TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2021

Foilsítear anseo tuairisc bheo Tuairisc.ie ar gach cor i scéal Buiséad 2021, ag áireamh na scéalta is déanaí faoi chás na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán

TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2021

[live id=”b5f6bb” datetime=”2020-10-13T15:59:03+00:00″]

‘D’fhéadfadh sibh i bhfad níos mó a bheith déanta agaibh inniu’

Tá an Buiséad cáinte ag páirtithe an fhreasúra toisc, a deir siad, gur theip ar an Rialtas deireadh a chur leis an éagothromaíocht  phá do dhaoine atá ag obair ar an líne thosaigh.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur fhág an Rialtas oibrithe agus a dteaghlaigh ar an ngannchuid.

D’éiligh sé go gcuirfí ar ceal an laghdú a rinneadh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) agus dúirt sé nár chóir go mbeadh ar dhaoine faoi mhíchumas a bheith ag síorthroid ar son a gceart.

“D’fhéadfadh sibh i bhfad níos mó a bheith déanta agaibh inniu, bhí i bhfad níos mó le déanamh,” a dúirt Doherty.

Mhaígh sé gur léirigh an chaoi ar mhian leis an Rialtas ardú pá a thabhairt d’airí rialtais agus an PUP á ghearradh acu nach dtuigeann an rialtas in aon chor conas mar atá ag daoine.

Dá mbeadh Sinn Féin i mbun an Bhuiséid seo, a dúirt sé, d’ardóidís an pinsean do chuile dhuine atá ina theideal agus ní leor in aon chor aois an phinsin a bheith ag fanacht ag 66, seachas 67 mar a bhí á phleanáil roimhe seo.

[/live]

[live id=”ab06fa” datetime=”2020-10-13T15:18:27+00:00″]

TG4 sásta…

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh an scéala go mbeidh €3.5 milliún breise ag an stáisiún in 2021.

Fágann fógra an lae inniu gur €40.7 milliún a bheidh ag TG4 ón státchiste an bhliain seo chugainn.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Tá muid an-bhuíoch den Aire, den Roinn agus den Rialtas as an tacaíocht shuntasach bhreise do TG4 in 2021.  Léiríonn an infheistíocht seo an mhuinín atá acu as foireann TG4, as earnáil na léiriúchán neamhspleách, as ár straitéis lucht féachana agus as ár straitéis don earnáil chlosamhairc réigiúnach.

“Leanfaidh Bord agus bainistíocht TG4 orthu, in éineacht lenár gcomhpháirtithe ar fad, ag iarraidh athshamhlú a dhéanamh ar ról agus ar stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i sochaí na hÉireann.  Creideann muid gur cheart go mbeadh na meáin agus na healaíona i lár na físe athshamhlaithe sin.”

€4.1 milliún breise a bhí á lorg ag TG4 sa bhuiséad, ach is é seo an méadú is mó atá faighte ag an stáisiún ó 2008.

[/live]

[live id=”e3f068″ datetime=”2020-10-13T15:11:18+00:00”]

Tá Aire Stát na Gaeltachta, Jack Chambers, “an-sásta” scéala an bhuiséid a fhógairt.

[/live]

[live id=”79e6c5″ datetime=”2020-10-13T15:03:18+00:00″]

Buiséad na Gaeilge

Beidh buiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta 23% níos mó an bhliain seo chugainn ná mar a bhí sé in 2020. Ardú ó €64 milliún go dtí €78 milliún atá i gceist, a dúirt an tAire Michael McGrath.

Ardú suntasach is ea €14 milliún, go háirithe i bhfianaise na gciorruithe agus na n-arduithe suaracha a bhí i gceist le blianta.

Ach féach go bhfuil buiséad na Comhairle Ealaíon méadaithe 62.5%, ó €80 milliún go dtí €130 milliún.

