‘Tá an lá leis an daonlathas’ – Joe Biden insealbhaithe mar an 46ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Agus é ina sheasamh sa spota céanna inar thug léirseoirí ruathar faoin gCaipeatól coicís ó shin, dúirt an tUachtarán Biden go raibh sé in am éirí as reitric na deighilte, an cantal a mhaolú, éisteacht a thabhairt dá chéile agus meas a bheith ag daoine ar a chéile

‘Tá an lá leis an daonlathas’ – Joe Biden insealbhaithe mar an 46ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Agus Joe Biden insealbhaithe mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna, d’iarr sé ar dhaoine oibriú as lámh a chéile leis na dúshláin atá roimh an tír a shárú.

“Seo é lá Mheiriceá, seo é lá an daonlathais,” a dúirt Biden agus é ag cur tús lena chéad óráid. 

“Tá an lá leis an daonlathas,” a dúirt an tUachtarán agus é ag aithint san am céanna go raibh “go leor le déanamh geimhreadh seo na contúirte agus na féidearthachta”. 

“Leis na dúshláin sin a shárú, leis an spiorad a athbheochan  agus todhchaí Mheiriceá a shlánú, teastaíonn i bhfad níos mó ná caint, teastaíonn an rud is deacra a aimsiú i dtír dhaonlathach: an t-aontas.” 

Ag baint macalla as focail Abraham Lincoln, dúirt sé go gcuirfeadh sé a chroí agus a anam san obair a bhain le Stáit Aontaithe Mheiriceá a aontú mar náisiún.

Chaithfí deireadh a chur leis an “uncivil war”, a dúirt sé.

Dúirt sé gur lá dóchais a bhí ann agus go gcuideodh sé féin le “fórsa ar son na maitheasa a dhéanamh de Mheiriceá arís sa domhan.“

“Cloisfear an t-éileamh ar son chearta gach cine, ní chuirfear fís an chirt ar an méar fhada níos mó,” a dúirt sé.

Gheall Biden go gcloífí an sceimhlitheoireacht laistigh den tír agus an forchiníochas geal. 

Dúirt sé go raibh fórsaí ann a chothaíonn deighilt i Meiriceá  a bhí “fíor agus domhain” ach nach aon “rud nua” é sin. Bhí an cath i gcoinne an “dúchasachais agus an chiníochais” ag dul ar aghaidh le fada. 

“Mura bhfuil pobal againn ní dhéanfar aon dul chun cinn agus ní bheidh síocháin ná náisiún againn. Ní bheidh againn ach cíor thuathail,” a dúirt an tUachtarán. 

Aontas agus deireadh leis na scoilteanna a bhí ann le tamall a bhí á n-éileamh ag an Uachtarán nua agus é ag déanamh a chéad óráid ó éadan thiar an Chaipeatóil in Washington.

Tamall gearr roimhe sin chuir Kamala Harris a hainm sa Táin agus í ar an gcéad bhean a cuireadh faoi mhionn na leasuachtaránachta i Meiriceá. 

Tá sé 212 bliain ó ceapadh John Adams ina chéad leas-uachtarán ar Mheiriceá ach an lá stairiúil seo insealbhaíodh an chéad bhean agus an chéad duine den chine dubh mar Leas-Uachtarán. 

Dúirt Joe Biden nach raibh sé dall ar na dúshláin a bhí roimhe, ach dúirt sé nach bhfuil rud ar bith nach féidir le Meiriceánaigh a dhéanamh ach comhoibriú le chéile.

Kamala Harris

Ar chneasú agus tús nua lán dóchais a labhair sé tráth a bhfuil géarchéim sláinte, aighneas ciníoch agus easaontas go leor sa tír.

Meiriceá Aontaithe an t-aon bhealach le déileáil leis na géarchéimeanna móra atá ag bagairt ar an náisiún, a dúirt sé. 

Ní raibh sé chomh riachtanach riamh go seasfadh an pobal ar fad le chéile mar “náisiún”. 

Gheall Biden go mbeadh sé féin ina Uachtarán do chuile dhuine sa tír. 

Thug sé gealltanas chomh maith do na daoine sin a vótáil do Donald Trump, a lán acu a chreideann go fóill gur ghoid Biden an toghchán, agus dúirt sé go seasfadh sé do gach Meiriceánach cibé ar vótáil siad ar a shon nó ina choinne. 

“Ní gá gur bladhmsach thine a bheadh sa pholaitíocht agus í ag scrios gach a bhfuil roimpi. Ní gá gur cogadh dearg an toradh a bhíonn ar gach malairt tuairime. Caithfimid diúltú don chultúr sin ina ndéantar na fíricí féin a ionramháil nó a chumadh,” a dúirt sé.

Seasamh gualainn ar ghualainn mar Mheiriceánaigh agus mar Stáit Aontaithe Mheiriceá an t-aon bhealach “a chuirfimid an anacair seo dínn”, a dúirt an tUachtarán. 

Thagair sé do na dúshláin atá le sárú ag na Stáit Aontaithe agus na hathruithe móra polasaí atá le déanamh le déileáil leis an  bpaindéim agus le cúrsaí amhail an t-athrú aeráide. 

Agus é ina sheasamh sa spota céanna inar thug léirseoirí ruathar faoin gCaipeatól coicís ó shin, dúirt an tUachtarán go raibh sé in am éirí as reitric na deighilte, an cantal a mhaolú, éisteacht a thabhairt dá chéile agus meas a bheith ag daoine ar a chéile. 

“Tá ceacht pianmhar foghlamtha againn le cúpla seachtain agus cúpla mí. Tá an fhírinne ann agus tá an bhréag ann,” a deir Biden. 

Tá sé i gceist ag an Uachtarán nua tosú láithreach bonn ar pholasaithe nua a thabhairt isteach le déileáil le paindéim an choróinvíris, an cúlú eacnamaíochta, an inimirce, agus cúrsaí éagsúlachta agus athraithe aeráide. 

Tuairiscítear go bhfuil faoin Uachtarán Biden 17 ordú feidhmiúcháin, meamraim agus forógraí a shíniú san Oval Office inniu.

Bhí fórsa trúpaí 25,000 tugtha go dtí Washington inniu leis an tslándáil a chur i bhfeidhm agus imní ann de bharr na círéibe ansin coicís ó shin. Ní raibh na mílte i láthair ag an ócáid inniu de bharr srianta na paindéime.  

D’fhág an tUachtarán Trump an Teach Bán ar maidin agus bhí searmanas beag le slán a fhágáil leis ag Bunáit Andrews in Maryland sular thug sé a aghaidh ar Florida. Gheall Trump go mbeadh sé ar ais arís “faoi chló éigin”.

In 1869 an uair dheiridh nár fhreastail iarUachtarán ar insealbhú a chomharba. Ní dheachaigh Andrew Johnson chuig insealbhú Ulysses S Grant an uair sin.

Fág freagra ar '‘Tá an lá leis an daonlathas’ – Joe Biden insealbhaithe mar an 46ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá'