Tá ábhar leabhair i scéal na ndaoine nár tógadh le Gaeilge ach a thug an Ghaeltacht orthu féin

Bhí an Ghaeilge ag éirí tanaí i dTiobraid Árann faoin am a raibh Pádraig Ó hAoláin ina gharsún ach thug sé aghaidh ar Chonnacht na Siúrdánach

Tá ábhar leabhair i scéal na ndaoine nár tógadh le Gaeilge ach a thug an Ghaeltacht orthu féin

Ceann de na sloinnte ar fiafraíodh eolas díom ina dtaobh agus mé ag labhairt ar ainmneacha daoine cheana ab ea ‘Jordan’, nó ‘Mac Siúrtáin’ i nGaeilge. Is cosúil go ndearnadh ‘d’ den ‘t’ le haimsir agus is minic a fheictear ‘Mac Siúrdáin’ anois dá bharr.

I gCloch Shiúrdáin a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó hAoláin, a cailleadh le déanaí. Tamall soir ó dheas uaidh a rugadh an t-údar Séamus Ó Maolchathaigh, a scríobh An Gleann is a Raibh Ann, mar a bhfuil cuntas ar chuid Thiobraid Árann de Ghaeilge na nDéise.

Deir Edward MacLysaght in The Surnames of Ireland i dtaobh an tsloinne ‘Jordan’: 

Mac Siúrtáin. A Gaelic patronymic adopted by the d’Exeter family, one of those which acquired estates in Connacht after the Anglo-Norman invasion; that territory was later called MacJordan’s country. The name is now numerous in all the provinces.

Bhí an Ghaeilge ag éirí tanaí i dTiobraid Árann faoin am a raibh Pádraig Ó hAoláin ina gharsún, agus dhealródh gurb iad pobal Gaeltachta Chonamara an chéad phobal Gaeltachta a casadh i gceart air agus é i mbun tógála i Sasana. D’fhill duine eile de threabh na Siúrdánach ar Chonnachta sara i bhfad. 

Thug sé an grá don iomáint siar leis go ceantar peile Chois Fharraige agus Chonamara, agus más sna Forbacha a chuir sé faoi, ba le Cumann Lúthchleas Gael an Spidéil a bhain sé, de réir tuairisce. 

Ó chloch go cloch ab ea cuid den turas aige, óir tá ‘Cloch na Scíthe’ taobh thoir de pháirc imeartha an Spidéil, agus ‘Cloich na nGabhar’ siar ó dheas uaidh. Deir an scoláire Tomás Ó Concheanainn go síneann Baile an tSagairt ó Chloich na nGabhar ‘ar an gcladach suas go Trosca na gCapall’, agus níl i gcloch sin na ngabhar ach cuid an bheagáin de na clocha a luaitear i logainmneacha an cheantair. 

Imrítear an iomáint anois, taobh leis an bpeil, sa Spidéal agus i gceantar Chois Fharraige trí chéile, agus í ag éirí níos faiseanta i measc an aosa óig ann. 

Maidir leis an sloinne ‘Ó hAoláin’, is cosúil gur leagan malartach é de ‘Ó Faoláin’, áit a gciallaíonn ‘faolán’ ‘mac tíre beag’. ‘Ó hOileáin’ leagan malartach eile a deirtí leis an sloinne i gConnachta tráth, agus tuairiscítear nach raibh Pádraig an Údaráis beag beann ar na hoileáin, agus baint aige le bunú na heagraíochta ‘Muintearas’, tréith a luadh go minic leis an bhfear. Níor scar sé riamh lena fhód dúchais – móin Thiobraid Árann amháin a dhódh sé, tar éis a bhfuil de phortaigh in iarthar na Gaillimhe. 

Tá ábhar leabhair i scéal na ndaoine nár tógadh le Gaeilge ach a thug an Ghaeltacht orthu féin agus a thóg a gclann le Gaeilge, dála mar atá i scéal na ndaoine a tógadh sa Ghaeltacht agus a thóg a gclann le teanga a sinsear lasmuigh di.

Fág freagra ar 'Tá ábhar leabhair i scéal na ndaoine nár tógadh le Gaeilge ach a thug an Ghaeltacht orthu féin'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mír spéisiúil ag Kevin, mar is dual dhó. Seo blúirín beag eolais le cur leis: bhí an Ghaeilge imithe i léig thart ar Cloch Shiúrdáin agus i dTiobrad Árann Thuaidh go ginearálta roimh aimsir an Ghorta. An áit inar tógadh Séamas Ó Maolchatha, údar ‘An Gleann is a Raibh Ann’, tá sé 100km ó dheas ó Chloch Shiúrdáin ar theorann Co Phort Láirge. Mhair an Ghaeilge sa gceantar tuaithe sin, thart ar an gCaisleán Nua, an ceantar arb as an Teachta Dála Mattie Mc Grath isteach sa 20ú aois. Thug an stáit aitheantas Gaeltachta don cheantar i 1929.

    Ba as an baile fearann ‘An Lochán’ do Phádraig, gar do Chloch Shiúrdáin. Maidir le Cloch Shiúrdáin, is áit spéisiúil é sa mhéid is gur sráidbhaile éagsúil a bhí ann. Seo mar a chuir Pádraig síos ar Chloch Shiúrdáin in agallamh leis a foilsíodh san iris Pléaracha 2005: “Baile áithrid é Cloch Siúrdáin ó thaobh an phobail de mar tá chúig eaglais nó chúig chreideamh difriúil ann, rud atá neamhchoitianta. Plandáileadh é i rith réimeas an Bhanríon Eilís, baile Cromallach a bhí ann i ndáiríre agus tá a rian sin ar go leor de ghnéithe de shaol an bhaile.” Tá a rian le feiceáil ar na logainmneacha seo mar shampla: Stoneyacre, Oxpark, Islandwood, Burntwood, Cowbawn, Newtown, Mertonhall, Clermont, Whitstone, Hilton, Middlewalk, logainmneacha a fhéadfadh a bheith i sráidbhaile i Sasana chomh maith céanna.

    San agallamh céanna thug Pádraig creidiúint don mhúinteoir a bhí aige i gCloch Shiúrdáin, Ross Williams, as a spéis sa Ghaeilge a mhúscailt i dtosach ach mar a dúirt Kevin chas sé le teanga bheo na Gaeltachta ag obair ar na tulláin i Sasana le muintir Chonamara.

    Ceartúchán beag: Ní inniu ná inné a thosaigh an iománaíocht sa Spidéak. Tá traidisiún fada iománaíochta sa Spidéal. Cuireadh foireann iománaíochta le chéile sa Spidéal thart 1912/13, mar a leiríonn tuairiscí ón RIC áitiúil a cuireadh go Caisleán Áth Cliath.