Tír iarChaitliceach í Éire anois, nó an ea dáiríre?

Bhí scata daoine compordach fós ina gcreideamh agus iad ag vótáil ar son na haisghairme ar an Ochtú Leasú

Tír iarChaitliceach í Éire anois, nó an ea dáiríre?

Dá mairfeadh John Charles McQuaid, is dócha ná bearrfadh a sé nó a seacht de phuint ghallúnaí é. Is ródhócha go bhfuil sé ar róróiricín ina uaigh sa Leas-Ardeaglais le tamall, agus muintir na tíre ag déanamh seó bóthair ceart dóibh féin.

Ar dtús bhí toradh an reifrinn chomhghnéis againn. Ansan, an reifreann maidir leis an Ochtú Leasú. Mar bharr ar gach donas, chuaigh dhá mhíle go leith giordaí mná sa tsnámh i gCo. Chill Mhantáin le déanaí agus gan luid orthu. Tá muintir na hÉireann dulta i gcoinne ghrásta Dé ar fad, de réir dealraimh.

Beidh reifreann eile againn sara fada, chun coir an diamhaslaithe a bhaint as Bunreacht Dev/McQuaid, mar aon leis an tagairt do mhná bheith fé chuing sa bhaile. Tá sochaí na tíre dulta le haer a’ tsaoil, tabhair fé ndeara.

Tá an téarma ‘iarChaitliceach’ á úsáid coitianta ar na saolta seo, agus trácht á dhéanamh ar na nithe sin ar fad agus ar éirí amach na cosmhuintire i gcoinne chliarlathas na hEaglaise Caitlicí le blianta beaga anuas. Tír iarChaitliceach í Éire anois, a deir na tráchtairí móra, agus tá deireadh go deo le súistí agus le laincisí na heaglaise.

Ach fan bog. Gabh timpeall na tíre, go háirithe fén dtuath, agus cífir nach fé phágánaigh ná fé eiricigh atá oileán na naomh, fós ach go háirithe. Tá na sluaite fós ag dul don Aifreann, ón bplobaire bunóice go dtí an tseancháitín. Seans gur ócáid shóisialta nó caitheamh aimsire, nó go deimhin nós, atá anso do scata, ach caithfidh go bhfuil creideamh éigin acu. Thug 78% de dhaonra an tsaorstáit le fios gur Chaitlicigh iad i ndaonra na bliana 2016, agus cé gur tháinig ardú 73% ar líon na ndaoine a dúirt nach raibh aon chreideamh acu, tá creideamh éigin ag formhór mór de dhaonra an 26 contae.

B’fhéidir go bhfuil an státchóras agus an saol polaitiúil ag éirí iarChaitliceach, ach níl an chosmhuintir.

Táthar ag éileamh anois, agus an t-éirí amach seo fé lán seoil, go mbainfí na scoileanna den eaglais Chaitliceach, agus cé go gcreidim féin nach iad na scoileanna na háiteanna ab fhearr led’ rogha reiligiúin a mhúineadh dos na gearrchailí agus na garsúin, n’fheadar an mbeadh puinn den 78% sin ar aon fhocal le ropaire págánaigh ar mo nós-se. Dúirt múinteoir eolgaiseach liom le déanaí, cé nár ghéill sé féin rómhór de theagasc na heaglaise, go raibh sé tábhachtach léargas a thabhairt dos na leanaí ar cheart agus mícheart, nó treoir mhorálta éigin a thabhairt dóibh.

An té a chuimhneodh ar na heachtraí tromchúiseacha ina raibh an eaglais Chaitliceach sáite le trí fichead bliain, b’fhéidir go mbeidís ag gáirí fén ‘treoir mhorálta’ atá le fáil uathu. Mí-úsáid ghnéis. Ionaid Mhaigdiléana. Uchtú mídhleathach. Tuaim Dhá Ghualainn. Noel Browne. Fiodh Ard …

Agus mé ag ionad comhairimh an lá in éis an reifrinn, bhuaileas le Caitlicigh ón dá thaobh den bhfeachtas. Cé gur chuala bean á chásamh go mbeadh ‘an chomaoin naofa á tógaint acusan thall amárach’ chuala scata ón dtaobh eile den gclaí ag rá go rabhadar compordach fós ina gcreideamh, agus iad ag vótáil ar son na haisghairme.

Feictear dom go bhfuil Caitlicigh ag socrú a gcinntí féin anois, seachas bheith ag brath ar a sagairt ná ar a dtiarnaí easpaig. Nach Protastúnach mar mheon é sin?

Fág freagra ar 'Tír iarChaitliceach í Éire anois, nó an ea dáiríre?'

  • Mánus

    Roghnaíodh na boird oideachais agus traenála (ETBs) chun bunscoilealanna idircreidmheacha poiblí stáit a reachtáil. Ghéill Mary Hanafin (an taire oideachais ag am nuair a bunaíodh na bunscoileanna stáit) go fonnmhar do bhrú ón eaglais Chaitliceach Rómhánach. Bíonn ullmhúcháin dos na saicrimintí Chaitliceacha Rómhánacha ar siúl le linn ranganna agus cuirtear na neamhChaitlicigh isteach i seomraí eile le ranganna eile. Tír iarChaitliceach mo thóin!

  • Mártan Ó Náraigh

    Feictear dom go bhfuil Caitlicigh ag socrú a gcinntí féin anois, seachas bheith ag brath ar a sagairt ná ar a dtiarnaí easpaig. Nach Protastúnach mar mheon é sin?
    Ach, i mo thuairim, is mar seo a bhí sé i gcónaí ag an gnáthduine. Protastúnaigh muidne in ár gcroíthe ó chianaibh.