Geansaí Mhaigh Eo a bhí á chaitheamh ag an bhfear a bhí le m’ais i bPáirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo caite. Ag leath ama ansiúd d’iompaigh sé chugam go gcuirfeadh sé ceist. Ag súil le ceann faoina raibh feicthe againn amach romhainn go dtí sin a bhí mé – b’fhurasta teacht ar ábhar cainte ina thaobh.
An mba gortú a d’fhág nach raibh Shane Walsh ar fhoireann na Gaillimhe ó thús na himeartha mar a bhí ceaptha dó? Arbh amhlaidh cás ag John Maher, an t-imreoir lár páirce is fearr acu go dtí seo i mbliana? Measann tú nach raibh botún á dhéanamh ag lucht bainistíochta Mhaigh Eo gan beirt a chur ag faire Damien Comer a bhí ag ciapadh líne chosanta a chéilí comhraic?
Ina áit sin ba rud eile ar fad a bhí ag déanamh buartha de mo chomharsa, spreagtha is dócha ag bua Loch Garman an tráthnóna roimhe sin i gCraobh Iomána Laighean.
“Céard atá tarlaithe do na báireoirí atá agaibh?” a deir sé.
Fiú dá mba lena leithéid a bhí mé ag súíl bheadh obair agam í a fhreagairt. An t-údar ab fhearr a bhí mé in ann a chur ina láthair nach raibh aon seasmhacht ag baint lena gcuid imeartha agus go mb’fhéidir go mba é bun agus barr an scéil nach raibh siad maith a ndóthain.
Níor thug sé aon chomhartha go raibh sé ag teacht liom nó nach raibh. Ar thosaí na himeartha arís níor labhair muid lena chéile níba mhó. Faoin am ar séideadh an fheadóg dheireanach bhí sé imithe ina thoirneach – níorbh mhilleán sin dó. Bhí an chaint bainte de ag ar tharla sa dara leath agus go háirithe ag ar tharla san am cúitimh gortaithe.
Tá sé ag cinniúint orm a cheist a chur as mo chloigeann ó shin. Ní liom féin atá mé. Le ceathair nó cúig de bhlianta anois tá lucht leanta na fuinseoige i gContae na Gaillimhe ag cogaint na círe ina thaobh.
An easpa seasmhachta a luaigh mé féin an freagra is minice a luaitear, rud a bhfuil a chruthúnas le feiceáil go soiléir ag breathnú ar thorthaí na gcluichí atá imeartha acu san achar atá i gceist.
Ansin arís ní galar tógálach sin. Dá bharr is deacair a chreidiúint nach mbeadh tromlach na n-imreoirí ar a mbuille d’aon iarraidh amháin.
Tharlódh baint a bheith ag aois leis. Tá deichniúr díobh siúd a bhí ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in aghaidh Phort Láirge in 2017 tar éis a dhul chun páirce sa dá chluiche atá imeartha ag Gaillimh go dtí seo i mbliana. Tá ochtar acu os cionn deich mbliana fichead anois. Is iad Conor Whelan (27) agus Cathal Mannion (29) amháin atá faoina bhun sin.
Cé go n-insíonn sin a scéal féin, ní ghlacfainn leis mar mhíniú iomlán ar mheath na Gaillimhe, más sin atá romhainn. Tá na deich mbliana fichead caite ag ar a laghad seisear d’fhoireann Luimnigh atá ar thóir an 5ú Craobh as a chéile. Is beag comhartha atá le feiceáil go bhfuil siadsan ag dul ar gcúl, a mhalairt ar fad, más tada é.
Agus domhainmhachnamh déanta agam ó shin, mar aon le cuid mhaith taighde, is é an freagra a bheas agam ar cheist mo chara as Maigh Eo, má chasann é arís orm, gurb í an chúis is mó le meath iománaithe na Gaillimhe go bhfuil a stíl imeartha athraithe acu.
Ar ndóigh tá Joe Canning imithe agus is duine ar bheagán eolais a cheapfadh go raibh an té ann a líonfadh a bhróga. Ach fiú nuair a bhí sé ann feictear domsa ar aon nós go dtáinig athrú bunúsach ar leagan amach na Gaillimhe seachas mar a bhí agus iad i mbun gaisce in 2017.
