Imní gurb í an Ghaeltacht a bheidh thíos le polasaí nua de chuid na Roinne Oideachais

Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais le forbairt polasaí don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Aonad Gaeltachta na roinne atá ag stiúradh na hoibre

Imní gurb í an Ghaeltacht a bheidh thíos le polasaí nua de chuid na Roinne Oideachais

Tá imní léirithe faoi chinneadh na Roinne Oideachais an tAonad Gaeltachta sa Roinn a chur i mbun oibre ar phlean nua náisiúnta don Ghaeilge.

Tá imní ann gurb iad scoileanna agus daltaí na Gaeltachta a bheidh thíos leis an gcinneadh go mbeidh ualach oibre níos mó ar an Aonad agus nach gcuirfear acmhainní breise ar fáil dó.

Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais le forbairt polasaí don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus dheimhnigh siad gur é an tAonad Gaeltachta atá ag stiúradh na hoibre sin.

Bunaíodh an tAonad Gaeltachta sa roinn chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Ní raibh an Roinn Oideachais sásta a rá le Tuairisc.ie an raibh sé i gceist acu acmhainní breise a chur ar fáil don aonad le freastal ar na cúraimí breise atá anois air.

Cé go bhfuil fáilte curtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh an scéal go bhfuil tús curtha le forbairt polasaí nua don ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, deir an eagraíocht gur “cúis mhór imní” dóibh gur faoin Aonad Gaeltachta a bheidh an obair uile.

“Tá súil againn nach mbeidh aon éifeacht ná tionchar ag an méid seo ar a bhfuil bainte amach ag an Aonad agus ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta nó go deimhin ar dhul chun cinn an pholasaí sin san am atá le teacht. Níl an obair seo ach ina tús agus tá na dúshláin is mó le sárú fós,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Dúirt Ní Chéilleachair go raibh soiléiriú lorgtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ón Aire Oideachais, Norma Foley, maidir le cé a bheadh ag stiúradh na hoibre ar an bpolasaí nua. Cuireadh ceist ar an aire chomh maith an raibh sé i gceist tuilleadh foirne a chur ag obair ar an bpolasaí nua náisiúnta amach anseo agus cén tionchar a bheadh ag an obair ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Níor freagraíodh na ceisteanna sin sa fhreagra a tháinig ón Roinn.

Dúirt Ní Chéilleachair go raibh cóip den litir a cuireadh chuig an Aire Oideachais seolta chomh maith chuig Airí na Gaeltachta agus chuig lucht na hardbhainistíochta sa Roinn sin.

“Tá obair mhór le déanamh ag an Aonad Gaeltachta mar atá agus dóthain ar a n-aire coinneáil leis an obair sin. Is cúis mhór imní dúinne go leagfaí ualach eile ar an Aonad gan na hacmhainní breise a chur ar fáil. Is ciorrú a bheadh ansin, dar linn, ar acmhainní na Gaeltachta.

“Is dea-scéala é seo ach níor cheart go mbeadh dream amháin thíos leis de bharr éachtaí dreama eile,” a mhaígh Ní Chéilleachair.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh nach raibh an obair phleanála ar an bpolasaí nua “ach ina tús ag an bpointe seo” agus go raibh “luach ar leith ag baint le taithí an Aonaid um Oideachas Gaeltachta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta” i bhforbairt an pholasaí nua.

“Tá an Roinn tiomanta do chur i bhfeidhm leanúnach rathúil an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus do chur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge sa chóras oideachais,” a dúradh.

“Déanfar an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt ag an am céanna le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus comhthreomhar leis.”

Fág freagra ar 'Imní gurb í an Ghaeltacht a bheidh thíos le polasaí nua de chuid na Roinne Oideachais'