Níl fonn ar Bhunaíocht na hÉireann, nó ar Bhunaíocht Atlantach an Iarthair i gcoitinne, glacadh leis, ach tá ord domhanda nua ag teacht ar an saol os comhair ár gcuid súl.
Bhi dhá eachtra tábhachtach ar siúl sa tSín. Ar dtús, cruinniú d’Eagraíocht Chomhoibrithe Shang-hai (SCO) in Tianjin, agus ansin an pharáid mhíleata i mBéising a rinne comóradh ar a mbua ar an tSeapáin sa Dara Cogadh Domhanda.
Bhí sé thar a bheith spéisiúil go raibh Príomh-Aire na hIndia, Narendra Modi, i láthair i Tianjin, agus dlúthchaidreamh le feiceáil idir Modi, Xi Jinping na Síne agus Putin na Rúise.
Tá iarracht mhór curtha isteach ag Meiriceá le blianta beaga anuas an India a dheighilt ón dá thír eile agus leas bainte acu as an teannas idir an India agus an tSín faoina dteorainn agus faoi thacaíocht na Síne don Phacastáin.
Ach tá an India rannpháirteach sa SCO ó 2017, cé go raibh caismirtí armtha idir an dá thír in 2020.
Theastaigh ó Mheiriceá cur leis an deighilt ar mhaithe le SCO a lagú agus leas a bhaint as an India mar bhac ar an tSín.
Bunaíodh an SCO in 2001 le comhthuiscint faoi chúrsaí cosanta a chothú idir an tSín, an Rúis agus roinnt tíortha eile san Áise Láir, ach de réir mar a d’fhás an tSín ó thaobh na heacnamaíochta, agus de réir mar a d’éirigh scoilt idir an Rúis agus Meiriceá mar gheall ar leathnú NATO, d’éirigh an ghné eacnamaíochta de SCO níos tábhachtaí.
Ansin, agus Meiriceá ag baint leas as an dollar trádála mar uirlis, bunaíodh BRICS le cabhrú le tíortha a bheith saor ó bhagairt Mheiriceá.
Anois, tá deich stát sa SCO, agus 14 eile ina gcomhpháirtithe leis, an Araib Shádach, an Iaráin agus an Tuirc ina measc. Tá na stáit atá cláraithe le SCO taobh thiar de 23% d’olltáirgeacht intíre an domhain agus 43% de dhaonra an domhain iontu.
Léirigh an dlúthchaidreamh idir an tSín, an Rúis agus an India go bhfuil SCO níos treise ná riamh, agus go bhfuil ag teip ar iarrachtaí Mheiriceá iad a dheighilt óna chéile.
Botún mór ag Meiriceá ab ea é iarracht maistíneacht a dhéanamh ar an India trí tharaif 50% a chur ar earraí ón tír mar gheall go bhfuil an India ag ceannach ola ón Rúis (agus ag déanamh neamhní mar sin de na smachtbhannaí a chuir an tIarthar ar an Rúis).
Déanann an tSín an rud céanna ach níor gearradh aon taraif orthusan mar tá siad róláidir. Bhí an t-idirdhealú, agus an iarracht ar mhaistíneacht soiléir, agus bhí an India ar buile.
Ní hamháin go raibh an India i láthair in Tianjin – an chéad turas ag Modi go dtí an tSín le seacht mbliana – ach chabhraigh an India le cruinniú a reáchtáil idir an Rúis agus an Airméin. Tuairiscítear gur éirigh thar barr leis na gcruinniú sin.
Ar ndóigh le déanaí a chuir Trump aontú i bhfeidhm idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar mhaithe le fronta frith-Rúiseach a chruthú, ach ní féidir a bheith cinnte faoin bhfronta sin anois.
Is cosúil gur cheap Trump nach mbeadh aon rogha ag an India ach géilleadh dó, ach ní mar sin a thit sé amach.
Ní raibh an India i láthair ag an bparáid mhíleata, ach bhí an Rúis agus an Chóiré Thuaidh, agus tús áite ó thaobh gradaim ag Putin agus Kim Jong Un ann.
Dúirt Trump gur ag déanamh comhcheilge in aghaidh Mheiriceá a bhí siad, agus, ar bhealach, bhí an ceart aige.
Mar is éard atá léirithe ag an dá eachtra seo sa tSín ná go bhfuil céile comhraic fiúntach éifeachtach agus cumhachtach ag Meiriceá – céile comhraic a chuireann rogha ar fáil don Domhan Theas ar fad.
Má sheasann na tíortha seo le chéile ní éireoidh le Meiriceá iad a cheansú.
Ag an am céanna tá Meiriceá ag leanacht lena gcuid iarrachtaí iachall a chur ar thíortha eile fiacha Mheiriceá a ghlanadh. Mar tuigeann Trump nach féidir ligean do na fiacha dul i méad gan stop.
Ach anois ós rud é go bhfuil rogha airgeadra trádála ann, go bhfuil rogha maidir le sciath chosanta ann agus go bhfuil rogha margadh trádála idirnáisiúnta ann, tá an seandomhan ag cailliúint nirt.
Féach an tIarthar – ag breathnú ar an seansaol ag imeacht agus a neart ag creimeadh. Ach ní ghéillfidh siad go bhfuil an saol ag athrú in ainneoin go bhfuil sé ar siúl os comhair a gcuid súl.
Agus Éire bhocht! Chuireamar ár gcuid uibheacha ar fad i gciseán an Atlantachais agus anois tá muid sáinnithe ar long atá ag dul tóin poill.
Fág freagra ar 'Ta ord nua domhanda á shaolú os comhair ár súl'