An Buiséad le fógairt faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta

Meastar gur ciste spreagtha €4-5 billiún an pacáiste is tábhachtaí a bheidh sa bhuiséad le tacaíocht a thabhairt don eacnamaíocht ó bhuillí troma an Bhreatimeachta agus na paindéime

An Buiséad le fógairt faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta

Ní nach ionadh beidh paindéim an Covid-19 go mór i gceist i mBuiséad an lae inniu, mar a bhí i ngach gné den saol ón earrach.

Is é seo an chéad bhuiséad ag an gcomhrialtas trí pháirtí, Fine Gael, Fianna Fáil agus Comhaontas Glas agus ní hé amháin go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar an scrios atá an phaindéim a dhéanamh ar gheilleagar na tíre ach tá an Breatimeacht ag bagairt chomh maith.

Deir an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath gur ullmhaíodh an Buiséad seo le déileáil leis na dúshláin a bheidh romhainn sa gcás gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann agus ar an dtuiscint nach mbeidh vacsaín don Covid-19 ar fáil go dtí an dara leath den bhliain seo chugainn ar a thúisce.

Meastar gur ciste spreagtha €4-5 billiún an pacáiste is tábhachtaí a bheidh sa bhuiséad seo le tacaíocht a thabhairt don eacnamaíocht ó bhuillí troma an Bhreatimeachta agus na paindéime.

Táthar ag súil go gcuideoidh an maoiniú breise sin le gnóthaí agus tionscail atá buailte go dona ag an bpaindéim agus cinn eile a gcuirfidh an Breatimeacht as go mór dóibh.

Beidh scéim eile sa Bhuiséad le cuidiú leis an gnóthaí sin a mbeidh orthu dúnadh má thugtar srianta Leibhéal 4 nó 5 isteach. Tá lucht gnó ag súil go gcuirfear íocaíochtaí seachtainiúla nó míosúla ar fáil dóibh le fanacht ar a gcosa go mbeidh an srianta thart.

Meastar go n-ardóidh an caiteachas ar chúrsaí sláinte go dtí €4 billiún an bhliain seo chugainn, agus caithfear leath de sin ar chúrsaí Covid-19.  Thart ar €1.3 billiún a chaithfear ar thástáil agus rianú agus ar threalamh cosanta pearsanta.

Beidh €1.6 billiún á chur ar fáil le foireann agus leapacha breise a sholáthar.

Earnáil an fháilteachais is measa atá buailte ag an bpaindéim agus táthar ag súil go mbeidh cúnamh fiúntach éigin don earnáil sin sa mBuiséad.

Le cuidiú leis an earnáil, ísleofar an ráta CBL ó 13.5% go 9%, mar a rinneadh sa gcúlú eacnamaíochta deiridh.

Tuairiscítear gur éiligh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na milliúin chun na healaíona a mhaoiniú.

Tá caint  ann go mbeidh pacáiste sa Bhuiséad chun cuidiú le hionaid ealaíon imeachtaí beo a léiriú. Deontais a bheadh anseo le cuidiú le cuid den chostas a iompar ó tharla lucht féachana a bheith srianta ag rialacha an scartha sóisialta, agus táthar ag súil go mbeadh €10,000 nó níos mó i gceist.

Géarchéim na tithíochta is mó a tharraingíonn plé tráth Buiséid go hiondúil ach tá paindéim an Covid-19 tar éis í a bhrú i leataobh.

Ceaptar go gcuirfear €500 milliún ar fáil do thithe sóisialta agus go gcuirfear tuilleadh airgid ar fáil don scéim a chuidíonn le daoine teach a cheannach.

Is léir go mbeidh tionchar Chomhaontas Glas le feiceáil sa mBuiséad seo agus is maith an seans gur sa Roinn Iompair agus Fuinnimh mar a bhfuil ceannaire an pháirtí Eamon Ryan ina aire is mó a fheicfear a lorg.

Tá €1 billiún breise le caitheamh ar chaiteachas caipitil agus meastar gur ar bhóithre, an córas iompar poiblí, agus infreastruchtúr rothaíochta agus siúlóide a chaithfear a fhormhór.

Beidh €300 milliún á chur ar fáil do scéim aisfheistithe seantithe agus seanfhoirgnimh phoiblí ar mhaithe le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú..

D’fhéadfadh go gcuirfeadh cáin charbóin €1.28 breise ar thanc 60 lítear peitril nó €1.47 ar an méid céanna díosail. Beidh ardú €3.50 ar an liúntas breosla, rud a d’fhágfadh €28 sa tseachtain ag teaghlach atá ina theideal.

Tá caint ann go n-athrófaí an chaoi a gcuirtear cáin ar charranna agus go laghdófaí an ráta VRT ar charranna leictreacha agus ar charranna peitril atá íseal ar astaíochtaí.

Dá mhéad pacáistí fóirithinte a bheidh sa mBuiséad seo is beag a bheas ann do phóca an ghnáthdhuine. Níltear ag súil go bhfógróidh Paschal Donohue aon bhiseach mór ar chúrsaí cánach ná leasa sóisialta ach tá ráite ag an aire nach dtiocfaidh aon ardú ar cháin ioncaim.

Fuair daoine ardú sa bpinsean stáit le cúpla bliain ach ní dóigh gur amhlaidh a bheidh i mbliana.

Níl aon gheallúint tugtha ach an oiread faoi bhónas na Nollag ach seans go bhfaighidh daoine atá i dtuilleamaí liúntais leasa shóisialaigh é cé go bhfuil ceist fós ann faoi dhaoine atá ar íocaíocht dífhostaíochta na paindéime.

Tá caint ann go bhfaighidh cúramóirí ardú €150 sa deontas agus go mbeidh €1,850 acu feasta.

Meastar nach n-ardófar an cháin ar alcól tráth a bhfuil earnáil an fháilteachais ar anchaoi ach d’fhéadfadh 20-50 cent d’ardú a bheith ar an tobac.

Fág freagra ar 'An Buiséad le fógairt faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta'