Teipthe ar an Roinn Ardoideachais a rá cé mhéad a chaitear ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal

Deir Sinn Féin gur ábhar imní é nach bhfuil an Roinn in ann figiúr a thabhairt maidir le caiteachas ar chúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge

Teipthe ar an Roinn Ardoideachais a rá cé mhéad a chaitear ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal

Níl an Roinn Ardoideachais in ann a rá cé mhéad a chaitheann an Rialtas ar chúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Deir an tAire Simon Harris nach bhfuil an líon airgid a chaitear ar chúrsaí Gaeilge san earnáil ardoideachais ná san earnáil breisoideachais “ar fáil go réidh” agus gur faoi gach institiúid ar leith atá sé cé mhéad a chaitear ar an nGaeilge.

Is é urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a d’iarr ar an Aire cé mhéad de bhuiséad na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a chaitear ar chúrsaí Gaeilge nó ar mhúineadh trí Ghaeilge. Deir sé gur ábhar imní é teip an Aire an t-eolas a chur ar fáil.

“Ní chóir go mbeadh sé deacair ar Roinn atá i gceannas ar an ardleibhéal agus cúrsaí taighde figiúirí simplí a fháil ar an gcaiteachas a dhéanann siad féin ar oideachas trí Ghaeilge,” arsa an Teachta Ó Snodaigh.

“Is cosúil nach ndearna an tÚdarás um Ardoideachas sonraí a bhailiú riamh ar chás na Gaeilge in ainneoin go bhfuil sé mar chuspóir acu sa reachtaíocht ó bunaíodh iad i 1971 an Ghaeilge a chur chun cinn. Is cosúil chomh maith nár lorg aon Aire na figiúirí sin ón Údarás ach oiread.

“Munar féidir leis an Údarás an buntaighde a dhéanamh, conas isa féidir brath orthu rudaí níos uaillmhianaí a dhéanamh agus tabhairt faoi shuim na mac léinn staidéar a dhéanamh trí Ghaeilge ní hamháin a shásamh ach a spreagadh?”

I bhfreagra an Aire Harris, dúirt sé go raibh €1,766,000 sa bhliain curtha ar leataobh d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh agus €900,000 eile sa bhliain ar fáil do na hollscoileanna agus na coláistí le tacú le húsáid na Gaeilge i measc mac léinn agus lucht foirne. 

Measann an Teachta Ó Snodaigh nárbh aon údar gaisce a bhí ansin agus breis is €2 billiún le caitheamh ar earnáil an ardoideachais ag an Rialtas in 2022.

Ina fhreagra, thug an tAire Harris le fios go bhfuil líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar chúrsaí Gaeilge, nó atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, méadaithe ó 2,145 sa bhliain acadúil 2016/2017 go 2,695 sa bhliain acadúil 2020/2021, ardú breis is 25%.

Deir Ó Snodaigh, áfach, nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh go fóill ar dhaltaí a thagann trí earnáil an Ghaeloideachais agus daltaí eile ar suim leo cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a dhéanamh.

Deir sé go bhfuil suas le 50,000 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre, go bhfuil beagnach 17,000 eile ag staidéar in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ach go dtiteann na figiúirí “thar bhruach aille” ag an tríú leibhéal.

“Tá 49,599 ag freastal ar Ghaelscoileanna fud fad na tíre, agus titeann sé sin go 16,944 ag staidéar trí Ghaeilge ag Gaelcholáistí ag an dara leibhéal, agus is léir ó fhigiúirí éiginnte an Aire go dtiteann sin thar bhruach aille ag an ardleibhéal.

“Is gá don Aire anois, bunaithe ar na freagraí seo, iarraidh ar an Roinn agus ar an Údarás sonraí agus figiúirí cearta a aimsiú agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an gcaiteachas ar Ghaeloideachas ardleibhéil chomh maith le líon na mac léinn, ionas gur féidir cás na Gaeilge ann a thuiscint agus a fheabhsú,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur léir nach bhfuil feidhm leis an gcosaint reachtúil i leith na Gaeilge ó thaobh dhualgais an Údaráis um Ardoideachas. 

“Is measa an scéal go bhfuil an tAire Harris ag iarraidh na cosaintí beaga sin fiú a laghdú sa Bhille nua atá beartaithe aige. Coinneoidh Sinn Féin orainn ag ardú na ceiste seo go dtí go dtugann an rialtas agus an tAire Harris éisteacht dúinn.“

Bhí conspóid ann anuraidh nuair a chosain an tAire Harris cinneadh gan tagairt dhíreach ar bith don Ghaeilge a chur sa Bhille Ardoideachais nua atá á rith aige. Chuaigh an tAire siar ar an gcinneadh sin ar deireadh agus tá cuspóir sa bhille a foilsíodh ag tús na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal.

Tá Teachtaí Dála de chuid an Rialtais agus an fhreasúra ag éileamh go dtabharfaí cosaint níos láidre don teanga sa reachtaíocht, áfach.

Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta, an tseachtain seo caite go bhfuil sé ar nós go bhfuil an tAire Ardoideachais Simon Harris “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Fág freagra ar 'Teipthe ar an Roinn Ardoideachais a rá cé mhéad a chaitear ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Tá cluiche cam á imirt ag Simon Harris. Ach is cluiche éifeachtach é. Cluiche straitéiseach. Dírithe ar an mhuintir atá ag iarraidh oideachas tríú leibhéal as Gaeilge; dírithe ar thabhairt orthu an cath a throid ar an bhoglach achrannach – an troid a dhéanamh ar son beagán Gaeilge in institiúidí Béarla, a gcuid fuinnimh a chaitheamh ag iarraidh institiúidí Béarlacha a Ghaelú (agus an beagán sin, nuair a gheobhadh siad é, a choinneáil Gaelach) – rolladh na cloiche suas le mala mar a dhéanadh Sisifeas fadó. Saothrú gan toradh a bhfuil seantaithí ag ‘gluaiseacht na Gaeilge’ air.

    Rud ab fhiú a éileamh, rud is féidir a shainiú, agus rud ab fhéidir a bhaint amach – ár n-ollscoil lán-Ghaelach féin. Agus sciar de na seacht míle dhéag sin de dhaltaí Ardteiste le Gaeilge a chur ionsuirthi gach bliain. Agus céimithe ardoilte a chur fáil do na hearnálacha a dteastaíonn siad iontu – an státchóras féin, na comhlachtaí poiblí agus leathphoiblí, na seirbhísí riachtanacha, na hinstitiúidí Eorpacha.

    An bhfuil an t-éileamh sin ró-radacach nó ró-réabhlóideach? Ag Sinn Féin? Nó arbh fhearr leo an chluichíocht?