Tá géarghá le gortghlanadh gan mhoill in RTÉ

Caithfear gníomhú láithreach chun muinín a athchothú i dtaobh an chraoltóra náisiúnta

Tá géarghá le gortghlanadh gan mhoill in RTÉ

Is léir do chách an tsáinn atá ag bagairt ar RTÉ tar éis chruinnithe dhá choiste Oireachtas a léirigh droch-chaighdeán riaracháin agus cuntasaíochta sa stáisiún a bhí dochreidte, beagnach.

De ghnáth nuair a chuireann coistí fios ar ionadaithe ó fhoras stáit, bíonn siad faoi réir agus ábalta fianaise bhunúsach a thabhairt faoin gcuid is mó dá saothar, ainneoin lochtanna áirithe.

Dá dhonacht scéal RTÉ sula ndeachaigh a bhfeidhmeannaigh shinsearacha os comhair an choiste cumarsáide agus an Choiste um Chuntais Phoiblí, chuir a n-éagumas cuntas cuimsitheach agus inchreidte a chur ar fáil alltacht ar gach Teachta Dála agus Seanadóir a bhí i láthair.

Is léir cheana féin go bhfuil géarchéim mhuiníne ag bagairt ar an stáisiún, ainneoin saothar iriseoirí RTÉ a rinne cur síos cothrom gan trócaire ar a ndúirt a lucht ceannais.

Ní fada romhainn géarchéim airgeadais sa stáisiún má dhiúltaíonn go leor daoine íoc as ceadúnas teilifíse mar gheall ar an gcaiteachas iomarcach agus áiféiseach atá ag teacht chun solais. Rachaidh an neamhthoil i dtreise b’fhéidir de thoradh na bhfreagraí a thug RTÉ ar cheisteanna an Coiste um Chuntais Phoiblí.

Níl seans ar bith ann go mbeidh an stáisiún ábalta meas ná muinín an phobail a athchothú mura gcuireann an príomhstiúrthóir nua Kevin Bakhurst gortghlanadh dáiríre i bhfeidhm.

Ní bheidh rath ar an ngortghlanadh sin mura neosfar go luath go bhfuil athrú mór curtha i bhfeidhm ar chleachtais, ar rialacha agus ar phearsanra sinsearach RTÉ. Ní bheidh muinín ag an bpobal ná ag polaiteoirí as na hionadaithe a labhair ar son an stáisiúin an tseachtain seo.

Idir an dá linn, seo a leanas tuairimí faoin gciall dháiríre ba chóir a bhaint as cuid den chaint áiféiseach nó sheachantach a pléadh i seomraí na gcoistí i dTeach Laighean, chomh maith lena mbrí i nglanGhaeilge:

AGENT  Gníomhaire. Duine a phléann táillí arda le comhlachtaí craoltóireachta agus foilsitheoireachta thar ceann daoine ag a bhfuil cáil bainte amach agus éileamh dá réir ar a saothar. Tá idirbheartaíocht déanta ag Noel Kelly gníomhaire Ryan Tubridy ar son scata craoltóirí eile – ina measc Claire Byrne, Dave Fanning, Kathryn Thomas agus Joe Duffy.

BARTER ACCOUNT  Cuntas babhtála, ina ndéantar cur síos de ghnáth ar spás fógraíochta a thairgtear mar pháirtchúiteamh ar earraí nó ar sheirbhísí. Clúdaíonn cuntas babhtála íoc airgid freisin, mar a tharla i gcás Ryan Tubridy, ach ní dhearnadh cur síos cruinn i gcuntas RTÉ ar an margadh a bhain leis.

Níl fianaise ar bith ann go raibh baint ar bith ag Ryan Tubridy le míchruinneas an chuntais, ná go raibh a fhios aige go ndearnadh é.

CONSULTANT  Comhairleoir.  Níor oibrigh Ryan Tubridy mar chomhairleoir do RTÉ riamh, ach chuir duine nó daoine gan ainm in RTÉ an focal sa sonrasc a bhain le cuid dá shaothar, ionas go gceilfí cuid dá thuarastal ar fheidhmeannaigh sa stáisiún, ar Bhord RTÉ, ar an rialtas, ar an Oireachtas agus ar an bpobal.

