An easpa fáis in earnáil an ghaeloideachais ‘tubaisteach’

Deir Sinn Féin nach bhfuil aon leithscéal ann don easpa scoileanna lán-Ghaeilge nua a tógadh agus an rialtas seo i gcumhacht

An easpa fáis in earnáil an ghaeloideachais ‘tubaisteach’

Deir Sinn Féin go bhfuil teip an Rialtais maidir lena ngealltanais i dtaobh na an ghaeloideachais “tubaisteach”.

Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, cur chuige Fhine Gael, Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais i leith an oideachais lán-Ghaeilge agus dúirt sé nach bhfuil “aon leithscéal” ann don easpa scoileanna lán-Ghaeilge nua a tógadh ó tháinig an comhrialtas i gcumhacht.

Tá sé mar sprioc sa chlár rialtais, a foilsíodh in 2020, go ndéanfaí líon na ndaoine óga i scoileanna Gaeilge a dhúbailt. In 2020, bhí 58,717 dalta ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, idir bhunleibhéal agus dara leibhéal. Don scoilbhliain 2022-23, bhí an figiúr sin tite go dtí 57,777. Tá an fás a bhí ag teacht ar chéatadán na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge stoptha ó tháinig an rialtas seo i gcumhacht chomh maith agus an figiúr tite ó 6.3% in 2019-2020 go dtí 6.1% i 2022-23.

Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc faoin dul chun cinn a bhí déanta i dtaca leis an sprioc faoi líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil oideachas lán-Ghaeilge a bhaint amach, dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais go bhfuil obair ar bun ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh ardú ar an sciar páistí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge mar sprioc sa pholasaí sin.

Dúradh freisin go bhfuil infheistíocht á déanamh i gcónaí ag an Roinn ag i ngaelscoileanna nua. Dúradh go bunaíodh trí ghaelscoil nua in 2021 agus gur bunaíodh gaelcholáiste nua in 2020 nuair a rinneadh iarbhunscoil neamhspleách d’aonad Gaeilge a bhí ag feidhmiú i scoil Bhéarla.

Geallúint eile a bhí sa chlár rialtais go gcuirfí gaelscoileanna agus gaelcholáistí in áiteanna a bhfuil éileamh mór ar a leithéid, ach tá cáineadh déanta freisin ar an easpa soláthair i dtaobh an oideachais lán-Ghaeilge.

Faoi láthair, tá feachtais ar bun i sé cheantar ar fud na tíre chun iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a thógáil. Táthar ag iarraidh gaelcholáistí nua chun freastal ar cheantair BÁC 2, 4, 6, 8, ar Choill na Silíní agus ar Shord i mBaile Átha Cliath, i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo, sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí agus i ndeisceart chontae na Mí.

“Bun agus barr na faidhbe ná nach bhfuil sé mar polasaí ag an Roinn gníomhú de réir a mbriathra maidir leis an ngeallúint an soláthar a dhúbailt.

“Níl ann ach moilleadóireacht. Ní gá fanacht ar a thuilleadh imscrúduithe nó tuarascálacha, tá éileamh ann nach bhfuil á shásamh, tá a fhios ag gach duine sin,” a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Tá suíomhanna ann ina bhféadfaí bogadh chun Gaelscoil nó Gaelcholáiste a bhunú, ach níl aon dul chun cinn déanta. Tá sé tubaisteach in áit dul chun cinn go bhfuil cúlú le feiceáil.”

Geallúint amháin a rinneadh sa chlár rialtais atá comhlíonta ná tacaíocht bhreise a thabhairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Buiséad os cionn €3 milliún a bheidh ag an eagraíocht sin in 2024.

Mhaígh an Tánaiste Micheál Martin ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine go raibh an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge á mhéadú de shíor ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas.

Fág freagra ar 'An easpa fáis in earnáil an ghaeloideachais ‘tubaisteach’'

  • Proinsias Breathnach

    Cinnte tá an easpa fáis in earnáil an Ghaeloideachais “tubaisteach”. Ach tá rud eile níos tubaistí.

    Tá comhartha ceiste faoi comh heifeachtach is atá an oideachas tré mheán na Gaeilge. Deirtear gur scoileanna “LánGhaeilge” iad na scoileanna atá faoin lipéid Gaeloideachas. Cén fáth go bhfuil ag teip urthu (na Gaelscoileanna / scoileanna Gaeltachta) dul i bhfeidhm ar furmhór na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt lena chéile taobh amuigh den scoil?
    Maidir le go leor leor daltaí ó na Gaelcholáistí agus na meánscoileanna Gaeltachta cén fáth nach mbíonn siad ar a gcompord ag caint i nGaeilge ag fágaint na meánscoile dóibh agus 14 bhliain caite acu ag foghlaim gach rud tré mheán na Gaeilge? Cén fáth nach mbíonn saol sóisilata tré mheán na Gaeilge ag an furmhór acu tar éis fágaint na meánscoile dóibh?

    Ceaptar gur ó na Gaelscoileanna / scoileanna Gaeltachta a thiocfaidh an 20% san earnán poiblí le Gaeilge líofa. Ag cursaí teanga comh lag sin an bhfuil sé sin réadúil? Eilfint eile sa seomra ná an cúrsa Ghaeilge “one size fits all” nach dtugann dúshlán ar bith dos na daltaí sna Gaelacholáistí agus na meánscoileanna Gaeltachta.