‘Mórphlean don Ghaeilge sa chóras oideachais ag teastáil seachas a bheith ag damhsa timpeall na faidhbe’

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar Choiste Oireachtais rún a rith le héileamh ar an Aire Oideachais polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt laistigh de bhliain

‘Mórphlean don Ghaeilge sa chóras oideachais ag teastáil seachas a bheith ag damhsa timpeall na faidhbe’

Is ag iarraidh dul i ngleic leis an iliomad fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais a bhítear de ghnáth d’uireasa mórphlean chun an teanga a chosaint agus a láidriú sna scoileanna.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, an méid sin agus na cúrsaí Gaeilge nua atá beartaithe don Ardteist á bplé ag Coiste Gaeilge an Oireachtais inné.

“Tinte a mhúchadh go rómhinic a bhíonn ar siúl againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais,” a dúirt de Spáinn ag an gcruinniú i seomra na Dála.

D’éiligh sé ar an gCoiste rún a rith go n-éileofaí ar an Aire Oideachais Norma Foley polasaí cuimsitheach náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt taobh istigh de bhliain, polasaí a dhéanfadh freastal ar dhaltaí “ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal”.

Thug páirtí an Aire Oideachais féin teachtaireacht láidir di ag cruinniú an lae inné  chomh maith nuair a dúradh go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan marcanna bónais.

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoi cheist na marcanna bónais.

Dúirt Julian de Spáinn go bhféadfaí an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, polasaí don Ghaelscolaíocht a gheall Joe McHugh agus é ina Aire Oideachais, agus polasaí don oideachas Gaeilge i scoileanna Béarla a thabhairt le chéile chun go mbeadh an Ghaeilge á cur chun cinn ag gach leibhéal sa chóras oideachais.

“Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus gach rud eile san áireamh,” a dúirt de Spáinn.

Mheas sé go mbítear ag “damhsa timpeall” ar fhadhbanna na Gaeilge sa chóras le fada an lá, seachas an “mórathrú” a bhí ag teastáil sa chóras oideachais a dhéanamh.

“Ba chóir di próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt agus, ar nós a rinneadh le forbairt an Pholasaí Oideachais Gaeltachta, ba chóir go mbeadh aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí, cruinnithe le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúchán.”

D’iarr de Spáinn freisin go rithfí rún ag tacú lena n-éileamh go gcuirfí siar an próiseas comhairliúcháin atá ar bun maidir leis na cúrsaí nua do scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Dúirt sé go ndéanfaí “ceap magaidh” den oideachas Gaeltachta má leantar ar aghaidh le cúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan marcanna bónais a bheith ag dul leis.

Léirigh suirbhé nua a chuir de Spáinn faoi bhráid Choiste an Oireachtais an míshástacht atá ar mhúinteoirí maidir leis na sonraíochtaí T1 agus T2, mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.

Breis is 300 múinteoir Gaeilge atá mar bhaill den ASTI a ghlac páirt sa suirbhé agus thug 71% acu le fios nach rabhadar sásta leis na hathruithe a bhí leagtha amach ar an gcuraclam sna sonraíochta nua.

Mheas 96% de na múinteoirí gur chóir an próiseas comhairliúcháin a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach in 2017

I suirbhé a rinne an eagraíocht An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, níos luaithe i mbliana, dúirt 95% gur cheart an comhairliúcháin a chur siar go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar chúrsa na Sraithe Sóisearaí ar dtús.

Fág freagra ar '‘Mórphlean don Ghaeilge sa chóras oideachais ag teastáil seachas a bheith ag damhsa timpeall na faidhbe’'

  • Bríd

    Munach Julien & Èamon..bheadh muid gan glór sna ceantair Ghaeltachta i leith an Oideachais Gaeltachta.
    Treise libh. Cur i gcéill an stáit chórais suntasach do uile dhuine anois…is beag is fiú na heagruis Ghaeilge eile.

  • Mairead de Faoite

    Omos mór tuilte ag Catherine Connolly

    Máiread