Tá an Ghaeilge marbh agus ceithre mhiotas eile na meán Béarla faoin teanga…

Tá cúig mhiotas faoin nGaeilge a bhíonn coitianta sna meáin Bhéarla bréagnaithe anseo againn…

Tá an Ghaeilge marbh agus ceithre mhiotas eile na meán Béarla faoin teanga…

Is minic a bhítear ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, ar bhealaí éagsúla, ar na meáin Bhéarla agus ‘fíricí’ á gcur os comhair an phobail faoi staid na teanga agus faoin méid ama agus airgid a chaitheann an Stát uirthi.

Cuirtear i láthair anseo cuid de na miotais is coitianta faoin nGaeilge agus caitear solas na fírinne ar bhréaga agus éaduairimi.

An slua ollmhór ag Club na Féile

Áitiú 1: Tá an Ghaeilge marbh

D’fhoilsigh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta, agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) an t-eagrán is déanaí de The Atlas of the World’s Languages in Danger in 2010. Tá cúig rannóg san Atlas do theangacha atá i mbaol agus tá tuairim is 2,500 teanga liostaithe ann. Is iad na cúig rannóg sin: ‘i mbaol’, ‘i mbaol go cinnte’, ‘i mbaol mór’, ‘i bhfíorbhaol’, agus ‘marbh’. Ní fios cé mhéid teanga a d’imigh in éag ó thús ama, ach áirítear san Atlas an 250 teanga a ‘fuair bás’ ó lár an chéid seo caite ar aghaidh.

Is éard atá i gceist le ‘teanga mharbh’ de réir critéir UNESCO teanga nach bhfuil á labhairt mar theanga dhúchais ag naíonáin sa bhaile agus a bhfuil an cainteoir dúchais deiridh básaithe le 50 bliain anuas.

Tá an Ghaeilge fós ina teanga dhúchais ag naíonáin ar fud na Gaeltachta agus in áiteanna eile in Éirinn, agus tá sí ina teanga dhúchais ag glúine atá níos sine a mhaireann fós. Ní shin le rá nach bhfuil sí i mbaol ar ndóigh, ach beag beann ar shainmhíniú oifigiúil na Náisiún Aontaithe, ba dheacair a shamhlú cén chaoi a bhféadfadh stáisiún náisiúnta craoladh ar feadh an lae seacht lá na seachtaine i dteanga atá marbh, cuir i gcás.

Fíorasc: Níl an Ghaeilge marbh


money-down-toilet

Áitiú 2: Caitear €1,200,000,000 in aghaidh na bliana ar an nGaeilge

Eascraíonn an figiúr sin, €1.2 billiún, ó ráiteas a rinne an Dr Edward Walsh in alt a scríobhadh ar The Sunday Independent ar an 17 Deireadh Fómhair 2010.

Mhaígh Walsh go gcaitear an méid sin airgid ar an nGaeilge sa chóras oideachais.

Bhunaigh sé a ráiteas ar an gcéatadán ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge mar chéatadán de bhuiséad iomlán na Roinne Oideachais.

Bhí tuairim is €9 billiún i mbuiséad na Roinne an bhliain sin 2010. Roinn Walsh an figiúr sin ar na hocht n-ábhar, ar an meán, a mhúintear ar scoil agus as sin a fuair sé an caiteachas €1.2 billiún ar an nGaeilge.

Ní chaitear ach tuairim is aon trian de bhuiséad na Roinne (€3 billiún in 2010) ar thuarastal múinteoirí agus caitear níos lú fós ar theagasc na Gaeilge.

Fiú dá bhfaighfí réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach scoile bheadh múinteoirí fós le híoc. Sa bhreis air sin, bheadh múinteoirí breise ag teastáil dá mbeadh ábhar eile le cur ar fáil. Anuas air sin, ní léir go sábhálfaí pingin den tuarastal a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge dá gcuirfí deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist chun ábhar roghnach a dhéanamh di.

Fíorasc: Ní chaitear €1,200,000,000 in aghaidh na bliana ar an nGaeilge ná baol air


files- Documents

Áitiú 3: Caitheann eagraíochtaí stáit ‘na milliúin agus na milliúin’ ar aistriú gach cáipéis go Gaeilge

Maítear go gcaitear gach cáipéis oifigiúil stáit a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge, agus go ndéantar é sin go comhuaineach.

Níl ceachtar de na háitithe sin fíor.

De réir dlí, ní gá ach liosta fíortheoranta ar fad de cháipéisí oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Is gá d’eagraíochtaí stáit a dtuarascáil bhliantúil agus airgeadais a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Is gá go bhfoilseofaí cáipéisí ina mbeadh “togra beartais phoiblí” i nGaeilge agus i mBéarla go comhuaineach freisin ach is fíor-annamh go mbeadh a leithéid de cháipéis ag comhlacht stáit sa tír seo.

Caithfidh roinnt bheag eagraíochtaí stáit a ráitis straitéiseacha a fhoilsiú go dátheangach. Is le Ranna Rialtais is mó a bhaineann an ceangal sin.

