‘Níl aon chlúdach domhain á dhéanamh i nGaeilge ar chúrsaí reatha ceal acmhainní’ – TG4

In aighneacht atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ag TG4, deirtear go bhfuil ‘bearnaí móra’ sa tseirbhís a chuireann na meáin chraolta Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge

‘Níl aon chlúdach domhain á dhéanamh i nGaeilge ar chúrsaí reatha ceal acmhainní’ – TG4

Deir TG4 nach bhfuil “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

Maítear an méid sin san aighneacht atá curtha ag an stáisiún teilifíse faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.

Deirtear chomh maith san aighneacht go bhfuil bearnaí móra sna seirbhísí closamhairc a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge maidir le hábhar do dhaoine óga agus an clúdach a dhéantar ar chultúr agus ócáidí na Gaeilge.

“Cé go gcaitheann TG4 an chuid is mó dá mhaoiniú ar ábhar Gaeilge, ní leor scála a mhaoinithe chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí seo,” a deirtear. 

Deirtear san aighneacht nach bhfuil “aon chlúdach domhain closamhairc ar chúrsaí reatha i nGaeilge”. 

Tá seo amhlaidh a deirtear mar nach bhfuil na hacmhainní céanna ag cláracha nuachta teilifíse agus raidió i nGaeilge is atá ag a macasamhail i mBéarla.

Dhá chlár nuachta agus cúrsaí reatha a chraoltar ar TG4, Nuacht TG4 agus 7Lá. RTÉ a chuireann na cláracha sin ar fáil mar chuid dá soláthar reachtúil clár do TG4. 

Faoin reachtaíocht chraolacháin is gá do RTÉ 365 uair an chloig de chláracha a sholáthar do TG4 gach bliain.

Deir TG4 chomh maith ina n-aighneacht gur beag siamsaíocht ná drámaíocht atá ar fáil i nGaeilge do dhaoine faoi 35 bliain d’aois agus gur easpa acmhainní is cúis leis sin freisin. 

Ba ghá chomh maith breis airgid chun go bhféadfaí seirbhís an stáisiúin do pháistí, Cúla4, a bhunú mar chainéal ann féin.

“Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le cláir do pháistí i nGaeilge, tá an soláthar fós lag agus níl aon chainéal faoi leith ‘Cúla4’ ann, comhionann le ‘RTÉ Junior’.”

Deirtear gur easpa acmhainní is cúis leis an gclúdach a ndéantar ar chultúr agus ócáidí na Gaeilge a bheith “lag”.

“Tá clúdach closamhairc náisiúnta ar chultúr agus imeachtaí Gaeilge-bhunaithe mar Oireachtas na Gaeilge fós lag i gcomparáid leis an mBreatain Bheag, mar shampla,” a deirtear.

Deirtear sa cháipéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán mar chuid de phróiseas comhairliúcháin go gcabhródh tuilleadh maoinithe do TG4 le seachadadh na Gaeilge go dtí an chéad ghlúin eile agus leis na laigí sa tseirbhís a chuireann na meáin ar fáil do phobal na Gaeilge a leigheas.

“Beidh ról ríthábhachtach ag níos mó maoinithe do na meáin Ghaeilge agus d’ealaíona cruthaitheacha na Gaeilge i dtacú le tarchur na Gaeilge mar theanga phobail idir na glúine. 

“Cuideoidh sé le dul i ngleic le bearnaí suntasacha i seirbhísí closamhairc do phobal na Gaeilge lena n-áirítear: nuacht agus cúrsaí reatha na Gaeilge; seirbhísí do lucht féachana níos óige lena n-áirítear cainéal tiomnaithe do leanaí Cúla4; agus clúdach ar imeachtaí Gaeilge.”

Deir lucht bainistíochta TG4 gurb é an dúshlán is mó atá roimh an stáisiún sna blianta atá romhainn ná “scála náisiúnta den chéad scoth’” a bhaint amach chun go mbeidh ar a chumas ról fiúntach a bheith aige i saol na meán in Éirinn agus i saol na tíre.

Ligfeadh an ‘scála náisiúnta’ sin don stáisiún “ról feiceálach, bríomhar a imirt in éiceachóras meán na hÉireann agus macalla láidir a chruthú i sochaí na hÉireann”. 

Maítear san aighneacht go bhfuil “na bearnaí sna “seirbhísí closamhairc” do phobal na Gaeilge i bhfad níos mó ná na bearnaí sna seirbhísí atá ar fáil do phobal an Bhéarla. 

Tarraingítear chomh maith aird ar an “an-éagothroime” idir maoiniú RTÉ agus maoiniú TG4 agus maíonn TG4 bhfuil “cumhacht shuntasach” sa mhargadh teilifíse ag RTÉ. “Spreagann an struchtúr monailiteach seo iompar monailiteach san éiceachórais closamhairc,” a deirtear. 

Deir TG4 go bhfuil “ról an-tábhachtach” ag na meáin Ghaeilge agus na healaíona Gaeilge maidir le “féiniúlacht agus saibhriú phobal na Gaeilge a chur chun cinn agus tacú le tarchur idir-ghlúine na Gaeilge”. 

Chaithfeadh, áfach, na meáin chéanna caighdeán áirithe a bhaint amach chun go mbeadh an ról sin acu.

“Mar sin féin, más léir do phobal na Gaeilge go bhfuil na meáin agus na healaíona Gaeilge fós, mar a thuairiscigh Breandán Ó hEithir breis agus daichead bliain ó shin, ar leibhéal “dara nó tríú rang” i gcomparáid lena gcomhghleacaithe náisiúnta sa mhórtheanga, leanfaidh tarchur idirghlúine na Gaeilge ag lagú.”

€37.2 milliún a fuair TG4 ón státchiste in 2020 agus deir siad go bhfuil gá acu le “leithdháileadh níos cothroime” den airgead a chuirtear ar fáil don chraoltóireacht seirbhís phoiblí. Deir siad, mar shampla, go bhfaigheann S4C £81.5 milliún sa bhliain. 

Fág freagra ar '‘Níl aon chlúdach domhain á dhéanamh i nGaeilge ar chúrsaí reatha ceal acmhainní’ – TG4'

  • Brid

    Níl cuma ná caoi ar 7Lá, claontacht eagathóireachta i dtaobh ábhair faoi leith thar a bheith soiléir. Ní dhéantar aon diancheistniú ar ábhar. Ní easpa maoiniú atá ag cruthú na fadhb ach easpa monatóireacht.

  • Liam

    An méid atá ag teastáil

    1. Clár faoi chúrsaí san Eoraip mar atá acu ar BBC Alba (B’fhéidir go mbeadh TG4 in ann obair le Euronews chun físeán agus tuairiscí le haistriú a fháil)

    2. Clár domhanda le físeán ó France 24 (b’fhéidir obair le BBC Alba, ceannaigh na tuairiscí agus an físeán le chéile agus ansin obair ar bhur gclár difriúla)

    3. Clár Cainte ag an deireadh seachtaine

    4. Taispeán An La/Seachd Lá ó BBC Alba san oíche uair sa tseachtain

    5. Clár Cluiche dhátheangach cosúil le ‘Who Wants to be a Millionare’ ach níos lú ná sin ar ndóigh