Ceannasaí Fhoras na Gaeilge ‘an-dóchasach’ go mbeidh ‘dea-scéala’ sa Bhuiséad don Ghaeilge

Agus Stormont i mbun gnó arís, tá Foras na Gaeilge ag súil go mbainfear an ruóg den sparán arís faoi dheireadh

Ceannasaí Fhoras na Gaeilge ‘an-dóchasach’ go mbeidh ‘dea-scéala’ sa Bhuiséad don Ghaeilge

Tá súil ag Foras na Gaeilge go bhfógrófar ardú maoinithe dóibh inniu den chéad uair ó 2016.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Séan Ó Coinn le Tuairisc.ie go bhfuiltear “an-dóchasach” go mbeidh “dea-scéala” sa Bhuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Agus Stormont i mbun gnó arís, tá lucht cheanncheathrú an Fhorais i Sráid Amiens, agus na heagraíochtaí ar fud na tíre a ndéanann siad maoiniú orthu (Tuairisc.ie ina measc), ag súil go mbainfear an ruóg den sparán arís faoi dheireadh.

Deir Príomh-Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go bhfuiltear “sásta go dtuigeann an dá Rialtas gur gá ardú suntasach a dhéanamh ar ár mbuiséad bonnlíne le go mbeidh Foras na Gaeilge in ann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí uile atá aitheanta ag an mBord thar na réimsí uile a bhfuil dualgais reachtúla orainn ina leith”.

Dúirt Ó Coinn go raibh cruinnithe “an-dearfach” ag an eagraíocht trasteorann le hairí rialtais ó thuaidh agus ó dheas le sé mhí anuas. Bhuail an Foras le déanaí leis na hairí Gaeltachta ó dheas, Catherine Martin agus Jack Chambers, agus leis an Aire Pobal agus an tAire Airgeadais ó thuaidh, Carál Ní Chuilín agus Conor Murphy.

“Sna cruinnithe sin uile, tugadh le fios do na hairí an dochar leanúnach atá á dhéanamh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta de bharr ciorruithe ag dul siar go dtí 2008.

“D’aithin na hairí go raibh deis anois ann, agus Feidhmeannas ag feidhmiú ó thuaidh, tabhairt faoi sin i gcomhpháirt le chéile. Léirigh na hairí uile, ó thuaidh agus ó dheas, tiomantas ar leith don Ghaeilge, agus ba léir gur aithin siad go mbeadh sé an-tábhachtach cur le buiséad Fhoras na Gaeilge i dtreo na leibhéal roimh 2008 a bhaint amach,” a dúirt Seán Ó Coinn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais gur chuir siad ar a súile don dá Rialtas an “méadú as cuimse” atá i ndiaidh teacht ar an éileamh ar mhaoiniú ón bpobal i leith tionscadal Gaeilge le 10 mbliana anuas agus “an borradh atá faoin nGaeilge ag leibhéal an phobail ar fud na tíre”.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a cheadaíonn buiséad an Fhorais ach ó tharla nach raibh aon chruinniú acu ó lár 2016 de bharr na sáinne polaitiúla, níor tháinig aon ardú ar bhuiséad na heagraíochta teanga le ceithre bliana anuas.

Cuireann Roinn na Gaeltachta 75% dá mhaoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus tagann an 25% eile ón Roinn Pobal ó thuaidh.

€11.08 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge don bhliain 2020. Chomh maith leis sin, chuir an Roinn €1.06 milliún ar fáil don Fhoras do Chlár na Leabhar Gaeilge agus beagnach €118,000 breise a fuarthas do Cholmcille.

Tá Conradh na Gaeilge, ceann de na sé cheanneagraíocht a ndéanann Foras na Gaeilge maoiniú orthu, ag iarraidh go gcuirfí €4.5 milliún breise ar fáil don eagraíocht trasteorann i mBuiséad an lae inniu.

€3.75 ó Roinn na Gaeltachta, chomh maith le 1.25 milliún eile do Chlár na Leabhar Gaeilge, atá á lorg ag Sinn Féin don Fhoras.

Deir urlabhraí Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, nach bhfuil aon bhac cur le maoiniú na heagraíochta ó athbhunaíodh an feidhmeannas ó thuaidh ach go bhfuil sé “ríthábhachtach” go gcaithfí aon mhaoiniú breise a thabharfaí don Fhoras ar na ceanneagraíochtaí agus na tograí a ndéanann siad maoiniú orthu seachas “ar chostais reatha”.

Fág freagra ar 'Ceannasaí Fhoras na Gaeilge ‘an-dóchasach’ go mbeidh ‘dea-scéala’ sa Bhuiséad don Ghaeilge'