Is minic buiséad na Comhairle Ealaíon á chur i gcomparáid le buiséad Fhoras na Gaeilge. €1.7 milliún d’ardú a fuair an Foras Teanga, i gcomparáid le €50 milliún don Chomhairle Ealaíon.

[/live]

[live id=”0cd83c” datetime=”2020-10-13T15:02:01+00:00″]

€1.8 billiún curtha ar fáil don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus tá €341 milliún sa mBuiséad don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn a bhfuil cúram na n-oileán uirthi anois.

[/live]

[live id=”4bdc13″ datetime=”2020-10-13T14:48:36+00:00″]

Íocfar bónas na Nollag leo siúd atá ar íocaíocht dífhostaíochta na paindéime má tá siad ar an liúntas paindéime le ceithre mhí ar a laghad.

Beidh ardú €3.50 ar an liúntas breosla, rud a d’fhágfadh €28 sa tseachtain ag teaghlach atá ina theideal.

[/live]

[live id=”844449″ datetime=”2020-10-13T14:41:24+00:00″]

Tá sé i gceist suas le 620 Garda Síochána nua a fhostú agus 500 eile a fhostú sa bhfoireann riaracháin an bhliain seo chugainn.

[/live]

[live id=”f8a00a” datetime=”2020-10-13T14:33:21+00:00″]

€3.3 billiún curtha ar fáil don Roinn Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Ardófar an deontas d’iarchéimithe ó €2,000 go €3,500, agus feasta €54,000 an tairseach ioncaim a bheidh i gceist chun deontas a fháil seachas an €30,000 atá ann faoi láthair.

[/live]

[live id=”9bab7e” datetime=”2020-10-13T14:30:49+00:00″]

€8.9 billiún ar fad don Roinn Oideachais sa mBuiséad.

Infheistíocht €2 billiún chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Cruthófar 990 post nua do chúntóirí riachtanais speisialta agus 403 post do mhúinteoirí oideachas speisialta.

[/live]

[live id=”3cccb7″ datetime=”2020-10-13T14:29:36+00:00″]

Ciste na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá €14 milliún breise fógartha i mBuiséad 2021 do Roinn na Gaeltachta.

– Údarás na Gaeltachta – €8 milliún

– An Foras Teanga – €1.7 milliún

– Scéimeanna teanga – €2.8 milliún

– An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – €1.3 milliún.

Cuirfear €3.5 milliún breise ar fáil do TG4 in 2021.

[/live]

[live id=”7b5821″ datetime=”2020-10-13T14:12:26+00:00″]

Cuirfear €5.2 billiún ar fáil do chúrsaí tithíochta, an infheistíocht is mó riamh.

Cuirfear €500 milliún ar fáil do thithe sóisialta agus cuirfear 12,750 teach sóisialta breise ar fáil agus is amhlaidh a thógfar 9,500 acu sin.

€22 milliún breise le caitheamh ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean.

[/live]

[live id=”bac0c8″ datetime=”2020-10-13T14:08:39+00:00″]

Tá roinnt fógraí déanta ag an Aire Caiteachais Phoiblí, ag áireamh €500 milliún eile do ghnóthaí. €300 milliún curtha ar leataobh d’fhaoiseamh eile fógartha i dtaobh rátaí tráchtála. €44 milliún breise d’Uisce Éireann, €80 milliún do thógáil agus athchóiriú scoileanna.

Tá os cionn €10 billiún á chur ar fáil do thograí caipitil sa Bhuiséad, an tsuim is mó riamh, a deir McGrath.

Tá €340 milliún eile fógartha chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht in 2021 agus €600 milliún breise a bheidh ar fáil do thograí infreastruchtúir.

[/live]

[live id=”13f0cf” datetime=”2020-10-13T13:58:06+00:00″]

Sa mBuiséad seo a fheicfear an t-ardú is mó riamh ar chaiteachas ar chúrsaí sláinte a deir an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath.

Cuirfear €4 billiún sa bhreis i leataobh le go bhféadfaidh an córas sláinte déileáil le géarchéim Covid-19.