DECEIVE  Dallamullóg a chur (ar dhuine éigin). Dúirt cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh leis an gCoiste go ndearnadh cur síos míchruinn ar sciar de tháillí Ryan Tubridy chun dallamullóg a chur ar dhaoine nár ainmnigh sí.

EXACT  Cruinn. Is beag nach ndearna príomhoifigeach airgeadais RTÉ Richard Collins ceap magaidh de féin nuair a dúirt sé leis an gCoiste nach raibh a fhios aige go cruinn cé mhéad airgid a bhí á fháil aige mar thuarastal bliantúil.

Tar éis scaithimh, dúirt sé go raibh thart ar €200,000 sa bhliain á fháil aige, chomh maith le liúntas gluaisteáin €25,000. Ní raibh comhaltaí an Choiste róshásta le ceachtar freagra.

FAIL:  Teip. Mar shampla, d’admhaigh leas-ardstiúrthóir eatramhach RTÉ Adrian Lynch Déardaoin gur theip ar bhord feidhmiúcháin RTÉ comhfhreagracht a chur i bhfeidhm sular cuireadh drochfhaisnéis ar fáil i gcás táillí Ryan Tubridy. Ghabh sé leithscéal as an sárú ar iontaoibh a rinneadar.

GOVERNANCE  Rialachasfocal a chualathas go minic i rith na seachtaine, de ghnáth agus teip RTÉ maidir le rialachas corparáideach an stáisiúin á plé.

INVOICE Sonrascnó cur síos ar earraí nó ar sheirbhís a cuireadh ar fáil do chomhlacht agus an praghas a bhaineann leo. De ghnáth, bíonn faisnéis shoiléir i sonrasc, ach ní léiriú faisnéise ach a mhalairt a bhí sna sonraisc a eisíodh in 2020 agus 2021 agus a bhain le táillí €150,000 a cuireadh go hindíreach chuig Ryan Tubridy.

JIGSAW PUZZLE  Míreanna mearaí. Is cosúil, más fíor a ndúirt feidhmeannaigh éagsúla ó RTÉ, gurbh í Dee Forbes a chuir míreanna mearaí a bhain le táillí Ryan Tubridy le chéile, ach cé a chuir na míreanna ar fáil di, agus cén fáth? Dhá cheist nár freagraíodh fós.

KEVIN BAKHURST Ard-Stiúrthóir nua RTÉ a rachaidh i mbun oibre go hoifigiúil ar an 10 Iúil. Tugadh le fios ar a shon ag cruinniú an Choiste um Chuntais Phoiblí Déardaoin go bhfuil “athstruchtúrú” ar bhord feidhmiúcháin RTÉ beartaithe aige, ach ní bheidh muinín ag an bpobal as RTÉ mura ndéanfar atheagrú ó bhonn ar phearsanra sinsearach, ar rialacha agus ar chur chuige an stáisiúin.

LICENCE-PAYERS  Íocóirí Ceadúnais. Is ábhar imní an ghéarchéim in RTÉ ar go leor bealaí, ach is baol práinneach nach mbeidh go leor daoine toilteanach íoc as ceadúnas teilifíse mar gheall ar an gcaiteachas aisteach agus/nó iomarcach atá á iniúchadh ag dhá choiste Oireachtais.

MAYBE  B’fhéidir. Mar shampla, mar a dúirt príomhoifigeach RTÉ, b’fhéidir go raibh baint ag caimiléireacht le caiteachas áirithe faoin gcuntas babhtála. B’ionann a ráiteas agus admháil nach raibh a fhios aige cén bhreith a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar íocaíochtaí dá leithéid ó fhoras stáit.

OUTRAGEOUS  Scannalach  náireach. Dúirt cathaoirleach bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí go raibh cinneadh go gcaithfí €111,000 ar thuras go dtí babhtaí ceannais an chomórtais domhanda rugbaí in 2019 a tairgeadh do chliaint RTÉ  ‘scannalach’. Ní léir go hiomlán fós cé mar a coinníodh caiteachas chomh mór slán ó cheistiú ó shin i leith.

PECULIAR Aisteach, focal nó sofhriotal a mbaintear leas as go minic sna meáin agus iarracht déanta clúmhilleadh a sheachaint. Ní aisteach a bhíonn i gceist dáiríre go minic ach gníomh a bhí neamhrialta, míchuí, mí-ionraic nó náireach. Intuigthe freisin go mb’fhéidir go dtuilleann gníomhartha dá leithéid fiosracht na gCoimisinéirí Ioncaim nó aird na nGardaí.

