‘Ní bhíonn aon drogall orainne labhairt amach faoi ábhar ar bith’ – Conradh na Gaeilge

Tá sé séanta go láidir ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil an eagraíocht teanga curtha ina tost ó tugadh isteach córas nua na sé cheanneagraíocht in 2014

‘Ní bhíonn aon drogall orainne labhairt amach faoi ábhar ar bith’ – Conradh na Gaeilge

Tá ráite ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach mbíonn “aon drogall” ar an eagraíocht “labhairt amach faoi ábhar ar bith”.

Bhí de Spáinn ag tabhairt freagra ar áiteamh an tsochtheangeolaí John Walsh nach bhfuil in earnáil dheonach na Gaeilge ach a scáil ó tugadh isteach córas nua na sé cheanneagraíocht in 2014 agus go bhfuil na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost ag an gcóras sin.

Ag labhairt dó ag ceardlann teanga a bhí ar siúl i bParlaimint na Breataine Bige inniu, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur annamh a chloistear anois aon cháineadh ar pholasaithe ach amháin ó na heagraíochtaí Gaeilge sin ar cuireadh deireadh lena maoiniú.

Ba é an toradh a bhí ar chóras nua maoinithe an Fhorais ná go gcuireann sé an-srian le cumas daoine aon cháineadh a dhéanamh ar pholasaithe teanga, a dúirt an Dr Walsh.

Cé go ndúirt Julian De Spáinn go raibh lucht na heagraíochta ar aon intinn cuid mhaith leis an sochtheangeolaí faoi “na dúshláin roimh an teanga”, mhaígh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge nach raibh bunús ar bith leis an áiteamh go raibh siad curtha ina dtost.

“Bheadh muid ag aontú cuid mhór le John Walsh go dteastaíonn stádas níos mó ón nGaeilge agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh aire sinsearach ag an nGaeilge, mar shampla. Bheadh muid ag aontú leis faoi chúrsaí maoinithe agus tá muid ag troid le fada maidir leis na ciorruithe ar fad a rinneadh agus cé nach leor é tá dul chun cinn á dhéanamh ansin againn lenár bplean infheistíochta atá sínithe ag 90 eagraíocht Ghaeilge.

“Ach ní aontaím ar chor ar bith leis go mbíonn drogall orainn labhairt amach nó polasaithe a cháineadh. Go bunúsach, níl aon drogall orainne labhairt amach faoi aon ábhar. Féach ar na feachtais a bhí againn le déanaí faoi dhúnadh oifigí poist sa Ghaeltacht nó ar an seasamh a thóg muid faoi cheist an athbhreithnithe ar dhíolúine na Gaeilge. Má bhreathnaíonn tú ar an bhfianaise, is ag obair ar son an phobail a bhíonn muid i gcónaí agus ag labhairt amach thar ceann an phobail a bhíonn muid.”

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha nach raibh “mórán de chaidreamh leanúnach ar chor ar bith” ag an eagraíocht le Foras na Gaeilge sular tugadh isteach córas na gceanneagraíochtaí in 2014 ach go bpléitear “a gclár oibre” leis an eagraíocht teanga trasteorann “go rialta” anois.

“Tá comhpháirtíocht ann anois. Bíonn cruinnithe monatóireachta gach trí mhí leis an bhForas ach is maith an rud é sin agus níl aon fhadhb againn leis. Airgead an cháiníocóra atá i gceist agus caithfidh dream éigin a bheith ann ag cinntiú go bhfuil luach á fháil ar an airgead sin. Mura mbeadh an Foras ann, bheadh ar an Roinn nó dream eile é a dhéanamh.

“Ach ag deireadh an lae is eagraíocht dhaonlathach sinn a bhfuil baill again ar fud na tíre agus cead cainte acu go léir. Beidh an Ard-Fheis againn go luath agus beidh cead ag aon bhall de Chonradh na Gaeilge aon tuairim is maith leis a nochtadh ansin agus aon rún is maith leis nó léi a chur síos. Bíonn deis ag gach ball a bheith páirteach sa phlé.”

Maidir le córas nua maoinithe an Fhorais agus an maíomh go bhfuil ceangal níos mó ar Chonradh na Gaeilge dá bharr, dúirt de Spáinn nach raibh aon leisce air féin ná ar aon urlabhraí eile de chuid na heagraíochta Foras na Gaeilge féin a cháineadh ó 2014.

Luaigh sé mar shampla den cháineadh sin an cáineadh a rinneadh ar Fhoras na Gaeilge nuair a rinne siad ciorruithe ar a scéim phobail agus scéim na gcampaí samhraidh.

Idir an dá linn, beidh cúig bliana ann amárach ó thug pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath don mhóragóid ‘Dearg le Fearg’ ag ar éilíodh cearta agus cothrom na Féinne don teanga agus lucht a labhartha.

Dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta ó shin agus gur éirigh leo cuid de na spriocanna a bhí acu an lá sin a bhaint amach.

“Tá Oifig an Choimisinéara Teanga atá neamhspleách againn i gcónaí agus tá níos mó acmhainní aici agus tá deireadh le cur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Níl ansin ach dhá shampla d’éilimh shonracha a bhí againn an lá sin.

“Baineadh neart rudaí amach agus níor éirigh linn fós le rudaí. Níl Aire sinsearach againn fós ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, mar shampla.

“Ach chabhraigh an lá sin. Smaoinigh go raibh siad ag caint cúpla bliain roimhe sin faoi dheireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta agus ní raibh an chaint sin thart fós an t-am sin,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Ní bhíonn aon drogall orainne labhairt amach faoi ábhar ar bith’ – Conradh na Gaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “tá deireadh le cur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach” a mhaíonn Julian. I,m thuairimse, tá an iomarca stádais ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus níl a dhóthain stádais ag an dteanga san áit ina labhartar í! Dá gcuirfeadh an Conradh níos mó béime ar stádas feidhmiúil don Ghaeilge sa gcuid den Ghaeltacht ina labhartar í, seachas stádas gan chiall san Aontas Eorpa b’fhéidir go mbeadh níos mó toradh ar a gcuid iarrachtaí…. Níl ann ach b’fhéidir. Níl de thoradh ar an stádas atá tugtha don Ghaeilge san Aontas Eorpa ach cur amú airgid is talainn, talann a theastaíonn go géar sa mbaile.

  • Pól Ó Braoin

    Ráite go fírinneach agat, a Dhonncha.