[/live]

[live id=”68490a” datetime=”2020-10-13T13:47:34+00:00″]

Ní mór na ciorruithe cánacha atá sa Bhuiséad.  Mar sin féin tá an uasteorainn don dara ráta den USC le hardú ó €20,484 go dtí €20,687.  Ardófar an tairseach PRSI d’fhostóirí €394 go dtí €398 ardófar an tacaíocht ar ioncam tuillte €150 go dtí €1,650. Ardú €70 go dtí €245 ar an liúntas gaoil chleithiúnaigh.

Beidh liúntas cánach ar fáil do dhaoine atá ag obair sa mbaile i dtaca le costais leathanbhanda.

50 cent breise a bheidh ar bhosca toitíní. €14 ar bhosca anois.

[/live]

[live id=”940893″ datetime=”2020-10-13T13:45:08+00:00″]

Ardófar an cháin charbóin €7.50 an tonna ó mheán oíche anocht agus tiocfaidh ardú €7.50 ar an gcáin sin gach bliain as seo go dtí 2029. Ardófar an cháin €6.50 ansin in 2030.

[/live]

[live id=”0ce5da” datetime=”2020-10-13T13:37:35+00:00″]

Earnáil an fháilteachais is measa atá buailte ag an bpaindéim agus le cuidiú leis an earnáil, ísleofar an ráta CBL ó 13.5% go 9%, mar a rinneadh sa gcúlú eacnamaíochta deiridh. Beidh an ráta nua i bhfeidhm idir an 1 Samhain 2020 agus mí na Nollag 2020.

[/live]

[live id=”fbeb9a” datetime=”2020-10-13T13:37:13+00:00″]

Beidh scéim le cuidiú leis an gnóthaí sin a mbeidh orthu dúnadh de bharr srianta Leibhéal 3, Leibheál 4 nó Leibhéal 5. Cuirfear íocaíochtaí seachtainiúla suas le €5,000 ar fáil.

[/live]

[live id=”ae01a6″ datetime=”2020-10-13T13:29:48+00:00″]

€20.5 billiún an t-easnamh a bheidh ar an mbuiséad i mbliana.

€17.75 billiún an pacáiste buiséid, an ceann is mó i stair an stáit. Baineann 17 billiún le caiteachas agus 750 milliún le cánacha. €8.5 billiún de sin le caitheamh ar sheirbhísí poiblí chun dul i ngleic le Covid-19.

€3.8 billiún le dáileadh ar ranna éagsúla le tacú le seirbhísí atá ann cheana féin.

€1.6 billiún do chláir chaipitil agus €3.4 billiún do Chiste Teárnaimh nua le fostaíocht a chruthú agus éileamh a chothú.

[/live]

[live id=”02e00f” datetime=”2020-10-13T13:16:41+00:00″]

Óráid an Aire…

Tá tús curtha ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe lena óráid san Ionad Comhdhála. (Seo an chéad uair go bhfuil Buiséad á fhógairt in áit eile seachas Teach Laighean).

Ar mhaithe le beatha daoine a shábháil agus postanna daoine a chosaint atá Buiséad 2021, a deir sé.

Tagraíonn sé ar dtús do na dúshláin atá roimh an stát i dtaobh na paindéime agus an Bhreatimeachta. Éiginnteacht mhór ag baint leis an ré ina mairimid, a deir sé. An Covid-19 an namhaid is mó a tháinig ár dtreo ó bhunú an stáit, arsa an tAire Airgeadais.

Ní leor, áfach, díriú ar dhúshláin mhóra an mheántéarma amháin, ar sé. Deir sé go gcaithfear bunchuspóirí an Rialtais a chur chun cinn chomh maith – sin tuilleadh tithíochta, córas sláinte níos fearr agus plean níos fearr le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

‘As luaithreach na paindéime, tógfaimid Éire níos láidre,” a deir Pascal Doonohoe.

