Géarchéim teanga sa Ghaeltacht? Ní hea ach dul chun cinn nach gcreidfí seacht mbliana ó shin, a deir Aire Stáit na Gaeltachta

Tá ráiteas déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne faoi óráid faoi ghéachéim teanga na Gaeltachta a thug an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin sa Bhreatain Bheag an tseachtain seo caite

Géarchéim teanga sa Ghaeltacht? Ní hea ach dul chun cinn nach gcreidfí seacht mbliana ó shin, a deir Aire Stáit na Gaeltachta

Ba “bheag duine” a chreidfeadh thiar in 2012 go mbeadh an oiread sin dul chun cinn déanta is atá leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, dar le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta an méid sin i ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie faoi óráid faoi ghéachéim teanga na Gaeltachta a thug an t-iarchomisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin sa Bhreatain Bheag an tseachtain seo caite.

Dúírt an t-iarChoimisinéir Teanga go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta agus nach bhfuil aon bhiseach i ndán don Ghaeilge nó go ngéilltear ar dtús go bhfuil géarchéim ann, rud nach bhfuil déanta ag aon aire go fóill.

Bunaithe ar áiteamh Uí Chuirreáin, chuir Tuairisc.ie ceist ar an Aire Stáit an nglacann sé leis go bhfuil  ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht agus go gcaitear an méid sin ‘a admháil’ ar dtús má táthar chun dul i ngleic le cás na teanga.

Ní raibh an tAire Stáit sásta a rá go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Ina áit sin, thug sé le fios gur údar iontais é go bhfuil oiread dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh na pleanála teanga is atá.

“Cuireadh feidhm le hAcht na Gaeltachta in 2012. Dá mbeadh sé ráite ag aon duine ag an am go mbeadh os cionn dhá scór duine sa bhreis ag obair i measc an phobail sa Ghaeltacht agus sna bailte a fhreastalaíonn uirthi go heisiach ar fhorbairt teanga faoi 2020/21, ba bheag duine a chreidfeadh é nó í. 

“Ach sin é an treo ina bhfuil muid ag dul faoi láthair agus dlús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga atá deartha go heisiach pobail Ghaeltachta a chumasú chun a dteanga a thabhairt don chéad ghlúin eile.”

Dúirt an tAire Stáit gur deineadh “dul chun cinn suntasach” sa phróiseas pleanála teanga in 2018.  Faoin gcóras pleanála teanga, a tugadh isteach faoin Acht Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga. Tá plean ullamh anois i leath de na ceantair sin agus oifigeach pleanála teanga ceadaithe i naoi gcinn díobh sin.

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le hocht bplean eile a chur bhráid na Roinne roimh dheireadh 2019.

Tá €1.49 milliún ceadaithe d’fheidhmiú na 13 bplean atá ceadaithe go dtí seo ach níl ach cuid bheag den airgead sin caite go fóill ar na pleananna féin. 

Luaigh an tAire Stáit chomh maith an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2018 don teanga i réimse an luathoideachais, an teaghlaigh agus na n-ealaíon traidisiúnta. Tháinig méadú suntasach, a dúirt sé,  ar bhuiséid Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Thuismitheoií na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.  

Léiriú eile ar an “dul chun cinn” atá á dhéanamh, dar leis an Aire Stáit, ná  an Scéim Aitheantais don Oideachas Gaeltachta atá bunaithe ag an Roinn Oideachais faoina bpolasaí oideachais don Ghaeltacht.

Lena chois sin, a dúirt sé, bhí Bille Teanga nua “ar an mbealach” a chuirfidh “feabhas ar chóras earcaíochta an státchórais chun a chur ar a chumas caighdeán agus líon na seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge a fheabhsú”.  

Ghéill an tAire Stáit go raibh “deacrachtaí” ann maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ach mhaígh sé go dtiocfaí ar réiteach na ndeacrachtaí sin ach a bheith “ag obair as lámha a chéile”.

“I Meitheamh, d’fhoilsigh an Roinn an Plean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.Cuimsítear sa Phlean seo 180 beart a chuirfear i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le hos cionn 60 páirtí leasmhar sna hearnálacha stáit, leathstáit agus deonach.

“Tá dea-thionchar an Phlean sin le feiceáil cheana féin agus an soláthar caipitil atá ar fáil d’Údarás na Gaeltachta níos mó ná dúbailte ag an Rialtas in 2019 le hais 2018. Cuirfidh an soláthar méadaithe seo agus soláthar méadaithe na Roinne ar ár gcumas cur leis an spreagadh atá múscailte i dtaobh na pleanála teanga de.

“Ní trí thimpiste a dhéantar an dul chun cinn seo. Déantar é le hionchur ó gach earnáil den tsochaí – na pobail Gaeltachta, comhlachtaí stáit agus an earnáil dheonach ach go háirithe – agus le gach duine ag obair as lámha a chéile.  Tá agus beidh deacrachtaí againn agus muid ag obair ar son na teanga ach is ag obair as lámha a chéile a thiocfaimid ar réitigh ar na deacrachtaí sin.”  

