Scéalta na mban, teirce na drámaíochta agus breis soláthar cúrsaí reatha – súil ar sceideal fómhair TG4

‘Comrádaíocht, cruthaitheacht agus comhar na gcomharsan’ an téama uamach atá ar sceideal fómhair TG4 a seoladh inné. Thug ár léirmheastóir teilifíse suntas do na nithe seo a leanas... 

Breis téagair sa soláthar cúrsaí reatha

Tá cad é fothragadh le tamall de bhlianta anuas maidir le soláthar cúrsaí reatha an stáisiúin agus cad é siar is aniar idir piardaí Bhaile na hAbhann agus Dhomhnach Broc. I ndeireadh thiar thall tá an bhearna á líonadh. 

De réir cosúlachta b’éigean do TG4 lámh a chur ina bpóca féin leis an tsraith cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 a chur ar fáil. Sa cháipéis fógraíochta maítear go mbeidh scéalta á mbriseadh agus go ndéanfar “iniúchadh níos doimhne ar bhun agus barr na gceannlínte”. Sé Kevin Magee, iriseoir aitheanta a bhfuil taithí na mblianta aige ag plé leis an iriseoireacht imscrúdaithe (mar aon le hiriseoir agus iriseoir faoi oiliúint de réir folúntais a bhí ar an suíomh seo le déanaí) a bheidh i mbun an fhiosrúcháin. Sé chlár 50 nóimint an ceann atá luaite ar shuíomh Clean Slate TV, rud a fhágann go mbeidh sé ina chlár imscrúdaithe níos nó mó ná ina chlár cúrsaí reatha. Ach is dócha an sprioc a bheidh ann ná go n-éireoidh le fiosrúcháin an chláir na ceannlínte a bhaint amach.

N’fheadar an mbeadh sé níos fearr dá mba rud é go ndéanfaí 12 clár 25 nóimint? Beidh le feiceáil an mbeidh aon toise Gaeilge/Gaeltachta ag baint leis an gclár, rud a bheadh an-tábhachtach. Níl aon trácht go fóill ar chur le Nuacht TG47Lá. 

 

Mary Kennedy: Fad Saoil

Scéalta Ban

Díol suntais go bhfuil trí chlár faoi shaol na mban le craoladh agus triúr ban mar láithreoirí orthu. Ábhar sollúnta, tromchúiseach a bheidh idir chamáin sna trí chlár éagsúla, de réir an chur síos atá déanta orthu. Sa chlár Meanapás: Meon Nua déanfaidh Gráinne Seoighe iniúchadh ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú saoil. Beidh Mary Kennedy chugainn le Mary Kennedy: Fad Saoil, clár faoi bheith ag dul in aois agus an tionchar a bhíonn aige ar mhná, go háirithe. Íomhá cholainne na mban óg a bheidh faoi chaibidil ag Síomha Ní Ruairc sa chlár Síomha: Idir Anam is Chorp. Tá súil ag bean amháin a labhair liom faoin sceideal nua nach taobh le duairceas a bheidh na cláir seo agus go ndéanfar ceiliúradh chomh maith iontu ar chumas na mban.

 

Róise & Frank

Teirce na Drámaíochta

Tá cad é bús faoin An Cailín Ciúin le tamall anuas agus lucht an Bhéarla, fiú, ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na scannáin Éireannacha is fearr riamh. Tá an-rath ar Cine4 ó thosaigh sé agus moladh thar na bearta faighte ag leithéidí Arracht agus Foscadh.  Beidh Róise & Frank chugainn sna pictiúrlanna sula i bhfad. Óir go mbíonn na scannáin seo le feiscint ag féilte agus sna pictiúrlanna bíonn an ghaoth imithe as na seolta ábhairín nuair a shroicheann siad an scáileán beag. Tá an-obair déanta sa réimse seo agus moladh mór ag dul do na rannpháirtithe ar fad. An deischostas ná nach mbíonn aon ghearrscannáin ná sraitheanna drámaíochta Gaeilge ar TG4 féin níos mó, cé go bhfuil dráma nua do dhaoine óga sa sceideal nua, rud atá le moladh. 

Mar sin féin is mór an chailliúint an drámaíocht teilifíse Gaeilge go háirithe agus ré na gclár drámaíochta teilifíse linn i gcónaí. Smaoinigh siar ar Corp & Anam, An Leabhar, Yu Ming is Ainm Dom, Cúilín Dualach agus a lán eile nach iad. 

 

Bailte

Cláir don ‘chroílucht féachana’

Mhaífeadh lucht TG4, agus smut don cheart acu, go bhfuil cuid de na cláir faisnéise srl, dírithe ar an gcroíluchtféachana. Bíodh sin mar atá níl mórán clár le sonrú a bhfuil béim fhollasach, neamhleithscéalach acu ar an nGaeltacht. Sraith iontach é Bailte atá ag filleadh in athuair agus tá cuma thaitneamhach ar Ceithre Ráithe sna Déise, sraith ceithre chlár a thabharfaidh léargas ar shaol mhuintir na háite. Tá an baol, áfach, ann go ndíreofar an iomarca ar ‘chártaí poist’ ón nGaeltacht. Caithfear a chinntiú chomh maith go dtabharfar faoi ábhair atá éagsúil agus fiú conspóideach –  sin an chúis go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh toise Gaeltachta le sonrú sa tsraith cúrsaí reatha Iniúchadh TG4. 

 

Scéalta na gCorn

Spórt

Tá cláir spóirt mar mháithreacha le sceideal TG4 i gcónaí. Leanfar le craoladh beo ar pheil na mban, cluichí na bhfear (na cluichí club agus an tsraith náisiúnta), rugbaí, cispheil, dornálaíocht srl. Táthar anois le guailleáil isteach i sacar na mban chomh maith agus clúdach á dhéanamh ar shraith an FAI. Beidh Laochra Gael ag filleadh, ach faoi mar is eol do léitheoirí Tuairisc táim den tuairim go bhfágann an múnla nua an Ghaeilge in áit na leathphingine. Tá cuma shuimiúil ar an tsraith Scéalta na gCorn mar a mbeidh an craoltóir aitheanta Gráinne McElwain ag dul ar fud na tíre le cuntas a fháil ar scéalta na gcorn/trófaithe éagsúla a bhronntar ag gach leibhéal den CLG. 

Fág freagra ar 'Scéalta na mban, teirce na drámaíochta agus breis soláthar cúrsaí reatha – súil ar sceideal fómhair TG4'