Ábhar mor náire dúinn go léir na hionsaithe ciníocha a rinneadh ar dhaoine ón bpobal Indiach le deireanaí. I measc na ndaoine a ionsaíodh bhí cailín beag sé bliana d’aois, saineolaí teicneolaiocht faisnéise, altra is eile.
Den chuid is mó is daoine le gairmeacha iad na daoine a ionsaíodh. Ní bheadh sé ceart duine ar bith a ionsaí bíodh sé nó sí le gairm nó gan gairm, ach léiríonn sé gur cuid fhiúntach luachmhar dár sochaí iad an pobal Indiach.
Cárbh as a thagann an dúil in ionsaí, mar sin?
As scéalaíocht an chiníochais, atá ag díriú frustrachas cuid mhaith den phobal ar mhionlaigh, ar dhaoine eile. Tá sé i bhfad níos éasca an milleán a chur ar dhream eachtrannach, a bhfuil dath éagsúil craicinn orthu, nó modhanna maireachtála acu atá ait dúinn, ná é a chur ar na daoine atá i gceannas, na daoine a bhfuil an chumhacht acu cinntí a dhéanamh faoin tithíocht, fostaíocht is eile.
Ní miotais iad na fadhbanna atá ag an ngnáthdhuine in Éirinn, go háirithe maidir le tithíocht; agus go háirithe i gceantair dhearóile de chuid na haicme oibre is boichte. Agus níl aon amhras ach gur chuir an rialtas leis an bhfrustrachas sin leis na polasaithe i dtaobh inimirce agus dídine, gan seirbhísí a chur ar fáil ach daoine a bhrú isteach ina ainneoin sin sna ceantair.
Ar na meáin shóisialta tá lucht an chiníochais ag scaipeadh scéalta ciníocha, scéalta go hiondúil nach bhfuil fíor nó nach bhfuil ach fíorbheagán den fhírinne ag baint leo.
Normalaíonn an cleachtadh seo an dearcadh ciníoch. I bPort Láirge, mar shampla, is páistí a d’ionsaigh an cailín sé bliana. Agus iad ag béiceadh faoi Indiaigh shalacha, agus ag rá gur chóir di dul abhaile.
Ach tá le feiceáil ar X go bhfuil daoine ann a bhfuil fearg orthu go bhfuil sé de shotal – mar dhea – ag an bpobal Indiach gearán a dhéanamh faoina leithéid.
Ar ndóigh ní hiad na hIndiaigh an t-aon phobal eachtrannach atá faoi ionsaí, ach is daoine ón Áise, ón Afraic is mó a ionsaítear i gcomparáid le daoine ón Úcráin, mar shampla.
Níl aon mhíniú air ach ciníochas – ciníochas, go deimhin, atá forleathan i Sasana agus i Meiriceá leis na blianta. Nach ait iad na ‘tírghráthóirí’ seo – mar a thugann siad orthu féin – a thugann na gnéithe is gránna de shibhialtacht Shasana isteach in Éirinn.
Agus nach ait freisin go mbíonn Derek Blighe, Gavin Pepper agus fiú Malachy Stevenson – gníomhaithe clúiteacha in aghaidh na hinimirce – an-chairdiúil le Tommy Robinson (nó Stephen Yaxley-Lennon chun a ainm fírinneach a thabhairt air) – fear a mhaíonn as a dhílseacht d’oidhreacht na himpireachta i Sasana.
Tírghráthóirí?
Tá sé éasca – agus riachtanach – gach gné den chiníochas a cháineadh, ach céard is féidir a dhéanamh le stop a chur leis?
Tugann na meáin shóisialta deis thábhachtach don phobal ceisteanna a phlé, agus eolas a chur ar fail, nach dteastaíonn ó na meáin oifigiúla go bpléifí iad nó go mbeadh an t-eolas sin ar fáil.
Ach tugann siad deis freisin do scaipeadh an fhuatha.
Bhí caint ann faoi dhlí a dhéanamh i gcoinne caint a d’fhéadfadh fuath a chothú. Bhí mé amhrasach faoi sin, mar cé a chinneann gur fuath atá i gceist? An caint fuatha é argóint a dhéanamh ar son na Rúise maidir le cogadh na hÚcráine? An caint fuatha é a rá nach chun leas na tíre inimirce ró-ard agus nach chun leas tíortha eile eisimirce ró-ard?
Tá saoirse cainte tábhachtach, agus riachtanach ar dhá leibhéal. Ar dtús ní athraítear meon daoine trí thuairimí a chur faoi chois ach trí dhul i ngleic leo i ndíospóireacht ionraic oscailte.
Agus a dó, toisc go mbíonn sochaí ar bith stálaithe is seasc mura scrúdaítear gach polasaí go dian is mura n-éistear le tuairimí contráilte.
Ach ní thugann saoirse cainte cead duit ‘TINE’ a bhéiceadh amach in amharclann phlódaithe, agus ní dóigh liom go dtugann saoirse cainte cead do dhuine ar bith fuath fíor a chothú, agus daoine ó mhionlaigh a chur i mbaol ionsaithe nó níos measa.
Cuireann sé fearg orm an líon giolcacha ciníocha a bhrúitear orm ar X. Ba cheart go mbeinn saor óna leithéid.
Sea, ag deireadh thiar, in ainneoin mo chuid amhrais faoi ionracas an stáit, molaim póilíneacht ar na meáin shóisialta le stop a chur le scaipeadh an fhuatha a spreagann ionsaithe náireacha ar mhionlaigh, fiú ar pháistí.
Pádraig
“An gnáth-dhuine in Éirinn”=
Morris Gnaw?