Glacadh ar bith ag Kyne le moladh go n-aithneofaí ‘go poiblí’ go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé ‘sásta’ go bhfuil dul chun cinn ‘suntasach’ déanta le blianta beaga anuas ‘maidir le cúrsaí eacnamaíochta, fostaíochta agus teangeolaíochta sa Ghaeltacht’

Glacadh ar bith ag Kyne le moladh go n-aithneofaí ‘go poiblí’ go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht

Sean Kyne, le Micheal O hEanaigh, Udaras na Gaeltachta. Pictiúr: Eoin Mc Garvey

Ní aontaíonn Aire Stáit na Gaeltachta le moladh i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais gur cheart don Rialtas a aithint “go poiblí” go bhfuil “géarchéim” teanga sa Ghaeltacht.

Nuair a chuir Tuairisc.ie faoi bhráid an Aire Stáit an moladh sin, a dhéantar i dtuarascáil nua a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn, dhiúltaigh sé a rá go bhfuil sé ina ghéarchéim ó thaobh na teanga sa Ghaeltacht.

Ina áit sin, dúirt Seán Kyne go raibh sé “sásta” go bhfuil dul chun cinn “suntasach” déanta le blianta beaga anuas “maidir le cúrsaí eacnamaíochta, fostaíochta agus teangeolaíochta sa Ghaeltacht”. 

Tá ráite ag saineolaithe éagsúla go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus chruthaigh an daonáireamh deireanach go raibh meath mór tagtha ar úsáid na teanga, fiú i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Ina ainneoin sin, tá diúltaithe ag airí Gaeltachta éagsúla géilleadh go bhfuil a leithéid de ghéarchéim ann.

Níos túisce i mbliana, dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoin ngéarchéim.

Sa ráiteas a chuir sé ar fáil do Tuairisc.ie faoi mholadh Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dúirt Seán Kyne go léireodh an chéad tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcás na teanga ó 2018.

Dúirt sé go raibh an próiseas pleanála teanga “ag croílár na n-iarrachtaí seo ar fad” agus go rachadh an próiseas sin chun leas na Gaeilge agus cúrsaí fostaíochta.

“Díol suntais agus dóchais é go deimhin, go bhfuil 13 oifigeach i mbun na hoibre seo faoi láthair faoin bpróiseas agus go bhfuil an líon daoine sin ag fás diaidh ar ndiaidh de réir mar a cheadaítear pleananna,” a dúirt Seán Kyne.

Dúirt sé chomh maith go gcuirtear deiseanna fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht “de thoradh infheistíocht leanúnach an Stáit”.

Thagair sé chomh maith don mhaoiniú a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do theaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scolaírí agus do Scéim na gCúntóirí Teanga. Mhol an tAire chomh maith an obair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta agus leithéidí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Thuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Dúirt sé go raibh tacaíocht bhreise curtha ar fáil ag a Roinn d’earnáil an luathoideachais agus do theaghlaigh, don óige agus do na healaíona traidisiúnta.

Mhaígh an tAire Stáit go raibh dul chun cinn mór á dhéanamh chomh maith i réimse na teicneolaíochta sa Ghaeltacht.

Is i dtuarascáil nua de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge, tuarascáil a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, a thugtar dúshlán an rialtais maidir leis an diúltú géilleadh go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Tá an tuarascáil nua bunaithe ar chuairt a thug toscaireacht de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Is é an chéad mholadh a dhéantar inti:

“Go n-aithneoidh an Rialtas go poiblí an ghéarchéim maidir leis an laghdú ar an daonra áitiúil, agus an laghdú ar líon na gcainteoirí dúchais agus an méadú ar líon na ndaoine óga a bhfuil an Ghaeltacht á fágáil acu agus go gcuirfidh an Rialtas na hacmhainní a bhfuil gá leo ar fáil do phobal na Gaeltachta láithreach bonn.”

Déantar sraith moltaí eile sa tuarascáil, cuid mhór acu a bhaineann le seirbhísí, acmhainní agus deiseanna breise fostaíochta a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Glacadh ar bith ag Kyne le moladh go n-aithneofaí ‘go poiblí’ go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht'