Ba chóir don Rialtas a aithint go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht – tuairisc nua

I dtuarascáil de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán atá le foilsiú go luath, moltar go ngéillfeadh an Rialtas go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht

Ba chóir don Rialtas a aithint go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht – tuairisc nua

Deirtear i dtuarascáil nua de chuid Thithe an Oireachtais gur chóir “go n-aithneodh” an Rialtas “go poiblí” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Is i dtuarascáil nua de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge, tuarascáil a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie, a thugtar dúshlán an rialtais maidir lena ndiúltú géilleadh go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Tá an tuarascáil, a fhoilseofar go luath, bunaithe ar chuairt a thug toscaireacht de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Cé go bhfuil ráite ag saineolaithe éagsúla go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus gur chruthaigh an daonáireamh deireanach go raibh meath mór ar an teanga sa Ghaeltacht, tá diúltaithe ag airí Gaeltachta éagsúla géilleadh go bhfuil a leithéid ann.

Cé go bhfuil ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil “deacrachtaí móra” ag an nGaeilge sa Ghaeltacht agus “dúshlán mór” roimpi, níor ghlac sé leis go fóill go bhfuil géarchéim i gceist.

Níos túisce i mbliana, dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Seán Kyne gur “bheag duine” a chreidfeadh thiar in 2012 go mbeadh an oiread sin dul chun cinn déanta is atá leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ach tá brú anois á chur ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar an aire stáit agus ar an rialtas a aithint go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Lena chois sin, tá brú á chur ag Conradh na Gaeilge ar an rialtas an éigeandáil teanga a aithint.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie tráthnóna inné gur chóir na “fíricí loma” ón daonáireamh agus ó staidéir eile a aithint.

Dúirt sé gur bheart tábhachtach a bhí ann nuair a ghlac Dáil Éireann go hoifigiúil leis go raibh géarchéim ann maidir leis an athrú aeráide agus gur chóir a aithint go bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht.

“Aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Rud mór a bhí ann éigeandáil a thabhairt ar an athrú aeráide. Ní bhíonn an rialtas sásta an teanga sin a úsáid i gcás na Gaeltachta, ach tá na fíricí daonáirimh ann a léiríonn an laghdú,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Is é an chéad mholadh a dhéantar sa tuarascáil nua de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge:

“Go n-aithneoidh an Rialtas go poiblí an ghéarchéim maidir leis an laghdú ar an daonra áitiúil, agus an laghdú ar líon na gcainteoirí dúchais agus an méadú ar líon na ndaoine óga a bhfuil an Ghaeltacht á fágáil acu agus go gcuirfidh an Rialtas na hacmhainní a bhfuil gá leo ar fáil do phobal na Gaeltachta láithreach bonn.”

Déantar sraith moltaí eile sa tuarascáil, cuid mhór acu a bhaineann le seirbhísí, acmhainní agus deiseanna breise fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ba chóir don Rialtas a aithint go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht – tuairisc nua'

  • Mairéad

    Bí ag caint ar ghéarchéim. Tá na páistí réamhscoile agus a dtuismitheoirí fágtha in áit na leathphingine sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta. Ar éigean go bhfuil tacaíocht ar bith sa pholasaí dos na páistí faoi 5 bhliain d’aois. Ar éigean a luaitear na naíscoileanna Gaeltachta ach amháin nuair atá fadhb le tusimitheoirí nach nglacann le polasaí teanga na naíscoileanna.
    Braitheann todhchaí na teanga ar na naíscoileanna Gaeltachta. Ní mór do Roinn na Gaeltachta, an tÚdarás agus an Roinn Oideachais tacú leis na naíscoileanna thar rud ar bith eile ag an bpointe seo. Is práinní géarchéim na naíscoileanna Gaeltachta ná an maisín mór “pleanála teanga” atáthar á tógáil agus go mbíonn síorthagairt dó sna meáin.

  • Daor Mac an tSaoir

    Is beag rud sa saol atá níos práinní agus níos fiúntaí mar ábhar imní agus éagandála ná an t-athrú aeráide. Ní i mbun áibhéile atá mé agus mé den tuairim gur fiú agus gur mithid a aithint go bhfuil dul ar gcúl na Gaeilge sa nGaeltacht i measc na rudaí ganna siúd. D’fhéadfadh sé bheith ródhéanach anois, mura ndéanfaidh an rialtas athrú béas.

    Má leánn an Ghaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht bíodh a fhios ag éinne a thug vóta do FF nó do FG i rith a shaoil go bhfuil an locht airsean. Is mó an chreach ná an chabhair iad a mbeartais agus a mbriathra siúd. Tá an dá acu ciontach — is ionann an cás an t-éag is an bás