RESTRUCTURING  Athstruchtúrú  atheagrú, mar atá beartaithe ag Ard-Stiúrthóir nua RTÉ (féach KEVIN BAKHURST thuas), agus ar féidir talamh slán a dhéanamh de a mholfaidh an t-athbhreithniú ar mheon agus ar struchtúir riaracháin RTÉ atá geallta ag an Aire Catherine Martin. Ní bheidh rath ar an athstruchtúrú má bhíonn an dá chur i bhfeidhm ag teacht salach ar a chéile.

SILOS  Sadhlanna  stóir. Cur síos a rinne go leor polaiteoirí agus iriseoirí ar an meon a bhí i réim in RTÉ a thug ar fheidhmeannaigh shinsearacha gan ceisteanna a chur faoi shocruithe aisteacha (féach PECULIAR thíos) a rinne feidhmeannaigh eile nó a rinne an príomhstiúrthóir Dee Forbes.

TALENT  Tallann. Focal ó bhéarlagair na ngníomhairí (féach AGENT thuas) a úsáidtear freisin ag ardleibhéil RTÉ mar chur síos ar chraoltóirí a fhaigheann táillí arda. Ba dheacair teacht ar ghnáthoibrí sa stáisiún nach n-aontódh le Siún Ní Raghallaigh a dúirt leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí gur chóir éirí as úsáid an fhocail in RTÉ. Thug tallann le fios, a dúirt sí, go raibh daoine áirithe níos luachmhaire ná daoine eile. Ar ndóigh i bhfírinne, mar is léir do chách anois, sin mar atá.

TAX  Cáin Is léir an cheist ar féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh sí á cur ag na Coimisinéirí Ioncaim, a bhuí leis an bhfaisnéis faoi chuntais áirithe in RTÉ, ar íocadh cáin mar ba chóir i ngach cás.

UNUSUAL Neamhghnách Sofhriotal eile a úsáidtear ar chúiseanna dlí, mar a phléitear ag PECULIAR thuas.

VESTED INTERESTS  Leas dílsithe. Dúirt Séamus Dooley, ardrúnaí Cheardchumann na nIriseoirí (an NUJ) in Éirinn Dé Céadaoin gur chóir a bheith amhrasach a luaithe a chloistear leas dílsithe á phlé amhail is go mbaineann siad le prionsabail. Fainic ar fiú cuimhneamh uirthi i ngach cur is cúiteamh a bhaineann le todhchaí RTÉ.

WHY? Cén fáth? An cheist is bunúsaí nár freagraíodh fós maidir le scata ceisteanna. Mar shampla, cén fáth ar socraíodh go gceilfí cur síos ar €345,000 de tháillí Ryan Tubridy ar an rialtas, ar an Oireachtas agus ar an bpobal, agus cé a shocraigh sin?

Mar shampla eile, cén fáth ar glacadh leis in RTÉ gur chóir táillí chomh hard a íoc le Ryan Tubridy agus le láithreoirí eile?

Ceist eile: cén fáth nach bhfuil córas láidir cuntas, riaracháin agus bainistíochta i bhfeidhm in RTÉ agus cé mar is féidir an córas a chur ina cheart gan mhoill?

ZOOM  Zoom.  Shocraigh cruinniú zoom idir Noel Kelly agus Dee Forbes in 2020, dar le finnéithe RTÉ, gur mar chomhairleoir a d’íocfadh RTÉ €150,000 le Ryan Tubridy.  D’iarr cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí Brian Stanley ar RTÉ Déardaoin an nóta a scríobh abhcóide RTE faoin gcruinniú a chur ar fáil. Deir RTÉ nach gcuirfear ar fáil é toisc go gclúdaíonn pribhléid dhlíthiúil é.

Fág freagra ar 'Tá géarghá le gortghlanadh gan mhoill in RTÉ'

  • Gearóid

    a Chathail, bheadh sé níos suimiúla sa chás seo dá gcuirfá roinnt dá taithí pearsanta i RTE os ár gcomhair

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá brón orthu toisc go bhfuil siad gafa.
    Scannalach amach is amach é.