Fág freagra ar 'Géarchéim teanga sa Ghaeltacht? Ní hea ach dul chun cinn nach gcreidfí seacht mbliana ó shin, a deir Aire Stáit na Gaeltachta'

  • TG Lurgan

    Tá scail ort a Aire agus ar do chuid ginearáil. Sibh sáinithe i bhur mbunker sna Forbacha gan fhís ná tuairim. Sraith eile maorlathais bhur bhfreagra i gcónaí – ceap tuilleadh cigirí – scaip amach freagrachtaí sa gcaoi is nach mbeidh duine ar bith freagrach as aon cheo. Seasfadh tú i lár aon bhailiuchán daoine óga agus oscail do chuid friggin cluasa. Tá do chuid propaganda ag teacht glan salach ar thuairiscí oifigiúla eile a dhíríonn go sonrach ar an easpa misnigh & muiníne ag cainteoirí dúchais óga.

  • Léitheoir

    Tá dul chun cinn beag déanta ó thaobh an mhaoinithe de ach ní hin le rá go bhfuil aon fheabhas tagtha ar chúrsaí. Tá an Ghaeilge ag éirí níos laige lá i ndiaidh lae agus tá an rialtas fós ag séanadh go bhfuil aon ghéarchéim ann mar má admhaíonn siad an méid sin beidh níos mó brú orthu an maoiniú cuí a chur ar fáil don chóras pleanála teanga. Fear uasal ionraic é Seán Ó Cuirreáin a bhfuil sé de mhisneach aige labhairt amach agus an fhírinne lom a rá. Is trua nach bhfuil níos mó daoine mar é ann. Céard a tharla don lucht pleanála teanga a bhí ag diúltú don mhaoiniú suarach a tugadh dóibh agus a bhí ag iarraidh ar dhreamanna eile amhlaidh a dhéanamh? Tá siad ar fad ina dtost anois ar chúis éigin.

  • Béarla teanga an Stáit

    Sa daonáireamh is deireanaí tá easpa fostaíochta, titim tubaisteach sa daonra agus titim i líon na gcainteoirí laethúla le feiceáil go soiléir ar fud na Gaeltachta. Sin géarchéím. Thaispeáin an dá thuarascáil taighde a choimisiúnaigh Pádraic Uí Ceidigh agus Teacht Aniar go bhfuil titim tubaisteach sa infheistíócht stáit sa Ghaeltacht.

    Níl agus ní bheidh na coistí dheonacha Gaeltachta ar a dtugtar na “ceanneagraíochtá pleanála teanga Gaeltachta” in ann an Ghaeilge a shábháil sna “Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta (Acht na Gaeltachta 2012)” toisc go bhfuil dualgais eile orthu agus níl an Stát dáiríre faoin phróiséis.
    Is mar “smokescreen” a bheidh na coistí dheonacha pleanála teanga á úsáid feasta chun liúdramántacht shiniciúil FG/FF sa Ghaeltacht a chosaint.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An fhad is a aithnítear Baile an Chláir, Tír Oileán, Cnoc na Cathrach agus cuid mhaith ceantair eile mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil is deacair a rá go bhfuil mórán tuisceana ag Roinn na Gaeltachta faoi phleanáil teanga. An bhfuil bunús teangeolaíoch ar bith ann le aitheantas Gaeltachta a bheith ag Baile an Chláir?

  • Risteárd

    Mura bhfuil an t-Aire Stáit sásta a rá go bhfuil géarrchéim teanga sa Ghaeltacht, níl sé ag rá an fhírinne iomlán. Is soléir go bhfuil géarrchéim ann. B’fhéidir go bhfuil sé fíor go bhfuil ‘dul chun cinn suntasach’ mar gheall ar scéimeanna nua, ach ní athraíonn sé sin na bunchúiseanna atá leis an mheath atá tagtha ar úsáid na Gaeilge. Feictear domsa nach bhfuil an t-Aire Stáit ach ag tincéireacht leis an nGaeltacht, de bharr nach bhfuil an toil pholaitiúil ann chun dul níos faide ná sin.

  • Mártan Ó Náraigh

    Aontaím nach bhfuil an tAire Stáit ach ag tincéireacht leis an nGaeltacht, de bharr nach bhfuil an toil pholaitiúil ann chun dul níos faide ná sin. Ach níl toil an ghnátdhuine ann dul níos faide ach an oiread.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    A leithéid de chacamas!

    Caidé’n mhaith ag cuir páistí fríd córas oideachais Gaeilge nuair nach bhfuil oideachas 3ú leibhéal ann trí mheán na Gaeilge? Nuair nach bhfuil an Ghaeilg ina theangaidh oibre i siopaí ná i ngnóanna sa Ghaeltacht? Nuair atá sagairt atá bunaithe sa Ghaeltacht sásta píosaí den aifreann a rá i mBéarla de thairbhe go bhfuil ‘cuairteoirí’ nó ‘daoine muinteartha gan Ghaeilg’ ag freastal ar an aifreann/pósadh/baistiú/tórramh. Nuair nach dtugtar aitheantas ar bith don Ghaeilg in ACHAN earnáil taobh amuigh den Ghaeltacht – creideamh, spóirt, oideachas, caitheamh aimsire, gnó, dlí, sláinte, ealaín, taisteal, turasóireacht, polaitíocht??

    Tá seachtain na fiontraíochta ann an tseachtain seo 4ú-10ú Márta, eagraithe ag an Oifig Fiontar Áitiúil (Local Enterprise Office) – agus níl faic aitheantais tugtha acu don ghnó le Gaeilge nó gnó trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht!!??

    Ualach na hoibre fágtha ag coistí deonacha Gaeltachta agus faic á dhéanamh ag eagraíochtaí stáit ná ag páirtithe polaitíochta leis an Ghaeilg a chuir chun cinn AR FUD NA TÍRE!

    COINNÍOLL GHAEILG DON GHAELTACHT ANOIS!!!!