‘Níl seirbhís nuachta TG4 ag feidhmiú’ – ceannasaí TG4

Dúirt Alan Esslemont ag cruinniú de Choiste Oireachtais go mbeadh sé casta an nasc le RTÉ ó thaobh na nuachta a bhriseadh tar éis 25 bliain ach thug sé le fios nach mbeadh aon doicheall ag TG4 roimh a leithéid de chinneadh

‘Níl seirbhís nuachta TG4 ag feidhmiú’ – ceannasaí TG4

Níl an socrú idir TG4 agus RTÉ ó thaobh nuacht na Gaeilge “ag feidhmiú” agus bíonn Nuacht TG4 “tanaí“, a deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt ceannasaí an stáisiúin Ghaeilge gur chóir d’fhoireann na nuachta dearmad a dhéanamh ar an “máthairbhranda [RTÉ] agus díriú go hiomlán ar bhranda TG4”.

“Faoi láthair tá siad tarraingthe idir an dá rud agus dar liomsa níl sé ag feidhmiú agus cuid den ábhar is fearr tá sé ag teacht amach i mBéarla sul má chuireann muide amach i nGaeilge é,” a dúirt Alan Esslemont.

“Ó thaobh an rud a dúirt tú faoi bhriseadh nuachta, aontaím leat go hiomlán. Go hiondúil tagann briseadh nuachta suas go minic ar do fón agus tá fón ag chuile dhuine agus sin an áit atá tú ag iarraidh briseadh nuachta a fheiceáil. Níl aon struchtúr digiteach nuachta againn agus ba cheart go mbeadh.

“Agus sin an rud atá sa phlean, táimid a rá, caithfidh TG4 – agus seo plean a tháinig ó Bhord TG4 – caithfidh TG4 ceannas eagarthóireachta a bheith againn ó thaobh fís na nuachta a leagan amach, caithfidh muid cur leis na hacmhainní atáimid a chur i dtreo na nuachta agus chomh maith leis sin caithfimid an fostruchtúr seo ó thaobh na haipe digití a chur ar fáil.”

Dúirt Alan Esslemont gur rogha eile a bheadh ann ná deireadh a chur leis an socrú reachtúil go gcuireann RTÉ uair an chloig de chláir in aghaidh an lae ar fáil do TG4, Nuacht TG4 agus 7Lá san áireamh. Ceist don Oireachtas a bheadh ansin, áfach, a dúirt sé.

Nuair a d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív de cé acu socrú ab fhearr leis féin, thug ceannasaí TG4 le fios go mb’fhearr leis deireadh a chur leis an socrú le RTÉ ach tuilleadh acmhainní a bheith ar fáil.

“Mar fheidhmeannas, tá sé i gcónaí níos éasca a bheith ag plé leis an airgead díreach, mar tá a fhios agat céard atá tú ag iarraidh a chur ar aghaidh i do bhranda féin. Tá sé níos éasca ar an mbealach sin, tá sé níos glaine.”

Dúirt Esslemont go mbeadh sé casta an nasc le RTÉ ó thaobh na nuachta a bhriseadh tar éis 25 bliain ach thug sé le fios nach mbeadh aon doicheall ag TG4 roimh a leithéid de chinneadh.

“Dá ndéarfadh sibhse amárach nó an bhliain seo chugainn, táimid ag fáil réidh leis an uair an chloig sa lá agus táimid ag cur acmhainn go leor (agus sin an cheist eile a bheadh againn) ar fáil le seirbhís cheart nuachta atá ‘always on digital’, mar a deir siad, agus atá ag feidhmiú ag an leibhéal céanna is a bheadh tú ag iarraidh i mBéarla, déarfadh Feidhmeannnas TG4, ‘cinnte’… Ach is ceist pholaitiúil atá ann.”

Dúirt Alan Esslemont gurb í tuairim Bhord TG4 go raibh an clár nuachta a chraoltar ar TG4 ag 7pm gach tráthnóna “tanaí” agus nach raibh “aon phróifíl dhigiteach nuachta ar chor a bith” ag TG4.

Dúirt sé go mbíonn “comhoibriú iontach” idir RTÉ agus TG4 ó thaobh na nuachta ach “i ndeireadh na dála” go raibh “ceist ceannasaíocht eagarthóireachta” i gceist.

Dúirt sé go mbíonn iriseoirí na Gaeilge ag soláthar do dhá bhranda nuachta – nuacht ar RTÉ agus Nuacht TG4 agus gur léirigh suirbhé a rinneadh le déanaí “gur mar a chéile tríd is tríd” atá an dá sholáthar.

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly d’Ardstiúrthóir TG4 an amhlaidh go raibh teipthe ar ‘Súil Eile’ an stáisiúin i gcás na nuachta.

“Aontaím leat gurb í an tseirbhís nuachta a dhéanann sainmhíniú ar aon chraoltóir seirbhíse poiblí,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt sé nach raibh seirbhís cheart nuachta ag TG4 ach nach raibh aon locht ar na daoine a bhí ag obair uirthi.

Dá ndéanfaí infheistíocht mar is cóir in iriseoireacht na Gaeilge thiocfadh “rudaí iontacha chun cinn”, ar sé.

Dúirt Esslemont gurb í an teachtaireacht leanúnach a bhí ag teacht ón Stát ná nach raibh aon tábhacht leis an nGaeilge agus nárbh fhiú acmhainní “a chur amú ar chraoltóireacht na Gaeilge”.

“Níl dóthain acmhainní in iriseoireacht na Gaeilge agus sin tús agus deireadh an scéil,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4.

Cuireadh stop tráthnóna inné le plé i dTithe an Oireachtais faoi sholáthar Gaeilge RTÉ toisc, a dúradh, gur “cur amú ama” a bhí ann.

Shocraigh baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gan dul ar aghaidh leis an gcruinniú le feidhmeannaigh ó RTÉ nuair a dúirt siad nach raibh ar a gcumas ceist a fhreagairt faoin scéala gur chinn an Coimisinéir Teanga go mbíonn an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge á shárú ag RTÉ.

Sular cuireadh stop leis an gcruinniú, rinne Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, cosaint láidir ar chur chuige an stáisiúin i leith na nuachta Gaeilge.

“I gcomhpháirtíocht le TG4, tá Nuacht seolta as an nua le ceithre bliana ag RTÉ. Tá aitheantas nua tugtha di, í athraithe isteach i stiúideo níos mó agus infheistíocht shuntasach déanta inti chun clár 42 seachtain a dhéanamh de 7 Lá chomh maith le dhá phost breise a chur leis an bhfoireann i mBaile na hAbhann.

“Den chéad uair, tá aitheantas amháin ag Nuacht ar fud an dá chraoltóir – sin fianaise ar dhá eagraíocht meán seirbhíse poiblí na hÉireann ag obair le chéile ar mhaithe le lucht féachana na hÉireann.”

Fág freagra ar '‘Níl seirbhís nuachta TG4 ag feidhmiú’ – ceannasaí TG4'

  • An Teanga Bheo

    Ach cén chaoi le neamhspleáchas a fháil inniu ?

  • Pól Ó Collata

    Chun seirbhís iomlán nua a chruthú is a mhuscailt, is dócha – le neamhspleáchas agus níos mó achmhainní, bheadh TG4 in ann clár a heagrú nach mbeadh ina mhacasamhail do leithéidí RTÉ, Virgin nó BBC, mar shamplá, a chuireadh béim glan ar cúrsaí reatha náisiúnta, idirnáisiúnta, ealaíne agus spórt, le dearcthaí difriúla.