Bhíos sásta go leor nuair a chuala mé nach mbeadh aon chomórtais idirchontae á n-imirt in 2025 sara dtosaíonn an feachtas sraithe.
Nuair a bhíos féinig ag plé le foirne idirchontae ghoill sé orm go mbíodh na comórtais réamhshéasúir á n-imirt. Cheapas, agus ceapaim fós, go raibh agus go bhfuil a ndóthain brú ar fhoirne agus ar mheithleacha bainistíochta gan níos mó cluichí a bheith acu an tráth sin bliana agus tuairiscí go forleathan ar na meáin éagsúla fúthu.
Dar ndóigh ní raibh gach duine sásta leis an gcinneadh. Bhí príomhfheidhmeannach Chomhairle na Mumhan, Kieran Leddy ag rá ar na meáin go mbeadh na contaetha ag rith cluichí dúshláin in ionad na gcomórtas eile agus go mbeadh an Chomhairle ag cailliúint an €314,000 a rinneadar sna blianta 2022 agus 2023 ar na comórtais idirchontae.
Is iomaí léamh ar an gcinneadh céanna dar ndóigh agus mórán tuairimí faoi. Caithfidh go mbeidh na coláistí tríú leibhéal sásta nach bhfuil na comórtais ag teacht salach ar chuid dá séasúr féin. Caithfidh go bhfuil roinnt mhaith imreoirí sásta gan a bheith sa spotsolas a thagann leis na cluichí breise seo.
Ó cuireadh tús leis an séasúr scoilte tá an t-uafás traenála ar fad á dhéanamh ag céatadán an-mhór d’imreoirí idirchontae. Tá gach bainisteoir ag lorg a bpunt feola féin. Chonaic mé é sin go soiléir ag leibhéal an chlub i mbliana. Tosnaíonn an traenáil club mí Eanáir agus imreoirí ag leanúint clár ar leith sa ngiomnáisiam. Agus ansin bíonn cluichí sraithe á n-imirt sa pheil agus san iomáint ó lár mhí Márta ina lán contaetha. I gcuid mhaith clubanna tá cóitseálaithe á n-íoc ar feadh tréimhse an-fhada. I mo thuairimse tá an iomad traenála á dhéanamh.
Níor chuir sé iontas orm nuair a léigh mé an tOllamh Niall Moyna (iar-imreoir contae le Muineachán agus mórán postanna aige le foirne difriúla peile thar bhlianta fada) ag scríobh nach dtuigeann Cumann Lúthchleas Gael a thuilleadh go bhfuil na cluichí á n-imirt ag imreoirí atá amaitéarach. Tuigeann muid go léir go bhfuil an-mheas ó thaobh na heolaíochta de ar an ullmhúchán proifisiúnta, go háirithe ag na foirne idirchontae.
Tá máistreacht, ar a laghad, sa chorpoideachas ag na daoine a bhíonn ag plé leis na foirne. Ach deir Moyna nach mbíonn am ceart téarnaimh in aon chor ag na himreoirí. Conas a bheadh agus iad ag obair nó sa choláiste cúig lá na seachtaine? Deir sé freisin nach bhfuil a dhóthain fianaise ann go bhfuil laghdú suntasach ar mhéid na ngortuithe a fhulaingíonn imreoirí, cé go bhfuil siad níos láidre a bhuí leis an gclár traenála sa giom.
Tá Moyna den tuairim go bhfuil caighdeán an chluiche peile níos measa ná mar a bhí sé riamh. N’fheadar an mbeadh mórán daoine nach n-aontódh leis sin.
Labhair Uachtarán CLG Jarlath Burns amach faoin ábhar freisin agus é ar an dtuairim gur cheart uasteorainn a cur leis an méid seisiún traenála a dhéanann imreoir in aghaidh na seachtaine.
Dar ndóigh bhí an GPA [Cumann Imreoirí Gael] páirteach sa chomhrá freisin agus an CEO, Tom Parsons ag tabhairt le fios go bhfuil tromlach imreoirí idirchontae ag lorg nach mbeadh aon traenáil ina mbeadh teagmháil fhisiciúil i gceist acu mí na Samhna i mbliana.
Sea tá an díospóireacht ar siúl le tamall. Measaim go bhfuil píosa eile le taisteal fós sula mbeidh réiteach ar an scéal seo a shásóidh na páirtithe leasmhara go léir.
Fág freagra ar 'Tá gach bainisteoir ag lorg a bpunt feola féin'