fhoireann atá Leo Cullen a chur chun páirce amárach agus an ceann a bhuail La Rochelle seachtain ó shin. Caithfidh ógánaigh Laighean imirt ag airde nach bhfuil mórán taithí acu uirthi, ach mar sin féin tá mise sásta leathsheans a thabhairt do na cuairteoirí. Cuimhnigh go ndearna na himreoirí seo éacht agus iad ag imirt as baile cúpla uair an séasúr seo.

Ní túisce a bheas an cluiche sin thart ná go gcuirfidh Cúige Mumhan chun páirce cúpla míle síos an bóthar in Pretoria agus iad i gcoinne na mBulls. Dúshlán de chineál eile ar fad atá sa gcoimhlint seo. Sa tríú háit atá na Bulls, áit amháin agus dhá phointe chun cinn ar Chúige Mumhan agus iad cleachta go  maith ar imirt ag an airde sin. Is fiú a mheabhrú freisin nár chuir na Bulls mórán dá gcéad rogha imreoirí go Sasana an Satharn seo caite chun imirt i gcoinne Northampton i gCorn na gCuradh. Sea, seans gurb é an URC an chloch is mó ar a bpaidrín. Tá dúshlán mór roimh na Muimhnigh go cinnte.

Sa mbaile ar an mBóthar Beag i Staid Dexcom atá Cúige Chonnacht, foireann eile gan suim feasta acu in aon chomórtas Eorpach, agus iad ag tabhairt faoi Zebre na hIodáile.

Ach an oiread le Cúige Uladh, tá an t-ádh ar Chúige Chonnacht freisin gur i gcoinne Zebre atá siad, foireann atá ar íochtar an tábla agus gan ach bua amháin cláraithe acu an séasúr seo. Tá deis iontach ag na Connachtaigh  bua le pointe bónais agus cúig phointe a aimsiú amárach agus iad féin a ardú go dtí an t-ochtú háit nó níos airde ar thábla an URC.  De bharr gur thug Cúige Chonnacht taispeántas chomh lag agus chomh náireach sin i gcoinne Treviso an Domhnach seo caite, tá  géarghá ag na Connachtaigh le bua amárach, ní hamháin ar mhaith lena gcuid iarrachtaí iad féin a bhrú suas tábla an URC ach ar mhaithe lena gclú is a gcáil freisin.

Fág freagra ar 'Ard-dúshlán roimh na Muimhnigh in Pretoria'