Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách 

Moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana

Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách 

Tá glactha ag an Rialtas leis an moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ agus céim eile tógtha ag an stáisiún Gaeilge i dtreo a sholáthar nuachta féin a chur ar fáil.

Moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán inné go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá sé ina sprioc ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le tamall go mbeadh neamhspleáchas ag an stáisiún ó thaobh na nuachta agus cúrsaí reatha seachas a bheith ag brath ar sholáthar RTÉ, mar atá faoi láthair.

Tá obair ar bun cheana féin ag TG4 lena seirbhís nuachta a stiúradh agus é fógartha le gairid go raibh sé i gceist ag an stáisiún a eagarthóir nuachta féin a fhostú an bhliain seo chugainn, neamhspleách ar RTÉ, chun ábhar nuachta an stáisiúin a threorú agus a fhorbairt.

Chuir Esslemont fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála, a bhfuil a cuid moltaí ar fad glactha leo ag an Rialtas, seachas an ceann a mhol fáil réidh leis an gceadúnas teilifíse agus córas maoinithe díreach ón Státchiste a thabhairt isteach ina áit.

“Fáiltímid go sonrach roimh an moladh go nglacfadh TG4 smacht eagarthóireachta neamhspleách ar Nuacht TG4. Seo aidhm sheanbhunaithe TG4 a neartóidh iolrachas na bhfoinsí nuachta in Éirinn,” a dúirt Esslemont.

Moltar freisin sa tuarascáil gur chóir don stát breis maoinithe a chur ar fáil do TG4 agus ráite inti go gcuireann “srianta airgeadais teorainn lena chumas a sciar den lucht féachana a mhéadú, infheistíocht a dhéanamh in ábhar méadaithe ar líne nó freagairt d’éilimh bhreise ar sheirbhís phoiblí”.

Mar sin féin, dúirt Esslemont nach leor an t-ardú atá luaite ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán.

Deirtear sa tuarascáil gur cheart don stát maoiniú €48.7m a chur ar fáil do stáisiún in 2023. Méadú a bheadh ansin ar an €45m atá á chur ar fáil do TG4 i mbliana ach bheadh sé níos lú ná an €53m atá á lorg ag TG4 ó Bhuiséad 2023.

“Léiríonn moltaí maoinithe na tuarascála féin arís easpa uaillmhéine an stáit i leith na Gaeilge, maoiniú poiblí TG4 socraithe ag níos lú ná an ceathrú cuid de mhaoiniú poiblí RTÉ agus ár maoiniú iomlán ag thart ar an deichiú cuid de láimhdeachas RTÉ,” ar sé. 

Dúirt Esslemont gur cheart go mbeadh Éire ar an “ceannaire is fearr sa rang’ i réimse na meán mionteanga i bhfianaise stádas bunreachtúil na Gaeilge ach, dar leis, tá sí i bhfad taobh thiar de go leor áiteanna eile, An Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach ina measc.

Fág freagra ar 'Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách '

  • An Teanga Bheo

    Cén chaoi bhfuil sé neamhspleách muna bhfuil neart Euros ag an Rialtas ??

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    I gcás go mbeadh Nuacht TG4 neamspleách ó RTÉ, an gciallaíonn san nach mbeadh athchraoladh Nuacht 7.00 ar fáil ar RTÉ News ar 8.00? Bíonn san áiseach mar atá.

  • Seán ÓM

    Iontach an scéal.

    Ag súil go mór le “súil eile” arís.
    Le cúpla bliain anuas, tá nuacht TG4 tréis éirí cosúil le seirbhís aistriúcháin don nuacht as Béarla ar RTÉ.

    Ach sea – tá ceart ag Feargal. Tá súil agam nach ndéanann sé seo docair don nuacht as Gaeilge ar RTÉ ag am céinne. Nfheadar cén réiteach nó comhréiteach s bheidh acu faoi sin.