Bhí straitéis na linne sin bunaithe ar na fir chúinne sa líne lántosach a fhágáil ar chiumhais na páirce agus an lántosach a bhogadh amach 30 méadar ón gcearnóg, rud a d’fhág acraí spáis taobh amuigh den chearnóg agus sna paistí idir sin agus an taobhlíne.
Bhí Conor Whelan ar dhuine acu siúd agus ramhraigh sé féin agus pé duine a bhíodh sa gcúinne eile, níos minice ná a chéile Conor Cooney nó Cathal Mannion, air sin. As comharsanacht lár na páirce thagadh an sliotar go cliathánach agus go réasúnta íseal ina dtreo – i gcónaí os a gcomhair amach.
B’ola ar a gcroíthe sin.
In aghaidh Átha Cliath i gCluiche Ceathrú Ceannais Laighean, scóráil an Faolánach 5 chúilín as an imirt, Mac Uí Chuanaigh 1-3 agus an lántosach Jason Flynn 1-2. Sa mbabhta leathcheannais in aghaidh Uíbh Fhailí, fuair Whelan 0-7 as imirt agus rinne Cooney amhlaidh in aghaidh Loch Garman sa gcluiche ceannais.
Faoin am ar scóráil Joe Canning an cúilín cáiliúil ón taobhlíne a thug an bua do Ghaillimh i gCluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh Thiobraid Árann, bhí 7 gcúilín as an imirt faighte ag Whelan, Cooney agus Mannion. Ceann faoina bhun sin as an imirt freisin a fuaireadar sa mbabhta ceannais in aghaidh na nDéise.
De réir a chéile sna blianta a lean, tugadh cúl don straitéis sin.
Bhí dhá bhliain eile ag Micheál Donoghue ina bhainisteoir ar Ghaillimh. Mhair tréimhse Shane O’Neill an t-achar céanna agus seo an 3ú séasúr ag Henry Shefflin i mbun an chúraim. Go hannamh i gcaitheamh an achair sin ar chuimhneach liom úsáid a bheith á baint as an scian ba ghéire a bhí i seilbh na Gaillimhe.
Fearacht foirne móra eile na linne seo, inniu tá siad taobh leis na buillí beaga agus an phasáil láimhe a mhoillíonn an imirt agus ar géilleadh seilbhe a deireadh go minic.
Is cuimhneach liom a bheith i mo sheasamh laistiar den chúl ar Pháirc an Phiarsaigh ag cluiche craoibhe idir Gaillimh agus Loch Garman cúpla bliain ó shin agus amharc ar an bpáirc as a fad agam nach bhfaighfeá go deo ón seastán.
Ba sa trian láir den pháirc a bhí na himreoirí ar fad amach romham. Bhí oiread spáis idir iad agus an taobhlíne agus go dtiomáinfeá tréad bó ó cheann ceann na páirce chaon taobh díobh.
Ó d’imigh Canning is é Conor Whelan anois an tosach is contúirtí ag Gaillimh. Faraor na laethanta seo níl de rogha aige ach ruathair a thabhairt amach faoin bpáirc ar thóir an tsliotair. Fágann sin a chuid faobhair maolaithe agus é féin tuirsithe.
Ina chnap seaca a bheadh sé dá bhfanfadh sé istigh san áit as ar bhuaigh sé All Star & Gradam Iománaí Óg na bliana agus gan é ach scór bliain d’aois.
Níor dhona an mhaise dá bhainisteoir agus dá chúntóirí siúd cúpla seanfhíseán ó 2017 a chur suas ar an scáileán.
Jack
An ceart ar fad agat sa méid sin…
“na buillí beaga agus an phasáil láimhe a mhoillíonn an imirt agus ar géilleadh seilbhe a deireadh go minic.” A údair, a dhuine eagnaí chóir, is cinnte, is oth liom a rá, go mbeidh bainisteoir nua á cheapadh ar na hiománaithe gan mhoill.
Aon dul go….?