TUAIRIM TUAIRISC: Díolúine na Gaeilge? Bailígí libh, níl tada le feiceáil anseo…

Ba dhóigh leat ag éisteacht leis an Aire Oideachais nár bronnadh ar aon dalta riamh aon díolúine nach raibh fianaise dhoshéanta na mblianta ann go raibh a leithéid ag teastáil go géar uaidh

TUAIRIM TUAIRISC: Díolúine na Gaeilge? Bailígí libh, níl tada le feiceáil anseo…

Bhí an tAire Oideachais ag plé ceist díolúine na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo agus ní chuirfeadh sí aon ní i gcuimhne duit ach Leifteanant Frank Drebin na scannán Naked Gun ag fógairt ar an slua an áit a fhágaint.

‘Move along! Nothing to see here! Please disperse!’ a deir Drebin agus an t-aer agus an talamh ag titim ar a chéile laistiar de.

Ba mar a chéile é ag an Aire Oideachais ag cruinniú na seachtaine seo de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ba dhóigh leat ag éisteacht leis an Aire Norma Foley nach raibh aon fhianaise ann in aon chor go mbíonn díolúine ón nGaeilge á fáil ag daltaí nach bhfuil gá acu lena leithéid.

Ba dhóigh leat ag éisteacht léi gur ag rámhaillí a bhí na saineolaithe agus na grúpaí go léir eile a tháinig os comhair an choiste agus figiúirí agus fianaise acu faoi na lochtanna go léir atá ar an gcóras agus faoin bhfás leanúnach ar líon na ndíolúintí a cheadaítear.

Ba dhóigh leat ag éisteacht léi nár bronnadh ar aon dalta riamh aon díolúine nach raibh fianaise dhoshéanta na mblianta ann go raibh a leithéid ag teastáil go géar uaidh.

Seo ar fad in ainneoin gur admhaigh an Roinn Oideachais féin in 2018 go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ann ina leith.

Is ina dhiaidh sin, in 2019, a thug an Roinn isteach córas nua chun rud ‘annamh agus eisceachtúil a dhéanamh den díolúine’.

Gan dabht, tháinig an tuar faoin tairngreacht agus a mhalairt a tharla. Ardú beagnach 25% a tháinig ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh anuraidh, mar shampla.

Is trua nár chuir aon bhall den choiste scrúdú ceart ar an Aire faoin eolas seo go léir agus ní foláir go raibh sí sásta go maith le cé chomh hómósach agus cé chomh scaipthe is a bhí formhór na mball ina gcur chuige.

Ba chuma ach tá obair fhiúntach ar bun ag an gcoiste céanna le tamall chun aird a tharraingt ar an gcur i gcéill a bhaineann leis an díolúine.

Lena ceart a thabhairt don aire bhainfeadh a taispeántas an anáil díot agus ba dheacair a shárú a fháil ó thaobh an teanntáis, na cinnteachta gan údar agus seachaint na fírinne.

Ní dhéanann 20% de dhaltaí na hArdteiste aon scrúdú Gaeilge.

Déanann 80% de dhaltaí na hArdteiste scrúdú Gaeilge, a deir an tAire.

Bíonn díolúine ón nGaeilge ag os cionn 10% de dhaltaí.

Ní bhíonn aon díolúine ag 90% de dhaltaí, a deir an tAire.

Dar leis an Aire, ní haon díol amhrais ná imní é go mbíonn dhá thrian de na daltaí iarbhunscoile a mbíonn díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta. Ní bheadh sé ceart ná cóir ‘bac’ a chur ar aon dalta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu staidéar a dhéanamh ar theangacha eile, a deir sí.

Sea, bailígí libh, níl tada le feiceáil anseo, buailigí bóthar!

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC: Díolúine na Gaeilge? Bailígí libh, níl tada le feiceáil anseo…'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní teanntás a bhí ann ach sotal! Dochreidte go bhfuil a leithéid de dhuine dímheasúil díspeagúil i gceannas ar an Roinn Oideachais sa tír.

  • Seán Mag Leannáin

    Cúis imní freisin an tuairisc go gcaithfidh “go raibh sí [Norma Foley] sásta go maith le cé chomh hómósach agus cé chomh scaipthe is a bhí formhór na mball ina gcur chuige.”

  • Antóin

    Seachas Catherine Connolly agus Éamon Ó Cuív b’fhéidir, aontaím leat go raibh na baill eile scaipthe ina gcur chuige. Réamhrá mór fada agus ansin trí nó ceithre cheist gan tábhacht sa mhullach ar a chéile uathu.

    Ansin roinnt acu ag lorg firicí faoi líon na ndaltaí a dhéanann seo siúd nó eile. Ar rith sé leo riamh an t-eolas sin a fháil roimh ré sa dóigh is go bhféadfaidís straitéis cheistiúcháin a oibriú amach roimh dhul isteach chuig an gcruinniú coiste ?

    Bí geall go raibh obair ag an aistritheoir comhuaineach an lá sin.