TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil

Tá bagairtí eacnamaíocha na hEorpa tar éis rialtas Bolsonaro a spreagadh i mbun gnímh, ach ní hionann sin is a rá gur chóir ná gur chothrom smachtbhannaí a chur ar an mBrasaíl

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil

Tá eitleáin mhúchta tine de chuid aerfhórsa na Brasaíle i mbun oibre os cionn dufair na hAmasóine le dhá lá anuas agus tá suas go 44,000 saighdiúir de chuid arm na tíre á gcur ar fáil chun dul i ngleic leis na falscaithe is measa sa réigiún le deich mbliana anuas.

Más mall is mithid, agus is dóichí ná a mhalairt nach rachadh rialtas Jair Bolsonaro i mbun gnímh ar chor ar bith murach an brú idirnáisiúnta ollmhór atá á chur ar an mBrasaíl le roinnt laethanta anuas.

Ní raibh coinne ar bith, de réir cosúlachta, leis an mbrú céanna. Baineadh siar go mór as rialtas Bolsonaro, atá ag brath go mór ar bhrúghrúpaí láidre talmhaíochta, nuair a mhol an Fhionlainn, atá ina huachtarán ar an AE faoi láthair, Dé hAoine go ndéanfaí baghcat ar fheoil ón mBrasaíl agus nuair a d’fhógair Leo Varadkar na hÉireann agus Emmanuel Macron na Fraince an lá céanna nach dtabharfaidís a mbeannacht don chomhaontú nua trádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosul mura gcloífeadh an Bhrasaíl lena gealltanais timpeallachta.

Ba léir don dall anseo sa Bhrasaíl gurb é leas na heacnamaíochta ina dtíortha féin, seachas caomhnú na timpeallachta, a bhí ar a n-aigne ag Varadkar agus Macron.

Mar sin féin, ba leor an dochar a rinneadh d’íomhá na Brasaíle go hidirnáisiúnta agus an faitíos go gcuirfí as a thuilleadh do gheilleagar lag na tíre chun gnáthmhuintir na Brasaíle a spreagadh i mbun gnímh. Agus aitheasc á thabhairt uaidh ar an teilifís ag an uachtarán Bolsonaro oíche Aoine, rug na céadta míle duine fud fad na tíre ar photaí agus ar phannaí agus thug batráil dóibh, an bealach traidisiúnta a bhíonn ag muintir na Brasaíle chun a míshástacht lena gceannairí a chur in iúl. Ba é sin an chéad uair gur tharla panelaço dá leithéid ó tháinig Jair Bolsonaro i gcumhacht ag tús na bliana seo agus b’ábhar suntais an bhatráil a tugadh don trealamh cócaireachta i gceantracha meánaicmeacha inar thug móramh vóta don uachtarán fíorchoimeádach i dtoghchán na bliana seo caite.

Ach más rud é gur bagairtí eacnamaíocha a spreag an Bhrasaíl i mbun gnímh, ní hionann sin is a rá gur chóir ná gur chothrom smachtbhannaí timpeallachta nó a leithéid a chur i bhfeidhm ar earraí ón mBrasaíl dáiríre.

Géarú ar an ngéarchéim eacnamaíochta, ar an dífhostaíocht, ar an éagothroime agus ar an mbochtanas an toradh a bheadh air sin. Is iad an 13 milliún Brasaíleach atá gan phost cheana féin agus na scórtha milliún eile a mbíonn deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail a d’íocfadh an praghas sa chás sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil'