Tá sé in am ag an Rialtas ‘múscailt’ agus a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht – Ó Coinn

Deir Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge Seán Ó Coinn go bhfuil ‘scamall dubh’ os cionn na Gaeltachta agus go bhfuil ‘aird iomlán an rialtais’ de dhíth uirthi

Tá sé in am ag an Rialtas ‘múscailt’ agus a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht – Ó Coinn

Tá sé in am ag an Rialtas “múscailt” agus a aithint go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, a deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Tagann ráiteas Uí Choinn sna sála ar an scéala go bhfuil moladh déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán gur chóir “go n-aithneodh” an Rialtas “go poiblí” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Tá diúltaithe go minic ag Aire Stáit na Gaeltachta agus ag an Rialtas glacadh leis go bhfuil a leithéid de ghéarchéim ann.

Deir Ó Coinn go bhfuil gá “práinneach” anois tabhairt faoin ngéarchéim sin.

“De thairbhe nach pléasc mhór amháin atá ann níl muid ag tabhairt airde air. Tá lucht na Gaeilge ach níl an Rialtas agus daoine eile. Dá mbeinn ag iarraidh ar an Rialtas múscailt agus rud éigin a aithint, sin é.”

“Tá siad ag déanamh a ndíchill. Tá siad ag cur polasaí i gcrích ach tá níos mó ná cur i gcrích an pholasaí de dhíth. Tá aird iomlán an rialtais de dhíth agus ní dóigh liom go bhfuil sin againn,” arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, an eagraíocht teanga trasteorann atá ag ceiliúradh 20 bliain a bunaithe faoi láthair.

Deir Ó Coinn go gcaithfidh an Rialtas fianaise na saineolaithe faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht a aithint.

“In 2007, dúirt na heolaithe linn go raibh 20 bliain fágtha againn. Tá seacht mbliana fágtha againn agus cé go bhfuil na polasaithe in áit, agus an polasaí pleanála teanga in áit, b’fhéidir an áit nach bhfuil an t-athrú déanta ná taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta ag leibhéal an Rialtais, go gcaithfidh na ranna rialtais eile a aithint go bhfuil géarchéim ann.”

Údar dóchais, a deir Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, iad na scéimeanna atá acu chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig i gclubanna Chumann Lúthchleas Gael agus i scoileanna an stáit.

Feicfear toradh fónta na scéimeanna sin faoi cheann 20 bliain eile, a deir sé, ach is údar imní cás na Gaeltachta.

“An scamall dubh ná cá mbeidh muid leis an Ghaeltacht? An mbeidh an tobar sin de chainteoirí dúchais ar fáil againn? An mbeidh pobal ag giniúint teanga go nádúrtha nó an mbeidh pobail na Gaeilge dírithe go huile agus go hiomlán ar a bpobal féin?

“Sin an néal dubh amuigh ar cheann na spéire. Seachas sin, tá an spéir an-gheal is dóigh liom.”

Agus é faoi agallamh i Tuarascáil san Irish Times, deir Ó Coinn gur chóir don Rialtas an ráiteas a rinne an rialtas faoin nGaeilge in 2006 a leasú agus a láidriú.

“Tá deis ann anois in 2020 don Rialtas, don Taoiseach agus do phobal na Gaeilge agus do phobal na hÉireann a rá cén dóigh ar mhaith leo a ngaol agus a gcaidreamh a fhorbairt amach anseo in san chéad chéad eile den Stát, mar a déarfá.

“Cén t-am ab fhearr seasamh siar agus amharc ar an ghaol atá againn leis an teanga agus cén dóigh an bhfuil muid ag iarraidh tír dhátheangach a bheith againn agus pobail láidir Gaeltachta a bheith mar chuid de sin,” a dúirt sé.

Maidir leis na sé cheanneagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge ó tugadh isteach córas nua maoinithe an Fhorais cúig bliana ó shin, deir Ó Coinn nach bhfuil sé “foirfe” mar chur chuige go fóill ach gur athrú chun feabhais a bhí ann.

