Spriocanna polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge leagtha amach ag an Aire Oideachais

Tá éileamh ar pholasaí náisiúnta don ghaeloideachas le fada agus bhí sé ar cheann de phríomhéilimh Chonradh na Gaeilge ar na páirtithe roimh an olltoghchán anuraidh

Spriocanna polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge leagtha amach ag an Aire Oideachais

Tá sé cinn de spriocanna leagtha amach ag an Aire Oideachais do pholasaí nua don oideachas Gaeilge ar fud an stáit.

Gheall an Rialtas polasaí cuimsitheach do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge sa chlár rialtais a foilsíodh in 2020.

Dúradh go dtabharfaí isteach polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ar fad, ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint na múinteoirí do gach cineál scoile.

Tá éileamh ar pholasaí náisiúnta don ghaeloideachas ann le fada agus bhí sé ar cheann de phríomhéilimh Chonradh na Gaeilge ar na páirtithe roimh an olltoghchán anuraidh.

Chomh maith leis an bpolasaí don Ghaeilge, gealladh freisin sa chlár rialtais go ndéanfaí líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á fháil acu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana agus go gcuirfí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil san áit a bhfuil ‘éileamh láidir’ ar a leithéid.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie gur ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

Na céatadáin chéanna daltaí a bhí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge in 2016 agus 2020, rud a fhágann go bhfuil pé fás a mbítí ag trácht air sna blianta atá caite in earnáil an ghaeloideachais ina lánstad le tamall.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Peadar Tóibín, rinne an tAire Oideachais Norma Foley cur síos ar na príomhspriocanna a bheidh sa pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire go mbeadh sé mar aidhm ag an bpolasaí creat a sholáthar chun oideachas trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar i scoileanna agus i láithreacha luathfhoghlama taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt sí go mbreathnófaí sa polasaí nua ar bhealaí ina bhféadfaí níos mó daoine le hardchaighdeán Gaeilge a chur ag obair san earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus freisin conas a d’fhéadfaí níos mó deiseanna a chruthú chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a bhunú.

Mhaígh an tAire go gcuirfí le líon na ndaltaí a bheadh ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge trí thacaíocht a thabhairt do naíonraí agus freisin go ndéanfaí iarracht an nasc idir pobal áite agus naíonraí sa cheantar a dhéanamh níos láidre.

Dúirt an tAire Foley chomh maith go ndéanfaí forbairt ar “pholasaí soiléir” maidir le hAonaid lán-Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla, polasaí conspóideach a bhfuil lucht an ghaeloideachais go mór in amhras faoi.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

13,871 dalta a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta sa stát i mbliana agus 13,597 dalta a chláraigh d’aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt Norma Foley go mbeadh an polasaí nua don oideachas Gaeilge ag teacht leis an obair atá á déanamh faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm ó 2017.

Gheall an tAire Foley go mbunódh a Roinn grúpa stiúrtha chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt don ghrúpa atá i mbun oibre ar an pholasaí nua don oideachas lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá sé tugtha le fios cheana gurb é an tAonad Gaeltachta sa Roinn Oideachais atá i mbun na hoibre sin. 

Léirigh an grúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta imní cheana gurb iad scoileanna agus daltaí na Gaeltachta a bheidh thíos leis an gcinneadh ualach oibre níos mó a chur ar an Aonad Gaeltachta. Ní raibh an Roinn Oideachais sásta a thabhairt le fios ag an am an raibh acmhainní breise á chur ar fáil dón aonad chun an obair bhreise a dhéanamh.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil “mórphlean don Ghaeilge sa chóras oideachais” ag teastáil chun dul i ngleic leis an iliomad fadhbanna a bhaineann leis an teanga sa chóras.

“Tinte a mhúchadh go rómhinic a bhíonn ar siúl againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus é ag labhairt i dTeach Laighean anuraidh.

Fág freagra ar 'Spriocanna polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge leagtha amach ag an Aire Oideachais'