Chomh maith leis sin, foilsíonn eagraíochtaí stáit na mílte cáipéis oifigiúil eile gach bliain agus níl aon riachtanas i gceist lena bhfoilsiú go dátheangach.

Maidir leis na “tens of millions” a mhaítear a chaitear ar aistriú cáipéisí Gaeilge, tá na figiúirí sin bunaithe ar áibhéil agus míthuiscint.

Foilsíodh scéal sna meáin Bhéarla in 2009, mar shampla, inar maíodh gur caitheadh €36,000 ar leagan Gaeilge de Dhréachtphlean Forbartha Contae.

Tháinig sé chun solais i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2010 gur “costas gan bunús” a bhí sa mhéid a luadh.

“Shoiléirigh an Chomhairle gur €361,868 an meastachán a bhí ar an gcostas iomlán a bhain le hullmhú an Dréachtphlean agus gur €10,112 den tsuim sin a bheadh le caitheamh ar an aistriúchán go Gaeilge.

Bhí an céatadán den caiteachas iomlán a bhí le déanamh ar sholáthar an leagain Ghaeilge íseal go maith (2.7%).

Ach níorbh é an fíorfhigiúr sin, beagán le cois €10,000, a luadh mar chostas ar an leagan Gaeilge i dtuairisc nuachtáin ach costas gan bhunús €36,000. Níor dúradh sa tuairisc sin ach an oiread gur bhain costas breis agus aon tríú milliún euro le hullmhú an Dréachtphlean i mBéarla.

FíorascNí chaitear gach cáipéis stáit a chur ar fáil i nGaeilge agus ní chaitear “na milliúin” á n-aistriú


Block laying Building

Áitiú 4: Tugtar ualach deontas do mhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a labhairt, le tithe a thógáil srl srl

Bhíodh deontais ar fáil ó Roinn na Gaeltachta san am atá thart do thithíocht, d’athnuachan baile, d’fheabhsú bóithre agus céanna agus araile.

Tá na deontais sin imithe le roinnt mhaith blianta anois agus ní fhaightear aon deontas sa Ghaeltacht le “fuinneoga a chur ar thithe” mar a mhaítear go minic. Tá deireadh chomh maith le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2010. Déarfadh daoine áirithe gur botún a bhí ansin, ach pé scéal é ní íoctar deontas a thuilleadh le daoine as Gaeilge a labhairt.

Tá deontais ar fáil le haghaidh eagraíochtaí pobail agus áiseanna pobail sa Ghaeltacht. Tá formhór na ndeontas dírithe ar an bpróiseas pleanála teanga agus cuirtear an t-airgead ar fáil le rudaí a chabhródh leis an bpobal an teanga a láidriú agus a chothú sa Ghaeltacht. Cabhraíonn an Roinn leis na coláistí samhraidh freisin, a chuireann go mór le geilleagar na gceantar Gaeltachta.

Fíorasc: Tá deireadh don chuid is mó leis na deontais Ghaeltachta agus baineann na deontais bheaga atá anois ann le pleanáil teanga


bunreacht Constitution

Áitiú 5: Glacann an reachtaíocht Ghaeilge áit na reachtaíochta Béarla

Deirtear go minic gurb é an leagan Gaeilge den reachtaíocht an leagan is údarásaí agus gur de réir an leagain Gaeilge a chaithfí an dlí a chur i bhfeidhm sa chás go mbeadh doiléire nó débhríocht i gceist.

Is fíor sin i gcás Bhunreacht na hÉireann agus sin amháin. Ní bhaineann sé le haon dlí eile a thugtar isteach.

Tá an méid sin soiléir ó Airteagal 25 den Bhunreacht féin, ‘Dlíthe a Shíniú agus a Fhógairt’.

“Ní foláir an téacs den dlí sin lena mbeidh lámh an Uachtaráin nó, i gcás lámh an Uachtaráin a bheith le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an dlí sin, an dá théacs sínithe sin a chur isteach ina iris nó ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí, agus is fianaise

dhochloíte ar fhorálacha an dlí sin an téacs a chuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a chuirfear isteach ina n-iris, amhlaidh,” a deirtear sa Bhunreacht.

Deirtear freisin gurb ag an leagan a chuirtear isteach san iris a bheidh an forlámhas.

Fágann sé sin gur ag an leagan Gaeilge a bhíonn an forlámhas sa chás go gcuirtear an leagan Gaeilge agus leagan Béarla de dhlí ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí.

Tá a fhios ag an saol gur i mBéarla amháin a scríobhtar formhór na ndlíthe sa tír seo agus is fíor-annamh a scríobhtar aon dlí i nGaeilge ar dtús.

Is fíor-annamh a tharlaíonn sé go gcuirtear an dá leagan, leagan aistrithe Gaeilge agus bunleagan Béarla, den dlí “ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí”.

Sa chás go gcuirtear leagan Béarla agus sin amháin isteach sa leabhar is ag an leagan Béarla a bheidh an forlámhas.

Fíorasc: Is ag an leagan Béarla atá an forlámhas i gcás fhormhór na ndlíthe a ritheadh sa stát seo óna bhunú, mar sin.