Súil le hardú maoinithe do roinnt eagraíochtaí Gaeilge i mBuiséad 2021

Meastar go bhfógrófar ardú roinnt milliún i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus gur chuig Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 is mó a rachaidh a fhormhór

Súil le hardú maoinithe do roinnt eagraíochtaí Gaeilge i mBuiséad 2021

Tá eagraíochtaí teanga an-dóchasach go gcuirfear leis an maoiniú atá ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nuair a fhógrófar Buiséad 2021 inniu.

Meastar go bhfógrófar ardú roinnt milliún i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus gur chuig Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 is mó a rachaidh a fhormhór.

Inniu an chéad tástáil cheart i leith na Gaeilge a chuirfear ar airí nua na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers, a bhfuil geallta acu beirt ó ceapadh iad go ndéanfaidís a ndícheall tuilleadh maoinithe a fháil sa bhuiséad do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ar ndóigh, ní ag stocaireacht ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta amháin a bhí siad beirt le tamall agus cúig chúram eile ar a roinn, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Meán agus Spóirt.

Táthar ag súil áfach go gcuirfear céatadán níos mó de bhuiséad na Roinne i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta ná mar a cuireadh le roinnt blianta anuas.

Tá an dóchas sin ann ó tharla go bhfuil aire sinsearach anois ag bord an rialtais a bhfuil cur chuige i bhfad níos gníomhaí aici i leith na teanga ná mar a bhí ag aon aire sinsearach eile a raibh cúram na Gaeltachta orthu ó 2011.

Léas dóchais eile do lucht na teanga an fuadar atá faoin gcomhrialtas maidir le comhlíonadh a ngealltanais toghcháin go n-achtófar bille teanga níos láidre roimh dheireadh na bliana, ach seo an chéad deis mhór ag an rialtas nua beart a dhéanamh de réir a mbriathar ó thaobh na Gaeilge de.

Maolóidh an ghuagacht eacnamaíochta a bhaineann leis an bpaindéim an dóchas a bheadh ar mhórán faoin mbuiséad ach táthar ag súil go mbainfidh eagraíochtaí áirithe buntáiste as na hiarrachtaí an geilleagar a thabhairt slán.

D’éirigh le hÚdarás na Gaeltachta €8 milliún breise a fháil ó phacáiste spreagtha post mhí Iúil, plean €5 billiún an Rialtais, chun spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta atá buailte go dona ag an bpaindéim Covid-19.

Den chuid is mó is ar mhaithe le foirgnimh a athchóiriú a ceadaíodh an maoiniú breise don eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga, agus meastar go mbainfidh siad buntáiste arís as aon phacáiste infheistíochta eile a fhógrófar inniu.

Tá an scéal níos casta i gcás Fhoras na Gaeilge arb í an Chomhairle Aireachta Thuaid/Theas a cheadaíonn a mbuiséad.

Ó tharla nach raibh aon chruinniú ag an gComhairle ó lár 2016 go dtí i mbliana de bharr na sáinne polaitiúla, níor tháinig aon ardú ar bhuiséad na heagraíochta teanga le ceithre bliana anuas.

Agus Stormont i mbun gnó arís, beidh lucht cheanncheathrú an Fhorais i Sráid Amiens ag súil go scaoilfear an ruóg den sparán arís faoi dheireadh.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Séan Ó Coinn le Tuairisc.ie go bhfuiltear “an-dóchasach” go mbeidh “dea-scéala” sa Bhuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tá TG4 ar na heagraíochtaí Gaeilge eile a bhfuil an chluas bhodhar á tabhairt dá n-achainí ar ardú maoinithe le roinnt blianta anuas ach meastar go bhféadfadh athrú teacht air sin inniu.

Deir Alan Esslemont go bhfuil sé in am ag an Rialtas deis a thabhairt do TG4 a gcuid aidhmeanna straitéiseacha a bhaint amach agus gur €4.1 milliún breise a theastaíonn chuige sin.

“Tá bearna mhór idir leibhéal maoinithe TG4 agus an leibhéal maoinithe a d’aontaigh muid leis an BAI.

“In 2021, beidh muid sa cheathrú bliain de straitéis cúig bliana agus tá muid ag iarraidh ar an Rialtas an bhearna sin a dhúnadh agus an deis a thabhairt do TG4 aidhmeanna na straitéise a bhaint amach. Táimid ag lorg €4.1m breise in 2021 chun é sin a dhéanamh.”

Ciorruithe den chuid is mó a bhí i ndán do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán le deich mbliana anuas, cé gur ardú beag a bhí i gceist le cúpla buiséad anuas.

Ardú beag €2.17 milliún a fógraíodh ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2020, rud a spreag cuid mhaith míshástachta agus feirge.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Rialtas €16 milliún breise a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

€6 milliún atá á lorg ag an gConradh d’Údarás na Gaeltachta do chruthú fostaíochta agus don phleanáil teanga agus €4.5 milliún atá á lorg d’Fhoras na Gaeilge (chomh maith le €1.5 milliún ó Roinn Pobal an Tuaiscirt). Tá €5 milliún breise á lorg ag Conradh na Gaeilge do TG4.

Ar na réimsí caiteachais eile a mbeidh súil ghéar á coinneáil ag eagraíochtaí teanga orthu inniu tá an phleanáil teanga.

Níor chaith Roinn na Gaeltachta €1.72 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh anuraidh le caitheamh ar scéimeanna Gaeltachta agus ar an bpleanáil teanga mar gheall ar mhoill ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus ar thograí Gaeltachta eile.

Fág freagra ar 'Súil le hardú maoinithe do roinnt eagraíochtaí Gaeilge i mBuiséad 2021'