Cláracha do pháistí agus athchraoltaí chun cinn i dteilifís na Gaeilge – taighde

Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann anailís mhion ar sheachtain amháin de chláracha teilifíse Gaeilge agus dátheangacha

Cláracha do pháistí agus athchraoltaí chun cinn i dteilifís na Gaeilge – taighde

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Bíonn craoltóireacht teilifíse na Gaeilge dírithe den chuid is mó ar pháistí agus ar an lucht féachana ginearálta, bíonn sí ag brath ar líon an-ard athchraoltaí agus is ar éigean gurb ann di aon áit eile seachas ar TG4.

Sin cuid den phictiúr den chraoltóireacht Ghaeilge agus dhátheangach a  fhaightear i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann.

Léiríonn an anailís a rinne an BAI ar sheachtain amháin de chláracha teilifíse Gaeilge agus dátheangacha go raibh beagnach dhá thrian díobh dírithe ar pháistí.

Athchraoltaí a bhí i 68% de na cláracha ar fad a craoladh le linn na seachtaine.

Cuirtear mioneolas ar fáil i Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge faoi na cineálacha clár a craoladh, cén lucht féachana ar a raibh siad ag díriú, an leibhéal Gaeilge a bhí iontu agus cibé an ag buaic-am féachana nó a mhalairt a craoladh iad.

Leanaí an lucht féachana ba mhó a raibh na cláir theilifíse dírithe orthu agus an lucht féachana ginearálta ansin.

Ceann amháin as gach cúig chlár a bhí dírithe ar an nduine fásta a bhfuil Gaeilge líofa aige.

Den 5,511 nóiméad de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine a bhí i gceist – an 7-13 Deireadh Fómhair 2019 – craoladh 88% díobh ar TG4 agus 6% díobh ar RTÉ.

77% den ábhar teilifíse a bhí i nGaeilge amháin agus 23% a bhí dátheangach – clár a mbíonn 30% de ar a laghad i nGaeilge an sainmhíniú atá ag an BAI ar chlár dátheangach.

Líon na nóiméad as Gaeilge Teilifís Raidió Móriomlán
Lán-Ghaeilge 4,224 30,978 35,202
Dátheangach 1,287 6,648 7,935
Iomlán 5,511 37,626 43,136

Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019

As an 339 clár Gaeilge nó dátheangach a craoladh  le linn na seachtaine, 224 clár a bhí dírithe ar pháistí, 12 clár a bhí dírithe ar dhaoine fásta agus 101 clár a bhí dírithe ar an lucht féachana ginearálta. Dhá chlár a bhí dírithe ar aosaigh óga.

Cláracha teilifíse – 339 clár
Clár páistí 224 66%
Clár do Lucht féachana ginearálta 101 29.8%
Clár do dhaoine fásta 12 3.5%
Clár d’aosaigh óga 2 0.6%

Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019

16.3 nóiméad ar an meán a mhair na cláracha Gaeilge agus dátheangacha.

Na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh ó Luan go hAoine níor chuaigh ach 16% acu amach ag an mbuaic-am féachana. 19% de na cláracha ag an deireadh seachtaine a chuaigh amach ag an mbuaic-am féachana.

Nuair a fhágtar na cláracha do pháistí as an áireamh craoladh 47% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha ag an mbuaic-am féachana le linn na seachtaine agus 53% a bhí i gceist ag an deireadh seachtaine.

Maidir leis an leibhéal Gaeilge sna 339 clár Gaeilge agus dátheangach bhí 60% acu, 202 clár, dírithe ar thosaitheoirí agus foghlaimeoirí, léiriú eile ar líon ard na gclár do pháistí.

Bhí 73 clár, nó 21.5% den iomlán, dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge ar ‘mheánchaighdeán’ acu. 19%, nó beagán níos lú ná clár amháin as gach cúig cinn, a bhí dírithe ar an gcainteoir líofa fásta.

Spriocleibhéal Gaeilge na gClár Teilifís Raidió
Foghlaimeoir 202 39
Idirmheánach 73 188
Duine líofa 64 509
Iomlán 339 736

Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019

Deirtear sa tuarascáil: “Do chláir Ghaeilge/dhátheangacha ar Raidió ba iad Daoine Líofa an sprioclucht [-éisteachta] is mó, le Cainteoirí idirmheánacha agus Foghlaimeoirí ina ndiaidh. B’fhéidir go míníonn sé seo an fáth go bhfuil na cláir dírithe den chuid is mó ar Dhaoine Fásta.

“A mhalairt phatrúin a bhí i gceist maidir le cláir Teilifíse; ba iad Foghlaimeoirí an sprioclucht [-féachana] is mó do chláir Ghaeilge/Dhátheangacha, le Cainteoirí idirmheánacha agus Cainteoirí líofa ina ndiaidh, rud a léiríonn an céatadán níos mó de chláir atá dírithe ar…[lucht féachana] Ginearálta agus Leanaí,”.

