‘Cén t-ainm atá ortsa?’ Sraith nua ar chúrsaí ainmneacha…

Tá dlúthbhaint ag ár n-ainmneacha lenár dtuiscint orainn féin, a deir ár gcolúnaí. An chéad alt i sraith alt ar chúrsaí ainmneacha

‘Cén t-ainm atá ortsa?’ Sraith nua ar chúrsaí ainmneacha…

Glacann an chuid is mó de mhuintir na hÉireann leis anois go bhfuil dhá leagan dá n-ainm agus dá sloinne ann.

Tráth dá raibh, ba bheag idir an dá rud mar b’ionann ainm agus sloinne le fírinne. Thart faoin mbliain 900, nuair a d’iompaigh an tSean-Ghaeilge ina Meán-Ghaeilge, a tosaíodh ag úsáid sloinnte seachas an seanchóras a bhíodh ann.

De réir an tseanchórais, ba é an nós a bhí ann ná leithéid ‘Máirtín, mac Thomáis, mac Sheáinín’ a rá. Is léir go bhfuil macalla den chóras sin fós beo sa Ghaeltacht agus sinn ag cuimhneamh ar leaganacha de chineál ‘Máirtín Tom Sheáinín’.

I mbeagán focal, is as céadainmneacha atá go leor de shloinnte na hÉireann déanta.

Tar éis na gcloch Oghaim, is sna lámhscríbhinní agus sna hAnnála a fuarthas a leithéid seo d’eolas, agus is dealraitheach go mb’fhéidir gur sa tríú haois déag a d’éirigh córas na sloinnte coitianta. Ba phíosa maith roimhe sin, áfach, a thángthas ar na chéad samplaí díobh.

In Annála Uladh atá an chéad taifead de Ua (Ó) le fáil, agus an méid sin á chur in iúl le H. na Laidine. Cúpla céad bliain ina dhiaidh sin (AD 1171), castar Diarmaid Mac Murchada orainn i Leabhar Laighean, an chéad taifead atá againn ar Mac.

Más é gaol an mhic leis an seanathair agus leis an athair is mó a léirítear le Ua agus Mac faoi seach, tá roinnt sloinnte ann ar de dhéantús aidiachtaí iad, ina measc Caomhánach (Kavanagh), Déiseach (Deasy), agus Laighneach (Lynagh).

Leis an ngrúpa céanna a bhaineann Breat[h]nach, sloinne a thug na Normannaigh isteach chugainn, faoi mar a rinne siad le Mac Gearailt (Fitzgerald), Mac Muiris (Fitzmaurice), de Búrca (Burke), de Paor (Power), de Buitléir (Butler), agus Feir[i]téar/Firtéir (Ferriter).

I gCorca Dhuibhne a bhailigh go leor de mhuintir Feir[i]téir/Firtéir, mar is eol do léitheoirí Tuairisc.ie. Píosa ó thuaidh uathu a bhí mo dhream féin, muintir Uí Íceadha, dochtúirí a bhíodh ag freastal ar na huaisle i dTuaisceart na Mumhan, go háirithe i Luimneach, i dTiobraid Árann agus i gContae an Chláir.

‘Ící’ an litriú atá anois ann i bhFoclóir Uí Dhónaill, focal a chiallaíonn ‘fear leighis’ nó ‘bean leighis’ de réir dealraimh. Chífeá idir Ó hÍcí agus Ó hIcí sa lá inniu, cé go bhfuilid ann a chloíonn leis an seanlitriú den sloinne. Deirtear gur mó litriú atá ar an sloinne céanna, áfach, agus ní lia duine ná tuairim.

Is nós liom féin Ó hIcí, gan síneadh fada ar an gcéad ‘i’, a úsáid i gcomhthéacs oideachais, cuir i gcás, ach cuimhním i gcónaí ar an ainm Micí Ó hÍcí, duine de chomharsana Phádraig Tyers, trócaire orthu beirt, a luaitear sa leabhar gleoite Sliabh gCua M’Óige.

Feictear idir Hickey, O’Hickey agus (O’)Hickie mar leaganacha Béarlaithe den sloinne anois.

An litriú simplithe atá agam ar an leagan Gaeilge de m’ainm baiste, leis – Caoimhín – cé gur fearr de léiriú ar bhrí an ainm é an seanlitriú: Caoimhghín.

Má bhainimid an síneadh fada d’eireaball an ainm, is é atá ansin againn, Caoimh-ghin. Is ionann Caoimh-ghin agus ‘giniúint chaomh’. Sin is brí leis an bhfocal.

