Mífheidhmiúil. Millteanach. Náireach. Easpa cinnireachta. Níl ansin ach cuid den chur síos ar iompar an Fheidhmeannais in Stormont a cluineadh ag an gcéad lá d’fhiosrú poiblí faoi Covid-19. Bhí a fhios le linn na paindéime go raibh an DUP agus Sinn Féin ag tarraingt in aghaidh a chéile níos minice ná a mhalairt, easaontas ón tús faoi pholasaí Londan nó Bhaile Átha Cliath a leanúint agus an nimh ag coipeadh le himeacht ama.
Athdhearbhaíodh é sin le coicís anuas ag an bhfiosrú. Baineann an binse fiosruithe le Covid-19 fud fad na Ríochta Aontaithe. Tá modúl Thuaisceart Éireann ina shuí i mBéal Feirste le coicís agus cuirfear clabhsúr air Déardaoin seo chugainn.
Tá suim thar na bearta sna seisiúin a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Tabharfaidh Robin Swann, an tAire Sláinte fianaise Dé Luain. Beidh Michelle O’Neill an Chéad-Aire a bhí ina leaschéad-aire le linn na paindéime os comhair an fhiosraithe Dé Máirt agus ar an gCéadaoin ceisteofar Arlene Foster an t-iarchéad-aire.
Tá íomhá dhearfach cothaithe ag an bhFeidhmeannas reatha ó athbhunaíodh Stormont, ach nochtadh neart an imris idir an DUP agus Sinn Féin aimsir na paindéime go soiléir ag an bhfiosrú. Fuair finnéithe ó chaon pháirtí locht ar iompar an dreama eile, sochraid chonspóideach Shinn Féin do Bobby Storey agus an mhí-úsáid a bhain an DUP as veto sa bhFeidhmeannas ina gcnámh spairne.
Tá daoine ar bís féachaint an ngabhfaidh Michelle O’Neill leithscéal as freastal ar shochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey, i samhradh 2020 nuair a bhí srianta i bhfeidhm ar dhaoine eile.
D’eagraigh Sinn Féin slógadh ollmhór mar ómós do Storey, pribhléid a ceileadh ar an ngnáthphobal nuair a cailleadh a muintir. Tharraing an tsochraid cáineadh géar ón bpobal a chaill muinín i dtreoracha Stormont dá bharr. Níor thaise sin don achrann a tharraing sé sa bhFeidhmeannas féin; bhí an caidreamh idir airí leochaileach roimhe sin ach chuaigh sé chun donais ar fad ina dhiaidh.
Ag an am dúirt O’Neill go raibh brón uirthi faoi gur ghortaigh an ócáid daoine. Mar sin féin dúirt sí nach ngabhfadh sí leithscéal as freastal ar shochraid a cara. Dé Céadaoin, dúirt a comhghleacaí Caral Ní Chuilin leis an bhfiosrú – faoi dhiancheistiú – gur ghlac sí leis nár cheart di a bheith ar an tsochraid. An leanfaidh Michelle O’Neill a sampla?
Níorbh iad lucht Shinn Féin amháin a bhí ‘mífheidhmiúil’ de réir teachtaireachtaí a bhailigh an fiosrú ina dtóir ar thaifid ó Stormont. Cháin feidhmeannaigh iompar an DUP freisin. Ceisteofar Arlene Foster faoi chur chuige an DUP, go háirithe cinneadh an pháirtí leas a bhaint as ‘veto’ chun diúltú do mholadh ón Aire Robin Swann chun fad a chur le srianta tráth a raibh ráig den aicíd ag scaipeadh go rábach.
Roinn Edwin Poots leis an bhfiosrú gur aontaigh an DUP roimh an gcruinniú, ar mholadh óna gceannaire, an Chéad-Aire ag an am, Arlene Foster, go mbainfeadh siad úsáid as an veto mura bhfaighidís cead a gcinn. B’fhacthas do na hairí as Sinn Féin, an UUP, Alliance agus an SDLP gur mhí-úsáid ab ea é as seift a ceadaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta chun mionlaigh a chosaint (bhí móramh sa bhFeidhmeannas ag an DUP ag an am).
Dhírigh dlíodóirí an fhiosraithe go minic ar an dá chonspóid sin, an tsochraid agus an veto, agus na bealaí a dtáinig siad salach ar fheidhmiú an Fheidhmeannais. Dhírigh siad freisin ar laige in Stormont a bhí in ainm is a bheith curtha ina cheart i ndiaidh fhiosrú an RHI [Dreasacht Teasa In-athnuaite] agus thaispeáin go raibh sean-nósanna fós i réim, faillí maidir le taifead cruinn, cuimsitheach a choinneáil agus dúil i rúndacht nó ar a laghad drogall roimh cibé taifead atá coinnithe a roinnt.
Nocht abhcóide an bhinse go mb’éigean dóibh miontuairiscí ón gcéad chruinniú den chomh-aireacht i ndiaidh shochraid Storey a iarraidh deich n-uaire sula bhfuaireadar an taifead iomlán. Nochtadh freisin gur deineadh cuid mhór d’obair na n-airí agus na státseirbhíse ar WhatsApp ach gur glanadh ríomhairí agus gutháin d’ainneoin treoir a bheith tugtha go gcoinneofaí gach taifead. Ba léir go raibh an cathaoirleach míshásta. Dúirt sí go ndéanfadh sí cinneadh amach anseo faoina freagra; tá feidhm dlí le treoir ó bhinse fiosraithe.
Is é cuspóir an fhiosraithe fianaise a bhailiú faoi láimhseáil na paindéime, anailís a dhéanamh agus moltaí a sholáthar ar mhaithe le beatha a shábháil i bpaindéim eile. Fuair os cionn 4,000 bás agus Covid-19 orthu, a bhformhór deighilte óna muintir nach bhfuair cead slán a rá leo ná freastal ar shochraid.
Teastaíonn freagraí ó ghaolta na marbh agus gheall Cathaoirleach an Bhinse Fiosraithe, an Bhantiarna Hallett fiosrú cuimsitheach, cóir. Tá ceachtanna le foghlaim.
Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim más linn paindéim thubaisteach eile a sheachaint'