173, nó 51% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine, ba chláracha beochana iad. Cláracha siamsaíochta ab ea 19% de na cláracha agus cláracha fíorasacha (factual) a bhí in 14.4%. 1.5% de na cláracha ba chláracha drámaíochta iad.

Formáid na gClár Teilifís Raidió
Saothar Beochana 173
Siamsaíocht 65 419
Oideachas 55 55
Fíorasach 49 176
Eile 23 23
Clár Faisnéise 19 5
Clár léirmheasa 17 17
Drámaíocht 5 5
Clár nós maireachtála 5 36
Iomlán 339 736

Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019

Cláracha do pháistí an seánra ba mhó le 63.4%, an eolaíocht, an nádúr agus an timpeallacht a bhí sa dara háit ar 10.9% agus bhain 6.5% le seánra an cheoil.

Cláracha cúrsaí reatha agus nuachta a bhí in 15 den 339 clár Gaeilge agus dátheangach a craoladh le linn na seachtaine, nó 4.4% den iomlán.

Ar TG4 a craoladh 278 de na 339 clár, nó 82%.

Seánra na gClár Teilifís Raidió
Clár do Leanaí 215 2
An Eolaíocht, An Dúlra, An Timpeallacht 37 3
Ceol 22 377
Clár creidimh 17 17
Eile 16 19
Nuacht agus Cúrsaí Reatha 15 108
Spórt 13 4
An tSochaí Chomhaimseartha 12 128
An Stair, An Oidhreacht 5 32
Na hEalaíona agus an Cultúr 4 46
Iomlán 339 736

Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann a chéad Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta Gaeilge.

Agus an tuarascáil seo á hullmhú ag an BAI, d’iarr siad ar chraoltóirí sonraí maidir le cláir agus taifeadtaí a chur ar fáil dóibh do sheachtain faoi leith mí Dheireadh Fómhair 2019. Ón eolas sin bhíodar ábalta líon agus réimse na gclár Gaeilge is dátheangach a bhíonn á gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió gach seachtain a thomhas.

Tá sonraí sa tuarascáil faoi cé mhéad nóiméad de chláracha Gaeilge is cláracha dátheangacha a craoladh an tseachtain sin.

Sa tréimhse seacht lá a scrúdaíodh (ón 7-13 Deireadh Fómhair 2019), craoladh 718.93 uair an chloig de chláir a bhí i nGaeilge nó dátheangach, as 1,075 clár ar fad.

Cláir raidió a bhí i gceist 87% den am sin agus 13% a bhí ar an teilifís.

As an 1,075 clár sin ar fad, craoladh 736 clár díobh (68%) ar raidió agus craoladh 339 clár (32%) ar an teilifís.

Bhí 854 clár díobh i nGaeilge (79%) agus dátheangach a bhí 221 clár (21%).

Craoladh 793 (74%) den 1,075 clár ón Luan go hAoine. Craoltóirí Gaeilge a rinne 644 clár den 1,075 clár agus craoltóirí eile a léirigh 431 acu.

Ó thaobh an raidió de, bhí an  scéal níos cothroime mar craoltóirí Gaeilge a léirigh 50% de na cláracha agus craoltóirí eile a léirigh an leath eile. Bhí formhór an ábhair dírithe ar lucht féachana ginearálta nó daoine fásta.

Scéal eile ab ea sonraí na teilifíse mar is craoltóirí seirbhíse poiblí a léirigh 94% de na craoltaí Gaeilge/dátheangacha.

Siamsaíocht an cineál raidió is mó a craoladh (57%), cláir faisnéise an dara rogha (24%) agus oideachas an tríú rogha (7.5%).

Agus é ag caint ar an tuarascáil dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Is fada é aitheanta ag an BAI gur gá cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt san earnáil closamhairc. Creidimid má bhíonn pictiúr cruinn againn de líon agus caighdeán an ábhair atá á chraoladh againn, gur fearr a bheimid ábalta buanna agus laigí na gclár a aithint agus díriú ar na réimsí a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu.

“Cé nach raibh an taighde seo ag díriú ar chomhlíonadh dualgais, is léir go bhfuil craoltóirí dílis go maith dá ndualgais i leith cláracha Gaeilge agus aithnítear sa tuarascáil roinnt réimsí a bheidh le feabhsú amach anseo.”

Dúirt O’Keeffe go raibh an BAI tiomanta “eolas agus sonraí a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile go leanúnach ar mhaithe le heolas agus feasacht ar chláracha Gaeilge/dátheangacha a fheabhsú agus deiseanna forbartha amach anseo a aithint.”

Fág freagra ar 'Cláracha do pháistí agus athchraoltaí chun cinn i dteilifís na Gaeilge – taighde'

  • Colm ó Cathasaigh

    Céard faoin céadatán atá dírithe ar Oideachas?