‘Oh God, yeah, cé a ghlacfas an Ghaeltacht?’ – ‘díomá’ ar iar-aire ó Fhine Gael faoi ‘bhotún’ an Taoisigh

Deir iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael gur ‘botún’ a bhí sa chinneadh polaiteoir de chuid Fhianna Fáil a cheapadh ina Aire Stáit Gaeltachta

‘Oh God, yeah, cé a ghlacfas an Ghaeltacht?’ – ‘díomá’ ar iar-aire ó Fhine Gael faoi ‘bhotún’ an Taoisigh

Tá “leithscéal” tugtha ag an Taoiseach nua, Simon Harris, do dhaoine cur chuige Fhine Gael i leith na Gaeilge a cháineadh, a deir iar-aire stáit Gaeltachta de chuid an pháirtí

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Dinny McGinley, iar-aire stáit as Gaeltacht Dhún na nGall, go raibh “díomá” air nár ghlac duine ar bith ó Fhine Gael leis an chúram.

D’fhág an cinneadh a rinne an Taoiseach nua Thomas Byrne a cheapadh ina aire stáit Gaeltachta in áit duine óna pháirtí féin go raibh “leithscéal” ag páirtithe eile Fine Gael a cháineadh, a deir Dinny McGinley, a bhí ina aire stáit don Ghaeltacht idir 2011-2014.

“Tá díomá orm nár ghlac duine ar bith leis an chúram agus anois tá páirtithe eile ag rá, níl suim ag Fine Gael sa Ghaeilge agus thug siad leithscéal do dhaoine é sin a rá,” arsa Dinny McGinley.

“Níor aontaigh mé leis. Sílim gur botún a bhí ann. Sílim go bhfuil daoine sa pháirtí a bheadh ábalta an cúram sin a ghlacadh. Sílim go ndearnadh an cinneadh róthobann agus nach ndeachaigh siad i gcomhairle le haon duine faoin chinneadh a rinne siad.

“Níl aon locht agam ar Thomas Byrne ach bhí an cúram sin ag Fine Gael agus sílim gur chóir díofa níos mó díchill a dhéanamh duine as an pháirtí a fháil a ghlacfadh an cúram air nó uirthi féin agus tá daoine ann,” a dúirt McGinley.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gurb é an plean a bhí ag an Taoiseach Simon Harris ar dtús ná aireacht na Gaeltachta a leagan ar Hildegarde Naughton, príomh-aoire an rialtais agus aire stáit, ach gur socraíodh ag an nóiméad deireanach go raibh dóthain ar a cúram aici cheana féin.

De réir tuairiscí éagsúla, theip ar Fhine Gael aon duine a fháil a raibh an Ghaeilge ná an tsuim acu teacht i gcomharbacht ar Patrick O’Donovan, an t-iar-aire stáit Gaeltachta a fuair ardú céime an tseachtain seo caite.

Mura raibh duine ar bith le Gaeilge ar fáil sa pháirtí, deir McGinley gur chóir go gceapfaí duine eile a bheadh sásta tabhairt faoin chúram agus sásta tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim agus iad sa ról.

“Ní shílim go bhfuil leithscéal ag duine ar bith a fuair oideachas sa tír seo gan tabhairt faoin chúram. Tá samplaí ann de dhaoine ar bheagán Gaeilge a d’fhoghlaim an teanga. Is cuimhin liom an tAire Rialtais Gaeltachta Tom O’Donnell, d’admhaigh sé nach raibh mórán Gaeilge aige agus bhí sé líofa sa Ghaeilge taobh istigh de bhliain nó dhó.

“Sampla eile Joe McHugh, nuair a tháinig sé isteach dúirt sé nach raibh cumas ar bith sa Ghaeilge aige ach thug sé dea-shampla do dhaoine agus d’fhéadfadh duine an rud céanna a dhéanamh arís.”

Dúirt McGinley gur léiriú a bhí sa scéal ar an “ísliú céime” atá tugtha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa rialtas le blianta beaga anuas.

“Le tamaill de bhlianta, bíonn an Ghaeltacht i gcónaí ar an smaoineamh deireanach agus is amhlaidh a tharla sa chás seo.

“‘Oh God, yeah, cé a ghlacfas an Ghaeltacht?’ Tá sé mar athsmaoineamh agus sílim go mbaineann sin leis an ísliú céime atá tugtha ag leibhéal rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nach mbíonn aire sinsearach ann agus cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge uirthi. Tugtar d’Aire Stáit é,” a dúirt McGinley.

Fág freagra ar '‘Oh God, yeah, cé a ghlacfas an Ghaeltacht?’ – ‘díomá’ ar iar-aire ó Fhine Gael faoi ‘bhotún’ an Taoisigh'

  • Gabriel Rosenstock

    An rud is tábhachtaí ná go n-oibreodh an duine a ceapadh sa phost go dian. Cheap Caligula
    seanadóir nua fadó agus bhíothas ag súil go ndéanfadh sé obair chapaill. Níor dheacair san, ar ndóigh. Capall ab ea é . . .