‘Tá sé in am ag TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil, mar is léir nach féidir leo brath ar RTÉ’ 

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil sé in am maoiniú a thabhairt do TG4 chun go mbeidís ‘neamhspleách’ ó thaobh cúrsaí reatha

‘Tá sé in am ag TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil, mar is léir nach féidir leo brath ar RTÉ’ 

Ba chóir dóthain maoinithe a chur ar fáil do TG4 a cheadódh dóibh a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil “seachas a bheith ag brath ar RTÉ”, a deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

RTÉ a chuireann na cláir Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil mar chuid dá soláthar reachtúil do TG4, ach dúirt Ó Cuív go bhfuil sé in am an nasc ó thaobh na nuachta a bhriseadh.

Dúirt sé gur léirigh na ciorruithe atá beartaithe ag RTÉ a dhéanamh ar acmhainní Nuacht TG4 agus “easpa suime” RTÉ i bhforbairt na nuachta Gaeilge go bhfuil sé in am ag TG4 a bheith “neamhspleách” ó thaobh cúrsaí reatha.

Mhol Ó Cuív go dtabharfaí sciar i bhfad níos mó den cheadúnas teilifíse do TG4 agus go n-úsáidfí an maoiniú breise sin chun Nuacht TG4 a athbhunú mar sheirbhís neamhspleách nuachta.

“Is léir nach spéis le RTÉ nuacht na Gaeilge a fhorbairt agus mar sin tá sé in am maoiniú breise a thabhairt do TG4 a chuirfidh ar a gcumas seirbhís cheart nuachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus gan a bheith ag brath ar dhream ar léir nach bhfuil aon spéis acu i bhforbairt na seirbhíse Gaeilge,” arsa Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie.

Dúirt ceannasaí nuachta RTÉ Jon Williams gurb amhlaidh gur tháinig méadú le ceithre bliana anuas ar an infheistíocht a dhéanann RTÉ in iriseoireacht na Gaeilge.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo go bhfuil “fearg” agus “díomá” ar bhaill foirne i Nuacht TG4 faoi chiorruithe atá le déanamh ar acmhainní na seirbhíse.

Faoi na socruithe nua ní bheadh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta.

Tá sé ina imní sa seomra nuachta Gaeilge nach mbeidh sna míreanna nuachta Gaeilge ag an deireadh seachtaine feasta ach “seirbhís aistriúcháin”.

Tá na ciorruithe cáinte go láidir ag Fianna Fáil agus Sinn Féin.

cruinniú beartaithe ag TG4 le RTÉ chun plé a dhéanamh faoi staid na seirbhíse nuachta teilfíse Gaeilge.

Tá an cruinniú speisialta beartaithe tráth a bhfuil conspóid ann faoi chiorruithe a bheith á ndéanamh ag RTÉ ar Nuacht TG4 agus ceisteanna á gcur faoin méid infheistíochta atá á déanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Tá cruinnithe ar siúl an tseachtain seo ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra agus Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, agus Joe Reddington, ceann feadhna Nuacht TG4/RTÉ, chun plé a dhéanamh faoi na ciorruithe ar Nuacht TG4 a fógraíodh an tseachtain seo caite.

Bhí cruinniú cheana ag Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, le Jon Williams agus Joe Reddington agus tá sé i gceist ag Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, bualadh leo beirt inniu.

Fág freagra ar '‘Tá sé in am ag TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil, mar is léir nach féidir leo brath ar RTÉ’ '