Nach mór €25 milliún breise á lorg don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2023

Is do TG4 agus d’Údarás na Gaeltachta is mó atá maoiniú breise á éileamh ag Conradh na Gaeilge i mbliana agus ‘coinníoll teanga’ curtha acu lena n-éilimh sa dá chás

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Beagnach €25 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2023.

Is do TG4 agus d’Údarás na Gaeltachta is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an gConradh i mbliana agus €8 milliún breise á lorg don dá eagraíocht.

Tá coinníoll curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-éileamh don Údarás agus do TG4 i mbliana.

I gcás an Údaráis tá an maoiniú breise á lorg ar an tuiscint go gcaithfí é ar an bpleanáil teanga agus ar chruthú fostaíochta atá bunaithe ar an teanga. Táthar ag iarraidh chomh maith go gceapfaí oifigeach óige nua i ngach ceantar Gaeltachta agus tá airgeadh breise á lorg do na coláistí samhraidh agus na comharchumainn Ghaeltachta.

I gcás TG4 tá éileamh Chonradh na Gaeilge bunaithe ar an dtuiscint go n-úsáidfí an €8.3 milliún breise chun níos mó clár Gaeilge a dhéanamh. Chomh maith leis sin, tá thart ar €2.7 milliún á lorg d’Fhoras na Gaeilge. Táthar ag iarraidh go gcaithfí an t-airgead sin ar lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, ar chlár na leabhar Gaeilge, ar na meáin Ghaeilge, ar na ceanneagraíochtaí, ar fhorbairt líonraí Gaeilge agus ar scoláireachtaí do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste.

Thart ar €4 mhilliún atá á lorg do Roinn na Gaeltachta féin chun cur lena scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta. Tá €1.7 milliún á lorg don Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge chun go bhféadfadh sí “bláthú”, camchuairteanna a dhéanamh agus deiseanna fostaíocht agus oiliúna níos mó a chur ar fáil.

Pléifidh Conradh na Gaeilge Buiséad 2023 le Teachtaí Dála agus Seanadóirí an mhí seo chugainn mar chuid dá bhfeachtas stocaireachta ‘Seas2022’.

Ardú 9% a fógraíodh ar chiste Roinn na Gaeltachta sa Bhuiséad deireanach.

€85.6 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2022 do Roinn na Gaeltachta i gcomparáid leis an €78.6 milliún a bhí ag an Roinn in 2021.

€4.2 milliún breise a fógraíodh do TG4 anuraidh, rud a d’fhág go raibh beagnach €45 milliún ag an stáisiún in 2022.

Breis is €10 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4 i mBuiséad 2022, nó thart ar 5% den bhreis is €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Deir Conradh na Gaeilge go n-aithníonn siad go bhfuil tús déanta ag an Rialtas maidir le cur le ciste na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2019 i leith. €32 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge idir 2019-2022, ardú 46%. Deir Conradh na Gaeilge, áfach, go bhfuil gá le “cothromaíocht” a bhaint amach don teanga i gcónaí mar gur ardú 83% a bhí i gceist ar an gcaiteachas ar chúrsaí cultúir sa tréimhse chéanna agus gur ardú 207% a bhí i gceist i réimse na hoidhreachta.

Is ar an 27 Meán Fómhair a fhógrófar Buiséad 2023 agus cinneadh glactha ag an Rialtas é a fhógairt  coicís níos túisce ná mar a bhí beartaithe.

I Ráiteas Eacnamaíoch Samhraidh an Rialtais tuairiscíodh go mbeidh bearta caiteachais agus cánach luach €6.7 billiún i mBuiséad na bliana seo chugainn. Teastaíonn €3 bhilliún de sin leis an seirbhísí poiblí atá againn faoi láthair a choinneáil ag imeacht, rud a d’fhágfadh an €3.7 billiún eile le roinnt lá an Bhuiséid.

Tá an buiséad €6.7 billiún atá á thuairisciú dhá bhilliún níos mó ná mar a gealladh níos túisce i mbliana.

Anuraidh d’fhógair an Comhrialtas plean cúig bliana le teacht ón tionchar a bhí ag paindéim an Covid-19 ar an tír, agus gealladh nach ndéanfaí aon ardú níos mó ná 5% sa mbliain ar an gcaiteachas poiblí. Caithfear, a deirtear, an plean sin a chaitheamh i dtraipisí i mbliana de bharr an boilsciú atá ag tarlú sa tír. I ráiteas eacnamaíoch an tsamhraidh deirtear go mbeidh ardú 6.5% ar an gcaiteachas poiblí in 2023, “ardú sealadach aon uaire” mar a thugtar air.

Fág freagra ar 'Nach mór €25 milliún breise á lorg don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2023'