Tús curtha láithreach bonn ag Biden le cealú pholasaithe Trump

Cuireadh fáilte go háirithe roimh chinneadh Biden tacú arís le Comhaontú Pháras, an t-aontú idirnáisiúnta ar mhaithe le tubaiste athraithe aeráide a sheachaint

Tús curtha láithreach bonn ag Biden le cealú pholasaithe Trump

Tá tús curtha láithreach bonn ag Uachtarán nua Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden le polasaithe nua a thabhairt isteach mar mhalairt ar chur chuige a réamhtheachtaí, Donald Trump. 

Fágann na hathruithe go mbeidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú athuair le Comhaontú Aeráide Pháras agus go gcuirfear stop le tógáil an bhalla ar theorainn Mheicsiceo.

Tá polasaithe á dtabhairt isteach aige le déileáil le paindéim an choróinvíris, an cúlú eacnamaíochta, an inimirce, cúrsaí éagsúlachta agus athraithe aeráide. 

Cuireadh fáilte go háirithe roimh an gcinneadh tacú arís le Comhaontú Pháras, an t-aontú idirnáisiúnta ar mhaithe le tubaiste athraithe aeráide a sheachaint. 

“Fáilte ar ais go dtí Comhaontú Pháras!” arsa Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron.

17 ordú feidhmiúcháin, meamraim agus forógraí a shínigh Biden ar a chéad lá san Oval Office.

De réir ceann acu, beidh sé riachtanach feasta masc a chaitheamh i bhfoirgnimh fheidearálacha.  Ba mhinic Donald Trump ag fonóid faoi chaitheamh mascanna chun dul i ngleic leis an bpaindéim, a bhfuil breis is 400,000 duine curtha den saol aici i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Chun pacáiste tarrthála €1.9 trilliún a chur ar fáil beidh Biden ag brath ar thacaíocht fheisirí na Comhdhála, mar a bhfuil an Páirtí Daonlathach anois i gceannas ar an dá Theach.

D’iarr Biden ar Lárionaid um Ghalair a Chosc agus a Rialú na Stát Aontaithe an cosc ar dhaoine a chaitheamh amach as a dtithe a choinneáil i bhfeidhm go dtí deireadh an Mhárta agus d’iarr sé ar an Roinn Oideachais faoiseamh a thabhairt do mhic léinn ó aisíocaíochtaí iasachtaí oideachais go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair. 

D’ordaigh sé d’oifigigh dul chun oibre chun an clár cuidithe do dhaoine a tháinig chun na tíre ina n-inimircigh mar leanaí óga a choinneáil. D’éirigh leis an gclár sin na mílte duine a tháinig go Meiriceá ina bpáistí a choinneáil óna ndíbirt. 

Insealbhaíodh Joe Biden mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá inné. Ina chéad óráid, d’iarr sé ar dhaoine oibriú as lámha a chéile leis na dúshláin atá roimh an tír a shárú.

Dúirt sé gur lá dóchais a bhí ann agus go gcuideodh sé féin le “fórsa ar son na maitheasa a dhéanamh de Mheiriceá arís sa domhan.“

“Cloisfear an t-éileamh ar son chearta gach cine, ní chuirfear fís an chirt ar an méar fhada níos mó,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Tús curtha láithreach bonn ag Biden le cealú pholasaithe Trump'