Tinn tuirseach de 1916 – go mbeannaí duit, a 2017 is beannaithe thú i measc blianta!

An bhfuil tú bréan de 1916? Fáilte romhat go dtí cumann 2017, níl tú i d’aonar…

Tinn tuirseach de 1916 – go mbeannaí duit, a 2017 is beannaithe thú i measc blianta!
1916 Máire
LÉARÁID: CÓS/Tuairisc.ie

Ar thacht tú an raidió, an teilifís nó d’intinn le cúpla mí ar chloisteáil 1916 duit? Fáilte romhat go dtí cumann 2017, níl tú i d’aonar. Is iomaí duine ar m’aithne atá sa gcás ceannann céanna agus molaimse go n-éileodh muid 2016 a chur ar ceal ar fad agus tabhairt faoi 2017 ag meán oíche an 31 Nollaig 2015.

Tá suim mhaith agam sa stair, tá slám léite agam faoin dream a throid i 1916 ach tá an fíbín deireanach seo do mo chur soir. Is cuimhin liom 1966, an forógra de ghlanmheabhair againn, á rá go sollúnta ónár gcroíthe amach (i nGaeilge mar a cheapamar a scríobhadh é) os comhair na brataí ag an scoil, aifreann diaganta ina dhiaidh sin, giotaí staire ‘Window on the Past’ an Irish Press greamaithe go muirneach i gcóipleabhar agam agus déithe déanta againn de na fir chróga sin a shábháil muid ó Ghallaibh (Agnes O’Farrell an t-aon bhean a luaití an tráth sin). Anam an Easpaig Shean-Phádraic agus an Chailleach Bhéara ina mbíobla againn. Ní luafaidh mé na bailéid iontacha a bhí ar bharr a dteanga faoi na trodairí gan smál.

Bhí mé óg idéalach agus chreid mé gur idéalachas a stiúraigh an duine agus an saol. Níor cheangail mé éad, díoltas, sotal, díth céille ná macnas na hóige le déithe. Nár fhág Críost a mháthair féin le bás a fháil agus nach rabhthas á mholadh ó shin mar gheall air? Nár chuir an Piarsach focla na crógachta i mbéal a mháthar? Nach raibh leasú na fola ag teastáil ó chréafóg dhoicheallach na hÉireann? Nach raibh Arm Cathartha na hÉireann agus bochtáin na cathrach ag troid chomh maith le múinteoirí, ceoltóirí, fíodóirí agus scríbhneoirí? Níor thuig mé freagracht na tuismitheoireachta, fearúlacht a bhí i ngníomhartha gaisce agam agus níor shamhlaíos brón, cantal ná tréigean le teaghlaigh na ndéithe.

Ba ghearr i ndiaidh chomóradh 1966 gur bhuail tart na córa an tír seo arís agus ní hí an Helga a bhí rompu ach na Bnna Speisialta agus urchair phlaisteacha agus luaidhe. Ba scafánta a tugadh isteach an tAcht um Chionta in aghaidh an Stáit nuair a síleadh go raibh an dream a bhí taobh thiar den ‘wire’ ag fáil aon suntas sa gcuid seo den oileán. Níor luadh crógacht ná idéalachas leo.

Na hóglaigh Ioslámacha atá ag scanrú an domhain faoi láthair – aisling atá acusan chomh maith agus níl aon tuiscint ná foighid againne leo féin ná a gceartaiseacht. Cuimhnigh ar an Meallánach ag doras an bháis ag rá lena bhean sagart a dhéanamh dá mac!

Na hóglaigh Ioslámacha? Scabhaitéirí agus leiciméirí nach bhfuil tuillte acu ach iad a bhuamáil agus a mharú ceann ar aghaidh. Iad as a gciall le drugaí, faoi dhrochthionchar máistrí i gcéin agus ceartchreidmheach – ach ní luaitear ól, mí-úsáid, mífhreagracht, easláinte ná féiníobairt le haon laoch a maraíodh i 1916, mise i mbannaí.

Beidh oidhreacht againn ó 2016 agus an €26 milliún nó mar sin a chaithfear air – foirgnimh ag comóradh agus ag míniú an éirí amach agus an troid ar son an neamhspleáchais pholaitiúil; beidh taighde agus foinsí breise ar fáil dúinn uilig. Beidh neart ócáidí ag polaiteoirí le bheith ag déanamh gaisce as na tionscnaimh sin, mar dhea, gur chuimhnigh siad ar a dtábhacht ó 1966. Cuimhneoidh pobail is teaghlaigh ar a nduine féin. Is beag gasúr sa tír a dhéanfas staidéar ar an stair agus is beag múinteoir sa tír a thuigfeas an stair.

Is lú ná sin an meas a léireos muide go praiticiúil ar aislingí polaitiúla, sóisialta ná cultúrtha na dtrodairí i dTithe an Oireachtais ná inár saol pearsanta agus gnó féin. Ní fiúntach linn an náisiúnachas ná an neamhspleáchas níos mó, ní lú linn an sioc ná foréigean agus troid ar son saoirse ná ceart.

Ná bacadh muid le 2016 ach mar a dúirt fear gnaíúil tuiseanach liom a bhí go hard os cionn na gceithre scór ag an am: ‘Fan amach ó nead bheach!

Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha. Ní raibh mórán sagart a chreid go raibh aon phardún i ndán dóibh ó Dhia i 1916. Meas tú dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, an mbeadh athrú poirt acu?’ Sin í an cheist!

Go mbeannaí duit a 2017 – is beannaithe thú i measc blianta.

Fág freagra ar 'Tinn tuirseach de 1916 – go mbeannaí duit, a 2017 is beannaithe thú i measc blianta!'

  • Luke Callinan

    Ní léir cé acu chun gnímh nó chun neamhairde a chuirfeadh an t-alt seo duine maidir le comóradh 1916. Shílfeá gurb é an teachtaireacht láidir a thagann trasna gur faoin dream fimíneach frithghníomhach ba cheart é a fhágáil comóradh a dhéanamh ar an gcéad éirí amach in Eoraip an fhichiú haoise. Ach ar an láimh eile, don té a thuigeann gurb ionann an sprid agus fonn saoirse a bhí ag an bPiarsach agus a bhí/tá ag Bobby Sands, treallchogaithe FARC, óglaigh na Palaistíne, muintir na Siria ag troid in aghaidh ISIS agus fórsaí an Iarthair agus trodairí Thír na mBascach – cheapfá gur de ghéar-dhualgas orainn atá sé chinntiú nach ndéantar a raibh d’fírinne ghruama, fola, uasal an Éirí Amach sa tír seo a bhaint den chomóradh an bhliain seo chugainn. Ach oiread le focla De Búrca a dúirt “All that is necessary for the triumph of evil is that good men do nothing” – is é an fhuarchúis an t-aon rud a theastaíonn le bua na fimínteachta a chinntiú.