TG4 ag éileamh clár ‘ar chaighdeán níos airde’ ó RTÉ

Faoin reachtaíocht chraolacháin ní mór do RTÉ 365 uair a chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 agus tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an dá stáisiún faoin soláthar sin

TG4 ag éileamh clár ‘ar chaighdeán níos airde’ ó RTÉ

Tá TG4 ag iarraidh go gcuirfeadh RTÉ cláir ar chaighdeán ‘níos airde’ ar fáil dóibh sna cúig bliana amach romhainn.

Faoin reachtaíocht chraolacháin ní mór do RTÉ 365 uair a chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 agus tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an dá stáisiún faoin soláthar sin.

Tá an socrú cúig bliana is déanaí idir an dá stáisiún i leith sholáthar reachtúil RTÉ ag dul in éag ag deireadh na bliana seo agus tá tús curtha cheana féin leis an bplé faoi shocrú nua a aontú.

Is sa chomhaontú, nó prótacal sin, a leagfar síos cad a bheidh sa 365 uair an chloig de chláir a chuirfidh RTÉ ar fáil do TG4 idir 2023-2027.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc go mbeifear ag éileamh sna cainteanna le RTÉ cláir ar chaighdeán níos airde ná mar atá á sholáthar faoi láthair.

“Tá plé ar bun idir TG4 agus RTÉ faoi láthair maidir leis an gcéad Phrótacal eile.  Tá TG4 ag iarraidh go dtiocfadh ardú i gcaighdeán agus i luachanna léirithe na gcláracha a fhaightear ó RTÉ mar chuid den soláthar reachtúil faoin Acht Craolacháin 2009,” arsa urlabhraí TG4.

Bhí caighdeán, cineál, costas agus líon na gclár a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 ina chnámh spairne idir an dá stáisiún san am a caitheadh, agus d’fhéadfadh gurbh amhlaidh a bheidh arís an uair seo.

Deir RTÉ go bhfuil siad sásta le caighdeán an tsoláthair a dhéanann siad do TG4 agus go bhfuil a ndualgas á chomhlíonadh go hiomlán acu.

Ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar nós Nuacht TG4 agus 7Lá atá i gceist le thart ar leath den 365 uair an chloig d’ábhar a chuireann RTÉ ar fáil do TG4. In 2021, bhí Seal le Dáithí, Comhrá, Comhluadar CeoilRéalta agus GaoltaJunior EurovisionGo Gasta agus Rugbaí Beo i measc na sraitheanna a sholáthair RTÉ do TG4.

Bíonn roinnt ábhar cartlainne athchraoltaí i gceist chomh maith agus mar chuid den socrú idir an dá stáisiún íocann RTÉ as cuid de Ros na Rún.

I mí Iúil ghlac Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ.

Moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá sé ina sprioc ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le tamall go mbeadh neamhspleáchas ag an stáisiún ó thaobh na nuachta agus cúrsaí reatha seachas a bheith ag brath ar sholáthar RTÉ, mar atá faoi láthair.

Dúirt Alan Esslemont ag cruinniú de Choiste Oireachtais anuraidh go mbeadh sé casta an nasc le RTÉ ó thaobh na nuachta a bhriseadh tar éis 25 bliain ach thug sé le fios nach mbeadh aon doicheall ag TG4 roimh a leithéid de chinneadh

Faoi láthair is iad RTÉ a chuireann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – ar fáil mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil i gceist ag TG4 a gCeannasaí Nuachta féin a fostú den chéad uair.

Tá sraith cúrsaí reatha nua, Iniúchadh TG4, coimisiúnaithe ag TG4 ón earnáil neamhspleách, sraith sé chlár 50 nóiméad a bheidh á craoladh an bhliain seo chugainn.

Beidh clár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ an bhliain seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid acu.

Fág freagra ar 'TG4 ag éileamh clár ‘ar chaighdeán níos airde’ ó RTÉ'