‘Fearg’ agus ‘díomá’ faoi chiorruithe ar acmhainní Nuacht TG4

Tá ciorruithe á ndéanamh ar acmhainní seirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ ‘le bheith níos  éifeachtúla agus le hairgead a shábháil’

‘Fearg’ agus ‘díomá’ faoi chiorruithe ar acmhainní Nuacht TG4

Tá “fearg” agus “díomá” ar bhaill foirne i Nuacht TG4 faoi chiorruithe atá le déanamh ar acmhainní na seirbhíse.

Chuir Jon Williams, ceann feadhna na nuachta in RTÉ, foireann na seomra nuachta ar an eolas faoin scéal agus dúirt go raibh na hathruithe á ndéanamh “le bheith níos  éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”.

Faoi na socruithe nua ní bheidh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta. Chomh maith leis sin beidh lucht na nuachta Gaeilge i dtaobh le ceamara amháin san ardchathair Dé Máirt. Ón 17 Bealtaine beidh foireann na nuachta Gaeilge ag brath gach Satharn agus Domhnach ar ábhar físe ó Bhaile Átha Cliath a fháil ó sheomra nuachta an Bhéarla.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an t-athrú le plé ag lucht ceardchumainn go luath.

Táthar míshásta chomh maith faoin tslí ar fógraíodh an scéal mar gur síleadh go raibh tuilleadh cainte le déanamh sula gcuirfí aon socrú nua i bhfeidhm. Tá sé ina imní sa seomra nuachta Gaeilge nach mbeidh sna míreanna nuachta Gaeilge ag an deireadh seachtaine feasta ach “seirbhís aistriúcháin” agus nach mbeidh aon rogha ann ach cloí go docht le mianta eagarthóireachta sheomra nuachta an Bhéarla seachas iarracht a dhéanamh ‘Súil Eile’ TG4 a chur ar fáil.

Dúirt foinsí le Tuairisc.ie go bhfuil sé ina imní chomh maith go mbainfidh na socruithe nua de stádas na hiriseoireachta Gaeilge taobh istigh de RTÉ. Meastar chomh maith nach bhfuil na ciorruithe atá á ndéanamh ar chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ á gcur i bhfeidhm “go cothrom” agus go bhfuil éagóir á déanamh ar iriseoirí na Gaeilge fad is go bhfuiltear ag cur leis na hacmhainní atá ar fáil in áiteanna eile.

Dúirt Jon Williams le foireann na nuachta Gaeilge go raibh go leor “dul chun cinn” á dhéanamh maidir le cuspóirí RTÉ dá seirbhísí nuachta a bhaint amach ach go bhféadfaí tuilleadh “a dhéanamh le chéile le bheith níos éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”.

“Ní mór dúinn bealaí eile a fháil leis an €8.3m a bhí leagtha ar na ciorruithe tuarastail agus an Clár Imeachta Deonach a dhéanamh suas,” arsa Williams.

Bhíothas ag iarraidh “an dúbláil ar fud na hiriseoireachta in RTÉ a laghdú”, a dúirt sé, agus is chuige sin a bheadh “an chomhroinnt criúnna” idir Nuacht agus an seomra nuachta i mBaile Átha Cliath ar siúl “níos rialta”.

Tá na ciorruithe ag teacht sna sála ar dhíospóireacht faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Fearg’ agus ‘díomá’ faoi chiorruithe ar acmhainní Nuacht TG4'

  • Máire de Róiste

    Ní mór seasamh láidir a dhéanamh I gcoinne na gciorruithe ar acmhainní Nuachta TG4.
    Tá cúrsaí nuachta I bhfad níos fearr is nios dírithe ar TG4 go minic ná mar atá sé ar RTE.
    Beidh cailliúint náisiúnta dochreidthe anseo , caithfidh phobal na tíre a bheith ar an eolas
    faoi seo is seasamh stuama a dhéanamh.

  • Bríd Bhreathnach

    Agus ag an am céanna tá an rialtas ag spabhtáil leo sa Dáil faoin meas atá acu ar Ghaeilge. Béalchráifeacht amach is amach ó Jack Chambers, Catherine Martin agus eile.

  • Rós

    Cuir cibé airgead atá á chaitheamh ar 7Lá i dtreo Nuacht laethúil.

  • Eoghan Ó Néill

    Dearcadh Anglo a bheas feasta ar an nuacht agus deireadh le ‘súil eile’ má ghlacfar le seo.

  • S. Mac Muirí

    Is gearr go mbrisfear fuinneoga. Sin a bhfuil de. Caithfidh siad ár bhfoighid ar fad luath nó mall.

  • Áine

    Ceann de na príomhéilimh a bhí ann le bunú Theilifís na Gaeilge nó TG4 mar atá anois… sé sin cainéal Gaeilge dhúinn fhéin do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge… ná go mbeadh seirbhís nuachta againn a bheadh dírithe ar na ceantrachaí Gaeltachta chomh maith le nuacht náisiúnta/idirnáisiúnta… níltear a’ déanamh ach ag cungú na nuachta go síoraí seasta, ag léiriú neamhshuim sa tseirbhís nuachta agus níl Nuacht RTÉ fhéin ag teacht as Bleá Cliath anois…an mbeidh tada níos mó againn ná mar a bhí sular tháinig Teilifís na Gaeilge…. nach mbíodh Nuacht Gaeilge ar fáil an t-am sin…. chuile rud brúite siar agus imeallaithe ach fós ag brath ar chuid Pháidín de mheacan……NÁIREACH

  • Peadar

    Faigh réidh le Quangos na Gaeilge & cuirtear an t-airgead isteach i TG4!

  • S. Mac Muirí

    Caithfear díriú ar an ngné seo dár saol go hagóideach nuair a thiocfas muinn amach as an támhghlasáil i mbliana. Tharraingeodh sé cuidiú ó go leor de chosmhuintir an bhéarla go cinnte mar is mó a meas ar TG4 ná ar leimhe craolta Dhomhnach Broc.

  • Liam

    Tá an Nuacht ar TG4 I bhfad níos fearr ná ar RTÉ. Níl sé ró-fhada, meascán maith idir scéalta pobail agus scéalta náisiúnta. An míbhuntaiste is mó le RTÉ ná déanann siad iarracht coimhlint agus rí rá mór a dhéanamh as rudaí beaga.