Tá €24.5 billiún caite cheana féin ag an Rialtas ar an iarracht dul i ngleic leis an bpaindéim. Caillfear 320,000 post in 2020 ach cruthófar 155,000 post nua in 2021.

[/live]

[live id=”eae4d9″ datetime=”2020-10-13T12:54:30+00:00″]

Ardú aisteach don Ghaeilge?

Buiséad aisteach atá romhainn i mbliain thar a bheith aisteach agus beidh eagraíochtaí teanga ag súil le fógra an-aisteach inniu chomh maith – ardú le dealramh ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Meastar go bhfógrófar ardú roinnt milliún i gciste na Gaeilge inniu agus gur chuig Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 a rachaidh a fhormhór.

Is féidir an scéal is déanaí a léamh anseo.

Súil le hardú maoinithe do roinnt eagraíochtaí Gaeilge i mBuiséad 2021

[/live]

[live id=”aa1b77″ datetime=”2020-10-13T12:52:48+00:00″]

Buiséad Shinn Féin

Aengus O Snodaigh TD. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Seo an chéad bhuiséad ag Sinn Féin mar phríomhpháirtí an fhreasúra agus a n-urlabhraí airgeadais Pearse Doherty an chéad duine a chloisfear sa Dáil inniu i ndiaidh óráidí Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, agus Michael McGrath, an tAire Caiteachais Phoiblí.

Beifear ag súil le roinnt Gaeilge ó fhear Ghaeltacht Dhún na nGall mar is beag seans go gcloisfear mórán di ón mbeirt roimhe.

Tá tús fuinniúil curtha ag Aengus Ó Snodaigh lena sheal is déanaí mar urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus ar ndóigh tá sé ina Chathaoirleach anois chomh maith ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

“Ní mór dúinn an deis a thapú cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sula mbeidh sé ródheireanach í a shlánú,” a deir Ó Snodaigh.

Maíonn Sinn Féin go gcuirfí €25 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeidís féin i mbun Bhuiséad an lae inniu. Tá na sonraí sa scéal thíos.

‘Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa Bhuiséad sula mbeidh sé ródhéanach í a shlánú’ – Sinn Féin

[/live]

[live id=”d9ffee” datetime=”2020-10-13T12:50:47+00:00″]

Dóchas na nGael

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ag labhairt

Deir príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Séan Ó Coinn le Tuairisc.ie go bhfuiltear “an-dóchasach” go mbeidh “dea-scéala” sa Bhuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Agus Stormont i mbun gnó arís, tá lucht cheanncheathrú an Fhorais i Sráid Amiens, agus na heagraíochtaí ar fud na tíre a ndéanann siad maoiniú orthu (Tuairisc.ie ina measc), ag súil go mbainfear an ruóg den sparán arís faoi dheireadh.

Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go bhfuiltear “sásta go dtuigeann an dá Rialtas gur gá ardú suntasach a dhéanamh ar ár mbuiséad bonnlíne le go mbeidh Foras na Gaeilge in ann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí uile atá aitheanta ag an mBord thar na réimsí uile a bhfuil dualgais reachtúla orainn ina leith”.

[/live]

[live id=”31b48e” datetime=”2020-10-13T12:48:23+00:00″]

Fáilte romhaibh…

Fáilte romhaibh go dtí ár dTuairisc Bheo ar Bhuiséad 2021.

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 202o, buiséad a bheidh go mór faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta, ag 1pm i nDáil Éireann. Beidh na scéalta is déanaí anseo againn agus beifear ag coimeád súil ghéar chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.

Féach gur Buiséad 2021 atá againn agus ní Cáinaisnéis 2021. Ach oiread le Buiséad 2020, Buiséad 2019, Buiséad 2018 srl, táimid ag cloí le comhairle aistear.ie faoin scéal:

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile.’

An Buiséad le fógairt faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta

[/live]

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2021'