“Shocraigh muid ar an chur chuige seo. Níl sé foirfe – bheadh ceann ar bith de na sé cheanneagraíocht sásta é sin a rá leat, tá forbairtí go leor le déanamh go fóill.

“An rud is tábhachtaí ná go bhfuil bealach aimsithe againn le gach gné de dhul chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail a thabhairt chun cinn – agus tá sé sin an-tábhachtach. Tá gach réimse tábhachtach faoi fhreagracht eagraíocht éigin agus ní féidir le réimse ar bith titim idir dhá stól.”

Bhí conspóid ann níos luaithe i mbliana nuair a dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh nach raibh in earnáil dheonach na Gaeilge ach a scáil ó tugadh isteach córas nua na sé cheanneagraíocht in 2014 agus go bhfuil na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost ag an gcóras sin.

Deir Seán Ó Coinn go bhfuil “saoirse iomlán” ag leithéidí Chonradh na Gaeilge labhairt amach agus gurb amhlaidh go gcreideann sé féin gur chóir do na ceanneagraíochtaí labhairt amach d’aon ghuth níos minice.

“Tá saoirse iomlán acu, tá neamhspleáchas iomlán acu. Ach, dar liomsa, ceann de na rudaí is éifeachtaí a d’fhéadfadh siad a dhéanamh ná labhairt as béal a chéile – linne agus leis an Rialtas – faoi athruithe atá le déanamh.

“Is dócha gur chumhacht í a gcaithfidh tú a bheith an-chúramach faoi í a úsáid. Má úsáideann tú an chumhacht sin gach lá cailleann sí a cumhacht. Mar sin féin, is dóigh liom go bhféadfadh siad a bheith dhá úsáid níos minice b’fhéidir le cur in iúl don Stáit cén dearcadh atá acu maidir le tosaíochtaí ó thaobh cur chun cinn na teanga de.”

Deir Ó Coinn go bhfuil an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022  “go hiontach” agus é “ar cheann de na polasaithe is láidre taobh amuigh, b’fhéidir, de thír na mBascach”.

Tá gá, áfach, dar leis, le hathrú mór ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais trí chéile.

“Go deimhin, b’fhéidir an rud is mó a chuireann frustrachas orainne i bhForas na Gaeilge, ormsa go pearsanta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge, ná an dóigh go bhfuil an Stát ag plé le cúrsaí oideachais agus nár éirigh leo dul i ngleic le ceist na Gaeilge go héifeachtach go fóill. Tiocfaidh sé sin de réir a chéile. Ach, i láthair na huaire, tá an Rialtas agus an Roinn Oideachais ag streachailt leis an cheist.”

Caithfear, a deir Ó Coinn, aghaidh a thabhairt ar cheist an tsoláthair ghaeloideachais agus scoileanna nua á mbunú.

Fág freagra ar 'Tá sé in am ag an Rialtas ‘múscailt’ agus a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht – Ó Coinn'

  • Mairéad

    An ghéarcéim teanga is mó atá sna Gaeltachtaí is na naíscoileanna atá sí. Ní mór sin a admháil ar dtús. Ní an dúshlán is práinní roomh na nGaeltachtaí atá sna naílanna aitheanta ag Foras na Gaeilgeag, an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Gaeloideachas, An Roinn Oideachais ná ag Údarás na Gaeltachta

    Dar le príomhfheidhmeannach Fhorais na Gaeilge tá an Polasaí Oideachais Gaeltachta go hiontach!!
    Ar éigean a luaitear an luathoideachas réamhscoile sa bpolasaí. Tá páigh an-íseal sna naíscoileana agus tá sé deacair fostaithe a choinneáil. Is deacair na naíscoileanna a reáchtáil le go mbeidh dul chun cinn ag na cainteoirí dúchais ó thaobh labhairt na Gaeilge. Bíonn brú ar na cainteoirí dúchais Gaeilge tiontú ar an mBéarla agus is chun donais atá an scéal ag dul.