RTÉ muiníneach go gcomhlíonfar a dhualgas reachtúil i leith TG4 in 2022

Theip ar RTÉ an dualgas atá orthu 365 uair an chloig d’ábhar a chur ar fáil do TG4 sa bhliain a chomhlíonadh le linn na paindéime ach deir siad go bhfuil cúiteamh déanta as sin anois

RTÉ muiníneach go gcomhlíonfar a dhualgas reachtúil i leith TG4 in 2022

Deir RTÉ go mbeidh an dualgas reachtúil atá ar an stáisiún cláir a chur ar fáil do TG4 comhlíonta go hiomlán acu faoin am a dtiocfaidh deireadh leis an socrú is deireanaí idir an dá stáisiún ag deireadh na bliana.

Theip ar RTÉ an 365 uair an chloig d’ábhar atá orthu a chur ar fáil do TG4 gach bliain a sholáthar go hiomlán i mblianta na paindéime, 2020 agus 2021.

Ach deir RTÉ go bhfuil go bhfuil cúiteamh déanta as sin anois agus go mbainfear an sprioc reachtúil amach go hiomlán i mbliana.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana.

Is minic mbíonn easaontas ann faoi cé acu an mbíonn nó nach mbíonn RTÉ ag comhlíonadh a dhualgais mar ba chóir ach deir an craoltóir náisiúnta go mbeidh gach uair an chloig a bhí ag dul do TG4 idir 2018 agus 2022 faighte ag an stáisiún Gaeilge faoi dheireadh na bliana seo.

D’áitigh RTÉ gurb iad na deacrachtaí a chruthaigh an phaindéim san earnáil léiriúcháin ba chúis leis an easnamh i soláthar an stáisiúin do TG4 le cúpla bliain anuas.

Bhí ar RTÉ 13 uair an chloig d’ábhar breise a chur ar fáil do TG4 anuraidh agus craoladh deich n-uair an chloig d’ábhar ar TG4 an samhradh seo chun an bhearna a bhí ann in 2021 a chúiteamh.

“In ainneoin na ndeacrachtaí uile a chruthaigh Covid-19 do chúrsaí léiriúcháin, tá RTÉ ar an mbóthar ceart chun na huaireanta uile a chomhaontaigh an dá chraoltóir inár bPrótacal 2018 – 2022 a sholáthar do TG4 roimh dheireadh 2022,” a dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc.

Ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar nós Nuacht TG4 agus 7Lá atá i gceist le thart ar leath den 365 uair an chloig d’ábhar a chuireann RTÉ ar fáil do TG4. In 2021, bhí Comhluadar Ceoil, Réalta agus Gaolta, Junior Eurovision, Go Gasta agus Rugbaí Beo i measc na sraitheanna a sholáthair RTÉ do TG4

Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil 2021 RTÉ an tseachtain seo agus tugtar le fios inti gur tháinig méadú 5% ar chaiteachas RTÉ ar nuacht, cúrsaí reatha agus an aimsir ar TG4 – ó €4.954m in 2020 go dtí €5.209m in 2021. B’in an t-airgead is mó a chaith RTÉ ar an réimse sin ar TG4 in aon bhliain amháin ó 2016.

De réir RTÉ €7.465m ar fad a chaith siad ar chláir a rinneadh in Éirinn agus a craoladh ar TG4 in 2021.

Tháinig laghdú beag ar chaiteachas RTÉ ar chláir RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh, ó €9.871m in 2020 go dtí €9.759m in 2021 – laghdú 1%.

Sa tuarascáil bhliantúil, deir RTÉ gur theip orthu an sciar de na daoine fásta (15+) a mbíonn a n-aird ar RnaG i rith na seachtaine a choinneáil ag 3% nó níos mó, ceann de ghealltanais feidhmíochta RTÉ.

Sciar seachtainiúil 2% a bhí i gceist don lucht éisteachta sin in 2021, dar le RTÉ, ach deirtear go raibh “sástacht i measc éisteoirí ag ardú i leith an stáisiúin”.

Deir RTÉ gur éirigh leo gealltanas feidhmíochta eile a bhain leis an nGaeilge a bhaint amach, sin é go mbeadh breis is 60% den phobal den tuairim go gcuireann RTÉ “seirbhís chuimsitheach ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge”.

Deir RTÉ gur craoladh breis agus 900 uair an chloig d’ábhar i nGaeilge ar stáisiúin teilifíse an chraoltóra in 2021, breis agus 1,000 uair an chloig ar an RTÉ Player, agus nach mór 9,000 uair an chloig ar a seirbhísí raidió, “rud a sháraigh na spriocanna ar fad,” a deirtear.

Ina thuarascáil bhliantúil féin, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh dul chun cinn déanta ag RTÉ maidir le hábhar i nGaeilge a chur ar fáil ach go bhfuil “go leor oibre le déanamh fós” chun a dhualgais reachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Dúirt Ó Domhnaill gur “ábhar imní” a bhí sa laghad clár cúrsaí reatha as Gaeilge a chraoltar ar RTÉ.

Fág freagra ar 'RTÉ muiníneach go gcomhlíonfar a dhualgas reachtúil i leith TG4 in 2022'