Os cionn €20 milliún breise geallta ag Sinn Féin don Ghaeilge ina mbuiséad malartach

Deir Sinn Féin go dtabharfaidís ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge ach iad a bheith i gcumhacht

Os cionn €20 milliún breise geallta ag Sinn Féin don Ghaeilge ina mbuiséad malartach

Pearse Doherty TD, Mary Lou McDonald TD agus Mairéad Farrell TD. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Deir Sinn Féin go gcuirfí os cionn €20 milliún breise ar fáil an bhliain seo chugainn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeidís féin i mbun Bhuiséad 2023, atá le fógairt an tseachtain seo chugainn.

Ina mBuiséad malartach, a foilsíodh inniu, cuirtear €4.5 milliún breise ar leataobh do TG4.

Deir Sinn Féin go gcuirfí os cionn €5 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, €3.5 milliún breise mar chiste caipitil agus €1.67 breise do chiste reatha na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Deir an páirtí, atá chun cinn sna pobalbhreitheanna le tamall, go dtabharfaidís ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí deontas le teaghlaigh sa Ghaeltacht as labhairt na Gaeilge. €710,000 atá luaite le hathbhunú na scéime sin.

Gealltar go dtabharfaí €2 milliún breise don chóras pleanála teanga.

Tá €2.19 milliún curtha ar leataobh sa Bhuiséad malartach do na coláistí samhraidh agus do mhná tí na Gaeltachta.

€2 milliún breise a chuirfí ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus thabharfaí €400,000

breise do Chlár na Leabhar Gaeilge.

Deir Sinn Féin dá mbeidís i bhfeighil an státchiste go dtabharfaí €1.68 milliún don Taibhdhearc chun plean straitéiseach na hamharclainne a chur i bhfeidhm.

Bheadh €540,000 ag Oifig an Choimisinéara Teanga ach Sinn Féin a bheith i gcumhacht, de réir an bhuiséid mhalartaigh.

Chaithfeadh Sinn Féin €1 milliún ar fhorbairt polasaí nua oideachais don Ghaeilge agus chuirfí €250,000 ar leataobh chun aonad nua a bhunú sa Phríomh-Oifig Staidrimh a bheadh ag plé leis an anailís shochtheangeolaíoch agus chultúrtha.

Maítear i mBuiséad malartach Shinn Féin go laghdófaí billí leictreachais, go laghdófaí táillí cúram leanaí dhá thrian, go gcuirfí cíos míosa ‘ar ais i bpóca’ an tionónta agus go gcuirfí cosc ar arduithe cíosa. Laghdófaí chomh maith an USC, an Muirear Sóisialta Uilíoch.

Gealltar go n-ardódh Sinn Féin íocaíochtaí leasa shóisialaigh €15 ar a laghad.

Maítear chomh maith go gcuirfí 20,000 teach sóisialta agus inacmhainne ar fáil

Beagnach €25 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2023.

Is do TG4 agus d’Údarás na Gaeltachta is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an gConradh i mbliana agus €8 milliún breise á lorg don dá eagraíocht.

Tá coinníoll curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-éileamh don Údarás agus do TG4 i mbliana.

Fág freagra ar 'Os cionn €20 milliún breise geallta ag Sinn Féin don Ghaeilge ina mbuiséad malartach'