Tá iomarca scríbhneoirí Gaeilge ann a mheasann go gcaithfidh siad litríocht a chur ar fáil ón gcéad fhocal…

Léitheoireacht éadrom agus Gaeilge gan dua a thabharfadh cuid de na daoine ar an ábhar atá i leabhar Mike P. Ó Conaola. Ní locht ar bith é sin uirthi…

Tá iomarca scríbhneoirí Gaeilge ann a mheasann go gcaithfidh siad litríocht a chur ar fáil ón gcéad fhocal…

Tá súil agam go léifidh léitheoirí Tuairisc.ie an leabhar atá scríofa ag Mike P. Ó Conaola. Le Gean agus scéalta eile an teideal atá uirthi.

Tá aithne agam ar bhean a cheannaigh cóip dí. Ar éigean a leag sí uaithi í go raibh sí léite ó chlúdach go clúdach aici. Léigh mé féin chomh hamplach céanna í.

Léitheoireacht éadrom agus Gaeilge gan dua a thabharfadh cuid de na daoine ar an ábhar atá sa leabhar seo. Ní locht ar bith é sin uirthi.

Tá iomarca scríbhneoirí ann a mheasann go gcaithfidh siad litríocht a chur ar fáil ón gcéad fhocal. Ba tairbhí go mór fada dá ndíreoidís ar scéalta a sholáthar agus an breithiúnas ó thaobh na litríochta a fhágáil fúinne na léitheoirí.

Maidir leis an nGaeilge ní hí Gaeilge chraicneach Mháirtín Uí Chadhain í a thosaíodh ag gol air scaití dá bhuíochas.

Ní hin le rá nach Gaeilge shoiléir, nádúrtha, sholéite í. Is í an cineál Gaeilge í nach gcuirfidh iomarca stró ar an bhfoghlaimeoir ach a bhfaighidh an Gaeilgeoir ó dhúchas blas agus boladh uirthi freisin.

Cuimhnigh go raibh bobarúin de thráchtairí ann a dúirt nach Gaeilge mhaith a bhí Sean-Phádraic Ó Conaire a scríobh!

Ós ag caint ar Shean-Phádraic é sílim dá mbeadh Mike P. Suas lena linn go mbainfeadh an bheirt acu an-cheart as a chéile. Tá na tréithe céanna a bhí ag Sean-Phádraic ag Mike P, samhlaíocht bhreá, acmhainn grinn, meas ar an dúchas agus comhbhá lena chomhdhaoine.

Maidir le samhlaíocht fág aige é. Ní call duit ach an cur síos atá aige ar an scannán Ben Hur a léamh.

I gColáiste Éinde a bhí sé nuair a tháinig an scannán sin amach. Nuair a chonaic Mike é thosaigh sé ag samhlú go raibh sé féin agus Ben Hur i gcineál rás carbad lá a raibh carranna capaill á dtiomáint abhaile tar éis féar a bheith curtha ar iothlainn sna Forbacha agus gan é ach seacht mbliana d’aois.

Déarfainn féin gur léiritheoir é Mike P seachas rud ar bith eile. Chaith sé seal ag aisteoireacht i mBaile Átha Cliath. Tá cuid mhaith drámaí léirithe aige le hAisteoirí an Spidéil.

Nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta bhí Mike P. ar dhuine de na Clár-Reachtairí a ceapadh. Ba chríonna an ceapachán é.

Ní raibh sé i bhfad ag obair ansin nuair a bronnadh Duais Jacob air.

Tá caint Chonamara chomh nádúrtha sa leabhar seo gur á cloisteáil seachas á léamh a bheidh tú

An beart ba mhó ar fad a rinne sé Cré na Cille a chur ar an aer. Iarracht thar a bheith misniúil a bhí ann agus is é a rinne go slachtmhar é.

Bhí meas an domhain aige ar Johnny Chóil Mhaidhc agus fuair sé ar bord in éineacht leis é. Bhí air grúpa mór aisteoirí, leath-aisteoirí agus neamhaisteoirí a eagrú ansin. Neamhaisteoir a bhí ionamsa ach bhí Mike ag tuineadh go deo liom gur chuir sé ina luí orm páirt a ghlacadh sa gcraoladh.

Fear a bhí ann a raibh sé an-deacair é a eiteachtáil.

D’oibrigh mé leis anois agus aríst ina dhiaidh sin nuair a ceapadh ina léiritheoir teilifíse le RTE é sa mbliain 1984.

Bhíodh an-mheas i gcónaí ag Mike P. ar ghaiscígh agus ar churaidh. Dá dtabharfá faoi deara nach raibh sé ag tabhairt aon aird ar do chuid cainte ní raibh le déanamh agat ach gníomh gaile agus gaisce a rinne duine eicínt a tharraingt anuas chuige. Chuirfeadh sé cluais air féin ar an bpointe agus cheisteodh sé go mion thú faoi.

Bhí an-mheas aige i gcónaí ar rásaí na gcurach agus ar na hiomróirí móra cáiliúla. Bhíodh sé féin ag iomramh agus níorbh é ba dona.

Ach oiread leis an scéal faoi Ben Hur cheapfainn gur mhinic a shamhlaigh sé gurbh é féin a laoch iomartha as Inis Bearachain Máirtín Chóilín Choilmín Seoighe agus é ag teacht ar cheann an mhaide rámha sa gcéad áit ag Tóstal na Gaillimhe.

Seo í an chéad leabhar scéalta óna láimh. Is é an trua nár thosaigh sé á scríobh i bhfad ó shin ach ar ndóigh is deacair do dhuine ar bith chuile thrá a fhreastal.

Ach oiread liom féin tá aois an phinsin caite ag Mike P. anois. Ná cuireadh sin drochmhisneach air. Bhí an tAthair Peadar Ó Laoghaire amach go maith sna blianta nuair a thosaigh seisean ag scríobh.

Tá Edna O’Brien beagnach 90 bliain d’aois. Dúirt sí an lá faoi dheireadh gur mhaith léi leabhar eile a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Tá iomarca scríbhneoirí Gaeilge ann a mheasann go gcaithfidh siad litríocht a chur ar fáil ón gcéad fhocal…'

  • Meadhbh

    An ceart ar fad agat. Is breá an rud é bheith gafa ag léamh. Ag súil go mór leis an leabhar seo a fháil.