Stop curtha i seomra na Dála le cruinniú le RTÉ faoi nuacht agus cúrsaí reatha Gaeilge

Shocraigh baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gan dul ar aghaidh le cruinniú le feidhmeannaigh ó RTÉ nuair a dúirt siad nach raibh ar a gcumas ceist a fhreagairt faoi sholáthar Gaeilge an stáisiúin

Stop curtha i seomra na Dála le cruinniú le RTÉ faoi nuacht agus cúrsaí reatha Gaeilge

Cuireadh stop tráthnóna le plé i dTithe an Oireachtais faoi sholáthar Gaeilge RTÉ toisc, a dúradh, gur “cur amú ama” a bhí ann.

Shocraigh baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gan dul ar aghaidh leis an gcruinniú le feidhmeannaigh ó RTÉ nuair a dúirt siad nach raibh ar a gcumas ceist a fhreagairt faoin scéala gur chinn an Coimisinéir Teanga go mbíonn an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge á shárú ag RTÉ.

Thug toscaireacht an stáisiúin, Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ agus Joe Reddington Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, le fios nach raibh ar a gcumas ceist a fhreagairt faoi chás na Gaeilge in RTÉ.

Chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ceist ar ionadaithe RTÉ ar ghlac siad le cinneadh an Choimisinéara Teanga in 2019 go raibh an reachtaíocht chraolacháin á sárú ag RTÉ toisc nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge.

Mar chuid den imscrúdú sin, dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh a ndualgas i leith cúrsaí reatha Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ.

Dúirt Jon Williams nár bhain an cheist faoi chinneadh an Choimisinéara leis-sean agus thug Joe Reddington gurb amhlaidh an scéal aige féin.

Mhol an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee go gcuirfí an cruinniú le RTÉ ar athlá nó go mbeadh fáil ar dhuine ní ba shinsearaí chun an cheist a fhreagairt. Thacaigh Catherine Connolly agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív leis an moladh sin.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur “cur amú” ama a bhí ann mura bhféadfaí ceisteanna a fhreagairt faoi sholáthar Gaeilge RTÉ.

Dheimhnigh Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur tugadh cuireadh do Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ, a bheith i láthair ag an gcruinniú.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur léiriú é sin ar dhearcadh RTÉ i leith na Gaeilge

“Taispeánann seo chuile shórt, tá Príomhfheidhmeannach TG4 anseo agus níl Príomhfheidhmeannach RTÉ anseo,” a dúirt sé.

Dúirt Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Jon Williams, gurb é an tuiscint a bhí aige féin ná gur faoi chláir nuachta agus cúrsaí reatha amháin a bheadh an cruinniú. Tháinig sé féin agus a chomhghleacaí “le dea-intinn” ach níor mhaith leis baill an choiste a chur amú trí bheith ag caint faoi chúrsaí nár bhain lena réimse saineolais.

Thug sé le fios go raibh a ndualgas reachtúil sna réimsí sin á chomhlíonadh ag RTÉ ach nach raibh ar a chumas labhairt faoi chinneadh an Choimisinéara.

Ghlac RTÉ le torthaí imscrúdú an Choimisinéara Teanga agus cuireadh plean faoina bhráid chun cur le líon na n-uaireanta an chloig i nGaeilge a chraolann siad.

D’aontaigh baill an Choiste go gcuirfí an cruinniú ar athlá nó go mbeadh ar chumas Ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, teacht ina láthair.

D’fhág ionadaithe RTÉ seomra na Dála, mar a raibh an cruinniú coiste ar siúl, agus tar éis sosa tosaíodh ar chúrsaí nuachta agus eile a phlé le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Fág freagra ar 'Stop curtha i seomra na Dála le cruinniú le RTÉ faoi nuacht agus cúrsaí reatha Gaeilge'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cuid den bhfadbh anseo ná nár mhaith le TG4 féin morán cúrsaí reatha. B’fhearr leis an gcraoltóir cláracha faoin stair anallód agus ceol tíre is a leithéid seachas cláracha fiosraitheacha. Tuigim go ndúirt an Ard Stiúrthóir a mhalairt le déanaí ach bhí sé ina gcónaí ina throid ag an bórd (trath go rabhas i mo bhall) agus mé ag iarraidh go mbeadh níos mó ná clár leath uaire cúrsaí reatha amháin sa seachtain ann. Deineadh iarracht a chuir ina luí orm uair amháin gur clár cúrsaí reatha abea ‘Comhrá’ le Máirtín Tom Sheáinín!