Tacaíocht bhreise le fógairt do mhná tí na Gaeltachta ach gan aon súil le féirín mór don Ghaeilge

Agus breis is €3.6 billiún le fógairt inniu do bheartais ghearrthréimhseacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim ní dócha go mbeidh oiread sin fágtha sa chiste d'arduithe buana áiteanna eile

Tacaíocht bhreise le fógairt do mhná tí na Gaeltachta ach gan aon súil le féirín mór don Ghaeilge

Bhí sé ina imní i measc lucht teanga aréir go mbeidh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta thíos leis an mbéim atá ar an ngéarchéim costas maireachtála i mBuiséad 2023.

Agus breis is €3.6 billiún le fógairt inniu do bheartais ghearrthréimhseacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim ní dócha go mbeidh oiread sin fágtha sa chiste d’arduithe buana áiteanna eile.

Mar sin féin, meastar go mbeidh mná agus fir tí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i measc na ndreamanna a dhéanfaidh go maith as an mBuiséad.

Tuairiscítear go raibh ardú 10% ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta i measc na mbeartas buiséid a bhí á scrúdú ag an Rialtas.

€11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh ó ardaíodh an liúntas ó €10 níos túisce i mbliana.

Ba é sin an chéad ardú ar an liúntas ó 2017.

Breis is €500,000 a chosnódh an íocaíocht bhreise agus bhainfeadh tuairim is 700 teaghlach Gaeltacht leas as.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil sé i gceist cur go mór leis an deontas a íoctar le mná tí atá ag smaoineamh ar lóistín a chur ar fáil do na coláistí samhraidh den chéad uair.

D’fhéadfadh go n-ardófaí an deontas tosaithe ó €2,000 go €6,000.

Tá fadhb le tamall ag na coláistí samhraidh mná tí nua a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil agus mná tí a choimeád sa chóras.

Beidh súil ghéar á coinneáil chomh maith ar chiste na Gaeilge i mbliana féachaint an gcuirfear maoiniú breise ar fáil chun tús a chur an bhliain seo chugainn le feidhmiú an bhille teanga.

Breis is €10 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4 i mBuiséad 2022, nó thart ar 5% den bhreis is €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ní mór an dóchas a bhí ag lucht na teanga ar labhair Tuairisc aréir leo go dtiocfadh aon ardú air sin agus imní orthu nach mbeidh aon fhéirín rómhór dóibh sa Bhuiséad don dara bliain as a chéile.

Níl aon ardú mór á thuar do leithéidí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus meastar gur i dtreo an chultúir agus na n-ealaíon a rachadh an chuid is mó d’aon mhaoiniú breise a chuirfear ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán.

Tuairiscítear go gcuirfear €6 milliún ar fáil chun scéim nua a bhunú do na meáin le cabhrú leo díriú níos mó ar obair na n-údarás áitiúil agus ar imeachtaí na gcúirteanna. D’fhéadfadh go laghdófaí go 0% an cháin bhreisluacha a ghearrtar ar na meáin chlóite.

I réimse an spóirt, tá maoiniú le cur ar fáil do chlubanna chun cabhrú leo íoc as tuilsoilse agus billí fuinnimh eile. Cuirfear €6 milliún eile ar leataobh don Phlean Gnímh Spóirt agus chun cabhrú le lúthchleasaithe ullmhú do Chluichí Oilimpeacha Pháras in 2024.

Tá TG4 ag lorg breis is ocht milliún euro breise ón Rialtas don bhliain seo chugainn chun cainéil nua a bhunú, chun cláir do dhaoine faoi 35 a dhéanamh agus chun cur le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiún.

Deir TG4 go gcruthódh an maoiniú breise thart ar 130 post nua in earnáil na léiritheoirí neamhspleácha in 2023.

€85.6 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2022 do Roinn na Gaeltachta

€6.3 milliún breise a cuireadh ar fáil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta an bhliain seo chugainn

Deir Sinn Féin go gcuirfí os cionn €20 milliún breise ar fáil an bhliain seo chugainn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeidís féin i mbun Bhuiséad 2023.

Beagnach €25 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2023.

Is do TG4 agus d’Údarás na Gaeltachta is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an gConradh i mbliana agus €8 milliún breise á lorg don dá eagraíocht.

Fág freagra ar 'Tacaíocht bhreise le fógairt do mhná tí na Gaeltachta ach gan aon súil le féirín mór don Ghaeilge'