Tá toghchán Uachtaránachta ag teannadh linn nach dteastaíonn ó pháirtí ar bith

Níor casadh go fóill oiread agus duine amháin ar ár gcolúnaí a dúirt go raibh siad fiú amháin ag smaoineamh ar thoghchán uachtaránachta...

Tá toghchán Uachtaránachta ag teannadh linn nach dteastaíonn ó pháirtí ar bith

Michael D Higginsi 2011. Pictiúr:Leon Farrell /RollingNews.ie

Castar daoine as an ngnáth ar an Seanadóir Gerard Craughwell. Daoine a deir, dar leis féin, go dteastaíonn toghchán uachtaránachta uathu go léir.

Ar an gcéad amharc, is deacair a ráiteas a chreidbheáil. Níor casadh oiread agus duine amháin ar an scríbhneoir seo a dúirt go raibh siad fiú amháin ag smaoineamh ar thoghchán uachtaránachta. 

Tá ráiteas an tSeanadóra intuigthe mar sin féin, má bhaintear ciall áirithe as a bhriathra. Abair go raibh sé ag caint le daoine a raibh a fhios acu go raibh fonn air seasamh i dtoghchán uachtaránachta. Nó, mura raibh fios faoina mhian acu, abair go ndúirt sé leo gur mhaith leis deis a bheith aige dul san iomaíocht.

Más ar an mbonn sin a labhair Gerard Craughwell leo, gach seans gur chuala sé go leor tuairimí den chineál seo:

‘Fair play dhuit. Cinnte, ba chóir go mbeadh deis agat seasamh.’

‘Aontaím leat. Ba chóir go mbeadh toghchán ann i gcónaí.’

‘Ní cóir toghchán a cheilt ar dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina uachtarán.’

Gheall Micheál D. Ó hUigínn (76) roimh an toghchán uachtaránachta a bhuaigh sé in 2004 nach mbeadh sé in oifig ach ar feadh téarma amháin, Tá an gheallúint curtha i leataobh ó shin aige.

Ní thabharfaidh sé le fios go mí Mheán Fómhair cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé ar intinn aige téarma eile san Áras a lorg. Caithfear toghchán a reáchtáil an mhí dár gcionn, má thograíonn sé éirí as nó má ainmnítear saoránach cáilithe chun seasamh ina choinne.

Ní oireann an t-amchlár atá beartaithe ag an Uachtarán do na príomhpháirtithe i dTeach Laighean. D’oirfeadh sé dóibh go léir dá mbeadh an léargas soiléir faoi lár an tsamhraidh ionas go mbeidís ábalta rogha a dhéanamh idir:

(a) Tacaíocht a thabhairt do Mhicheál D más mian leis leanacht ar aghaidh go dtí 2025,

(b) A n-iarrthóirí féin a roghnú i gcomhair toghcháin i mí Dheireadh Fómhair.

Tá dearcadh an phobail réasúnta soiléir, de réir na fianaise is deireanaí. Léirigh pobalbhreith Ipsos/mrbi a foilsíodh san Irish Times i mí Dheireadh Fómhair gur mhaith le 64% díobh siúd a ceistíodh go gcaithfeadh Micheál D Ó hUigínn tréimhse eile san Áras. Dúirt 29% nár mhaith.

Ainneoin meas an phobail ar an uachtarán, agus ainneoin drogall na bpríomhpháirtithe, tá toghchán nach féidir a sheachaint rompu sa bhfómhar. D’athraigh feidhmiú éifeachtach na rialacha seacht mbliana ó shin.

Teastaíonn tacaíocht ó scór Teachtaí Dála nó Seanadóirí, nó ainmniúcháin ó cheithre údarás áitiúil chun go mbeadh saoránach cáilithe le bheith mar iarrthóir uachtaránachta. Chuir an córas stop le hiarrthóirí neamhspleácha ar feadh breis agus 70 bliain. 

Bhí ardmheas ag an bpobal ar an Uachtarán McAleese faoin am ar chríochnaigh a céad téarma in 2004. Níor sheas duine ar bith ina coinne, agus toghadh arís í gan toghchán.

Ach in 2011 thug athrú meoin i measc comhairleoirí contae agus baile agus tugadh deis do cheathrar neamhspleách – Seán Gallagher, Dana Rosemary Scallon, David Norris agus Mary Davis – seasamh sa toghchán ab oscailte go dtí sin. 

Ní raibh iarrthóir ag Fianna Fáil sa toghchán. Mar sin féin, bhí ábhar machnaimh sna torthaí do na páirtithe go léir. Thug os cionn vótóir amháin as gach triúr tacaíocht d’iarrthóir neamhspleách (NS):

Ó hUigínn, LO 701,101 (39.6%)
Gallagher, NS 504,964 (25.5%)
McGuinness, SF 243,030 (13.7%)
Mitchell, FG 113,321 (6.4%)
Norris, NS 109,469 (6.2%)
Scallon, NS 51,220 (2.9%)
Davis, NS 48,657 (2.7%)

Is iomaí cor agus casadh atá romhainn sara mbeidh léargas uachtaránachta na bliana seo soiléir. Mar sin féin, seo trí bhuille faoi thuairim réasúnta.

Fógróidh an t-uachtarán go bhfuil sé toilteanach leanacht ar aghaidh. Is é sin, má bhíonn sé chomh folláin, sláintiúil sa bhfómhar agus a bhreathnaíonn sé faoi láthair.

Tabharfaidh Fine Gael agus Fianna Fáil tacaíocht don Uachtarán agus ní ainmneoidh ceachtar páirtí iarrthóir chun seasamh ina choinne.

Ní sheachnófar toghchán.

Mar fhocal scoir, tairngreacht amháin eile. Cibé iarrthóir a roghnóidh Sinn Féin, má roghnaíonn siad iarrthóir, ní sheasfaidh Gerry Adams (69) ar son an pháirtí. Tá sé ráite aige cheana féin nach mian leis a bheith ina uachtarán ar an tír.

Is fiú aird a thabhairt ar fhocal polaiteora, uaireanta.

Fág freagra ar 'Tá toghchán Uachtaránachta ag teannadh linn nach dteastaíonn ó pháirtí ar bith'