Deir Máire Mhac an tSaoi go mbíonn ‘iarracht den scitsifréine ag roinnt leis an dátheangachas’, go háirithe dóibh siúd a úsáideann dhá leagan dá n-ainm; agus tá labhartha ag an Ollamh Liam Mac Mathúna ar an gcaidreamh míshuaimhneamh nó ‘uneasy relationship’ atá idir an dá leagan sin ó thaobh na féiniúlachta de.

Labhróidh mé tuilleadh faoi na cúrsaí sin sa chéad alt eile, mar a bhféachfaimid ar an tionchar a d’imir cúrsaí aistriúcháin ar ainmneacha daoine, agus ar an méid a tharla ‘ó buaileadh Cath Chionn tSáile’. Caithfear súil, leis, ar ainmneacha na mban.

Idir an dá linn, céard is brí le d’ainmse? Roinn do chuid eolais linn thíos más maith leat.

Fág freagra ar '‘Cén t-ainm atá ortsa?’ Sraith nua ar chúrsaí ainmneacha…'

  • Niamh Jordan

    Hi Kevin, Cad as a thagann an ainm “Jordan” le do thoil? Is Corcaíoch mise leis an sloinne “Ní Shúilleabháin” agus is “Jordan” é m’fhear chéile ó oirthoir an Chláir, bheadh sé fháil amach faoi a ainm… Go raibh maith agat, Niamh Jordan

  • Muireann Ní Mhóráin

    Cén bhunús atá leis an ‘ a chuirtear anois le gach sloinne le O…’O, fiú anois le sloinnte Gaeilge. Ó’ Conchubhair, mar shampla?

  • Máiread

    Kevin,
    Bhí Mac Ailin ar mo sean-athair; Caothmhaoil ar mo athair agus Caimbéal ormsa. Ceist agam ort!
    Míle buíochas.

  • Máiread

    Kevin,

    Ceist agam ort. Bhí Mac Ailín ar mo sean-athair, Caothmhaoil ar mo athair agus Caimbéal ormsa.
    Míle buíochas.

  • Kevin Hickey

    A chairde,

    Tá ábhar ailt in bhur gcuid ceisteanna má fhoighníonn sibh liom. Tionchar nósanna poncaíochta an Bhéarla is cúis le huaschamóg a bheith le feiceáil le taobh Ó i sloinne Gaeilge.

    Le meas,

    Kevin

  • Carraig

    “Sloinnte Gael is Gall” le de Bhulbh

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Ó Cnáimhsí as an gceird ‘Cnáimhseachais’ , an é seo an t-aon sloinne a bhaineann le ceird na mban? Níl aon bhaint ag an t-ainm le cnámha mar a luaitear go minic!

  • Seathrún Mac Éin

    Tá freagra Kevin doiléir, fiú más fior dó go pointe. Is í fírinne an scéil, de réir mar a thuigim, go dtagann an uaschamóg i ndiaidh O i sloinnte Éireannacha ó mhíthuiscint Bhéarlóirí san 18ú haois ar an síneadh fada ar an Ó.
    Cén fáth gur Mac Éin seachas Ó hÉanna nó Ó hÉineacháin nó a leithéid an Gaelú agam ar Bird? Is amhlaidh a ghlac mo dheartháir – a bhí ceithre bliana níos sine ná mise – leis an leagan sin ar a chuid cóipleabhar don Ghaeilge is é ar scoil, cé nár bhain sé feidhm as – ná as leagan Gaelaithe ar bith eile – ina dhaidh sin. Leanas féin dá nós-san, ach choinnígh mé an leagan Gaeilge sin i ndiaidh dom an scoil a fhágáil agus is é Mac Éin atá orm i mo phas agus ar mo thicéid leabharlainne agus ar cháipéisí pearsanta eile. Bhí tirghrá i gceist ach bhí cúis eile agam chomh maith. Cé gur in Éirinn a rugadh agus a tógadh mé agus go bhfuilimid sa tír leis na céadta blian, mheasas nach nglacfaí liom mar Éireannach dá mbeadh ainm ró-ghallda orm – go háirithe dá mbeadh de dhánacht agam tuairimí a nochtadh, i gcúrsaí creidimh nó eile, nach mbeadh glacadh leo i measc mórán Gael, nó dá mbeadh tuin pas beag gallda ar mo chuid Béarla!