Cúrsaí reatha i nGaeilge le filleadh ar RTÉ tar éis breis is 20 bliain

Tá clár cúrsaí reatha nua beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga

Cúrsaí reatha i nGaeilge le filleadh ar RTÉ tar éis breis is 20 bliain

Beidh clár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ an bhliain seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid acu.

Tuigtear do Tuairisc gur Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ a dhéanfaidh an clár a chraolfar uair sa tseachtain.

Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Cé go ndeir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ina thuarascáil nua go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag RTÉ maidir lena bplean cur le líon na gclár Gaeilge a chraolann siad, dúirt sé gur údar imní i gcónaí an easpa clár cúrsaí reatha i nGaeilge.

Cé go bhfuil na socruithe faoin gclár nua fós le deimhniú, meastar gur clár díospóireachta nó cainte a bheidh i gceist.

D’fhágfadh múnla dá leithéid go mbeadh gá le pearsa láidir aitheanta mar láithreoir agus ní hiontas dá bharr go bhfuil caint ann go mbeadh Cormac Ó hEadhra an-oiriúnach don chúram.

Tá an craoltóir as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, atá ina chomhláithreoir ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1, ar dhuine de na Gaeilgeoirí is mó iomrá i saol na craoltóireachta in Éirinn agus is cinnte go gcuirfeadh sé anam in aiséirí an chláir cúrsaí reatha ar RTÉ.

Dá rachfaí ag lorg láithreora taobh amuigh de Dhomhnach Broc bheadh roinnt láithreoirí in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus i seomra nuachta TG4 a dhéanfadh an cúram go binn, ina measc Gormfhlaith Ní Thuairisg, Páidí Ó Lionaird, Beirní Ní Chuinn, Eimear Ní Chonaola, Máirín Ní Ghadhra, is a leithéidí.

Fuarthas amach le linn imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 curtha ar leataobh do chláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Tá dualgas reachtúil chomh maith ar RTÉ 365 uair a chloig de chláracha a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana. Mar chuid den soláthar sin cuireann siad Nuacht TG4 agus an clár seachtainiúil cúrsaí reatha 7Lá ar fáil don stáisiún Gaeilge.

Tá cás na hiriseoireachta Gaeilge ina ábhar cainte le tamall de blianta. Tá ráite cúpla uair ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa ghné sin den chraoltóireacht.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann anuraidh nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh inné, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil “ardú suntasach” tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil gá le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge a fhorbairt má táthar chun a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh.

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil teagmháil rialta ar siúl ag a Oifig le RTÉ maidir le cur i bhfeidhm mholtaí imscrúdaithe a rinne sé in 2018 a léirigh gur sháraigh RTÉ na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin.

Dúirt sé go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta an chloig Gaeilge a bhíonn ar theilifís RTÉ le blianta beaga anuas.

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021. B’ionann é sin is 50% níos mó ná an 600 uair an chloig a bhí geallta, a deir an craoltóir,

“Mar sin féin,” a dúirt Ó Domhnaill, “is ábhar imní i gcónaí a laghad clár cúrsaí reatha as Gaeilge atá ann.”

Fág freagra ar 'Cúrsaí reatha i nGaeilge le filleadh ar RTÉ tar éis breis is 20 bliain'

  • Mairead

    IONTACH