Tá caint Chonamara chomh nádúrtha sa leabhar seo gur á cloisteáil seachas á léamh a bheidh tú

Is leabhar álainn leabhar nua Mhike P. Ó Conaola don teallach teolaí laethanta seo an chuibhrithe

Tá caint Chonamara chomh nádúrtha sa leabhar seo gur á cloisteáil seachas á léamh a bheidh tú

10 gcinn de scéalta gearra, blas na dírbheathaisnéise ar chuid díobh, fuinte as tréimhse sin na gcaogaidí agus na seascaidí sa tír seo roimh an athrú saoil tobann a tharla ina dhiaidh sin.

Saol eile ar fad a bhí ann an t-am sin ar ndóigh seachas an saol a chleacht aon duine atá faoi bhun an dá scór inniu. Is go fíorthobann a d’athraigh an saol in Éirinn le teacht an tsaoroideachais i lár na seascaidí agus na forbairtí nua a tháinig sa saol anseo le cósta.

Ach is mairg a thabharfadh dúshlán na cinniúna mar nach beag a cheap muid dhá mhí ó shin gur siocair bháis póg a thabhairt do mhamó.

Scéal álainn é Le Gean, as ar ainmníodh an cnuasach, faoi na cuimhní cinn a spreag an scannán Ben-Hur sa mbuachaill óg agus é i seomra ranga na scoile cónaithe i gcathair na Gaillimhe sna caogaidí. Ní raibh aon ghaire ag Ben-Hur ina charbad ag éileamh díoltais ar an Rómhánaigh ar bhuachaill óg an Spidéil agus é ag coimhlint lena dhaoine muinteartha agus a chomharsana sna Forbacha agus iad ag cur isteach an fhéir san iothlainn le capaill is cairr. Cén buachaill óg nach mbeadh mífhoighdeach lena Dheaide agus a ‘go on, pet’ leis an gcapall in áit dúrúch rásaíochta a bheith air? Scannán eile é Quo Vadis a mhúin ceacht breise faoin saol agus faoi dhaoine fásta don stócach, tráth gur duine fánach as Conamara a chonaic aon scannán.

Turas go hÁrainn lena athair agus a uncail ar an Naomh Éanna atá i Grinneas agus an fear óg ag iarraidh scéal faoina sheanathair a dheimhniú ach is iontach an léiriú atá ann ar an gciall nó an neamhshuim sna hiontais a thagann le haois.

Is beag duine de bhunadh chladaí Chonamara a bhí óg sa ré sin nach cuimhneach leis an macnas a bhíodh orainn ach na ronnacha a bheith isteach le cladach, sin sular dhíbir aicíd an nádúir nó an ampla iad. Mise a rá leat go mbíodh an friochtán dearg na hoícheanta sin agus ba bhlasta iad. Tá an saol sin athchruthaithe go healaíonta sa scéal Sa Láimh ag an leaidín ar an gcarraig a chaill an spinner i lár na flúirse agus a údar diomua féin ag a Dheaide. 

Ach ní haon Tír na nÓg atá le fáil i Le Gean agus scéalta eile.  Buailfimid  le Denis, an dalta óg meabhrach as lár na príomhchathrach a d’íoc go daor as a neamhfhreastal ar scoil. Tá léargas againn sa scéal Gábh ar an imirceánach in Chicago agus an saol ag gabháil as a riocht air agus scéal fíorspéisiúil go deo é Imeacht a cheanglaíonn dhá mhóreachtra staire leis an amhrán Sweet Williamstown a chum Daniel Buckley ar an Titanic.

Tá aithne mhór ar Mhike P Ó Conaola as an Spidéal i gConamara mar aisteoir, léiritheoir agus craoltóir agus mar is dual do na ceirdeanna sin, snoite paiteanta é i mbun na bhfocal. Tá an chaint chomh nádúrtha sa leabhar seo gur á cloisteáil seachas á léamh a bheidh tú. Tá an stíl simplí nádúrtha agus aon duine gur suim leo an ré sin a bhlaiseadh, is dóibh an leabhar seo – bíodh tú de bhunadh Chonamara nó ná bíodh, bí sean nó seanórtha, bí líofa nó ag foghlaim.

Leabhar álainn don teallach teolaí laethanta seo an chuibhrithe le ghabháil siar ar bhóithrín na smaointe nuair a bhíodh ronnach le fáil ar an gcarraig agus coca féin san iothlainn agus nuair a ceadaíodh saontacht is aislingí don óige.

Clúdach aoibhinn le Pádraic Reaney, €10 a luach agus tá an leabhar ar fáil i  siopaí na háite agus ó Chló Iar-Chonnacht.

Fág freagra ar 'Tá caint Chonamara chomh nádúrtha sa leabhar seo gur á cloisteáil seachas á léamh a bheidh tú'

  • Pádraig

    Bua na scéalaíochta agus tréithe an dúchais go tréan sna gearrscéalta seo. Éacht nach beag curtha i gcrích aige leis an seod litríochta seo a chur os comhair an phobail. Comhghairdeas!