Buille mór d’údarás Mhicheál Martin, taobh istigh d’Fhianna Fáil agus i measc an phobail i gcoitinne, ceapaim, is ea an phraiseach a rinneadh i dtaobh an fheachtais uachtaránachta.
Deirtear gur ghlac Martin an fhreagracht air féin maidir leis an bpraiseach seo, ach is beag rian den fhéincháineadh nó den umhlaíocht faoin scéal a bhí le tabhairt faoi deara sa mhéad a dúirt sé go poiblí.
Dúirt sé gur comhchinneadh é a rinne an páirtí Parlaiminte le chéile, amhail is nach raibh aon mhilleán faoi leith air féin.
Ní nach ionadh chuir an chaint sin leis an bhfearg a bhí ar bhaill an pháirtí.
Tá fócas an scéil seo sna meáin dírithe ar an scéal nár thug Jim Gavin airgead ar ais do thionónta dá chuid, is éiginnteacht Gavin faoin scéal. I ndáiríre thit feachtas Gavin as a chéile sular tháinig an scéal sin chun solais.
Bhí Gavin go hainnis ar fad ina chuid agallamh agus sna díospóireachtaí agus ba léir, ón tús nach mór, nach raibh sé in ann don fheachtas ná don phost.
Tá saineolaithe craolacháin ag Fianna Fáil, mar atá ag gach páirtí mór, is bheadh a fhios acusan ar an toirt nach raibh Gavin sách cumasach don obair a bhí le déanamh.
Ach bhrúigh Martin a ainm chun tosaigh, beag beann ar ábaltacht – nó easpa ábaltachta – Gavin.
Agus sin é atá i ndiaidh fearg a chur ar bhaill an pháirtí pharlaiminte. Ghlaoigh Martin agus Chambers ar gach duine acu ag cur brú orthu glacadh le Gavin, agus ní féidir le Martin éalú óna fhreagracht as an bpraiseach a thit amach ina dhiaidh.
Bhí Martin faoi bhrú duine a ainmniú, mar rogha ar iarrthóir Fhine Gael ar a laghad.
Níor theastaigh uaidh Bertie Ahern a chur sa rás, ar fhaitíos go músclódh seisean aon díospóireacht faoi chaimiléireacht, binsí fiosraithe is eile. Níor cheap sé go ndéanfadh Mary Hanafin aon mhaith, agus sa deireadh chinn sé an cleas a imirt le ceiliúrán mar iarrthóir: Gavin, fear mór de chuid Chumann Lúthchleas Gael, iar-oifigeach airm, agus duine a luadh le hobair dheonach.
Ba chuma nach raibh aon chúlra polaitíocht aige. Dhéanfadh sé an jab a bhí ag teastáil ó Martin, agus bheadh sé sásta cloí le cibé script a chuirfeadh ceanncheathrú Fhianna Fáil ar fáil dó.
Níor tugadh aon dúshlán do cheannaireacht Martin ag cruinniú den pháirtí parlaiminteach, ach tugadh dúshlán mór dá nósanna oibre.
James O’Connor as Corcaigh, Éamon Ó Cuív as Gaillimh, Barry Cowen as Uíbh Fhailí, Seán Ó Fearghaíl as Cill Dara –cháin siad go léir nós Martin gan dul i gcomhairle le baill an pháirtí. Dúradh gur dream iad sin ar cosúil nach bhfuil meas ag Martin orthu agus maíofh go ndéanann sé féin gach cinneadh in éineacht leis an mbaicle san oifig sa cheanncheathrú – an tArd-Rúnaí Seán Dorgan, an Ceann Foirne Deirdre Gillane agus an bainisteoir cumarsáide, Pat McParland.
Ach is ar an nós oibre atá lucht cáinte Martin ag díriú a n-airde, ag éileamh go mbeidh deireadh leis an seó aonair.
Ghéill Martin don cháineadh. Ach an géilleadh briathair é nó géilleadh gnímh aige é? Feicfimid an athróidh sé a nós oibre, ach is deacair a shamhlú go n-athróidh.
An phraiseach d’fheachtas Jim Gavin ba chúis leis an raic seo, ar ndóigh, ach tá a préamhacha na raice le feiceáil le tamall. Smaoinigh air seo. In ainneoin an bhrú go léir sin, fós vótáil 29 ball den pháirtí in un aghaidh Gavin agus in aghaidh thoil an cheannaire, i bhfad níos mó ná mar a bhí á thuar.
Smaoinigh freisin ar a laghad measa atá go forleathan sa bpáirtí ar an té atá ceaptha ag Martin le bheith ina chomharba air, Jack Chambers.
Tá Chambers uafásach lag. Go deimhin bhí sé chomh dona sin mar stiúrthóir ar an bhfeachtas olltoghcháin gur cuireadh ar leataobh é is gur tugadh Jim O’Callaghan isteach ina áit – Jim a bhfuil uaillmhian oscailte aige a bheith ina cheannaire ar Fhianna Fáil é féin nuair a oireann sin dó.
Agus sin gan trácht ar ról Chambers i scéal Jim Gavin. Maidir leis sin ní dóigh liom go ndearna Chambers aon mhaith dó féin agus é ag iarraidh an milleán ar fad a chur ar Ghavin bocht. Freagracht agus umhlaíocht?
Taobh thiar de sin go léir, ámh, tá ceist níos bunúsaí ar fad: sé sin, céard le haghaidh Fianna Fáil, céard iad na luachanna faoi leith a bhaineann leis an bpáirtí sin, agus an féidir leis maireachtáil ar an ngoimh, nó an fearr dóibh dul i gcomórtas in ionad dul i gcoimhlint le páirtithe an fhreasúra?
Fág freagra ar 'Tiocfaidh Martin slán, ach cén fhad a fhanfaidh sé i gcumhacht?'